Sign in. It’s quick, free and it’s up to you.
An account is an optional way to support the work we do. Find out more.
Sign in. It’s quick, free and it’s up to you.
An account is an optional way to support the work we do. Find out more.
(This article is produced by our Gaeltacht team. You can read an English version of this story here.)
CÉ GO RAIBH an leabhar dírbheathaisnéise, Peig, ina chrá croí ag sciar de ghlúinte daltaí meánscoile a rinne staidéar air don Ardteist go dtí lár na 90idí, tá fianaise go fóill ag teacht chun solais a léiríonn gur bean cheannródach ab ea í a thug guth do mhná na Gaeltachta nach raibh acu roimhe sin.
Tá Mairéad ‘Peig’ Sayers a rugadh in 1873 á tabhairt chun cuimhne an mhí seo nó is i mí Iúil na bliana 1936 a céadfoilsíodh a leabhar, saothar inar chuir sí síos ar a beatha, an saol cruaigh a raibh aici óna hóige i nDún Chaoin agus a saol ar an oileán agus a filleadh arís go dtí an mhíntír.
Tá a saol á tabhairt chun cuimhne freisin in Ionad an Bhlascaoid Mhóir i nDún Chaoin, an pobal Gaeltachta inar rugadh agus ar tógadh í, a fuair bronntanas ar leith le seachtain anuas — cóip den gcéad eagrán de Peig.
“Táimid an-bhuíoch ar fad do Chaitlín Nic Amhlaigh a thug an leabhar luachmhar seo dhúinn,” dúirt Lorcán Ó Cinnéide, stiúrthóir an Ionaid, le The Journal. Iarmhúinteoir í an deontóir atá ina cónaí i mBaile Átha Seanaigh i dTír Chonaill.
Mhínigh Ó Cinnéide go raibh tábhacht ar leith leis an leabhar mar gheall gurb é an chéad saothar dá leithéid a thug guth do bhean Gaeltachta.
“Déanann an fhordhuilleog cur síos ar Pheig mar seo — ‘bean den gnáthmhuintir, Peig Sayers, an t-údar, ach bean neamhchoitianta í ar a feabhas chun scéalaíochta, ar a greann agus a suáilce d’ainneoin an chruatan a d’fhulaing sí, is ar a fealsúnacht i dtaobh cúrsaí saoil is ama.’”
Thug sé chun cuimhne freisin an méid a dúirt a athair féin, an file Caoimhín Ó Cinnéide, a raibh aithne aige ar Pheig go háirithe i dtreo dheireadh a saoil, faoin mbean. “Dúirt sé liomsa: bean mhór thufála, lán de chraic, lán d’eascainí agus lán de spiorad ab ea í,” dúirt sé.
“D’aithneofá go rabhais, déarfaimid, i láthair duine éigin go raibh seasamh aici, go raibh údarás aici agus rud le rá aici agus nach raibh aon leisce uirthi é a rá. Léamh é sin atá difriúil ar fad ar an saghas tuisceana a raibh ag daoine ón leabhar.”
Dúirt sé gur ó Pheig a tháinig an chnuasach is mó de scéalta atá i gcartlann Choláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, agus dúirt go raibh na céadta cóipeanna dá leabhar á ndíol gach bliain ag Ionad an Bhlascaoid, go háirithe an leagan Béarla.
Cé gur deineadh go leor cláracha teilifíse agus raidió is taighde is scríobh faoi Pheig, dúirt Ó Cinnéide nár deineadh aon iarracht scannán dramatúil a dhéanamh faoina saol.
“Is mó cainte a bhí ar scannán a dhéanamh faoi leithéidí ‘Fiche Bliain ag Fás’ — leabhar Mhuiris Uí Shúilleabháin — agus bhí script déanta faoi sin ag an bhfile Dylan Thomas,” dúirt sé.
Bhí An Cailín Ciúin againn roimhe seo agus an-tarraingt air — inseoidh an aimsir cé acu an mbeidh scannán dramatúil againn faoi Pheig, an cailín nach raibh ciúin, bean atá a glór á léamh go fóill beagnach 100 bliain tar éis do imeacht i gcló!
Tá tacaíocht á fháil ag Beartas Gaeltachta The Journal ón Scéim Tuairiscithe ar Dhaonlathas Áitiúil
To embed this post, copy the code below on your site
have your say