We need your help now

Support from readers like you keeps The Journal open.

You are visiting us because we have something you value. Independent, unbiased news that tells the truth. Advertising revenue goes some way to support our mission, but this year it has not been enough.

If you've seen value in our reporting, please contribute what you can, so we can continue to produce accurate and meaningful journalism. For everyone who needs it.

Bhí slua de thart ar dhá scór ag an léirsiú ag ceannaras Roinn na Gaeltachta sna Forbacha i gConamara inniu. Seo é Donncha Ó hÉallaithe ar dheis ag caint leis an slua. Sean O Mainnin via Tuairisc

Táimid ag lorg gníomh seachas caint ó Aire na Gaeltachta sa chéad bhliain eile, deir BÁNÚ

Tá Dara Calleary ina Aire le bliain ach níl ag éirí leis na spriocanna a leag sé roimhe a bhaint amach, deir grúpa Ghaeltachta.

(This article is produced by our Gaeltacht team. You can read an English version of this piece here)

BHAILIGH BREIS IS dhá scór ghníomhaithe ó Chonamara ag ceannaras Roinn na Gaeltachta am lón inniu chun a míshástacht a chuir in iúl faoi theip an Aire Dara Calleary, dár leo, na spriocanna a leag se roimhe nuair a ceapadh ina Aire é bliain ó shin a bhaint amach. 

Agus cé go raibh go leor gearáin breactha sa litir a thug an ghrúpa BÁNÚ don Roinn, ba léir freisin go raibh an dara seans á thabhairt d’fhear Mhaigh Eo dul i mbun gnímh sa chéad bhliain eile dá Aireacht.

Dúirt BÁNÚ go raibh an ghrúpa tar éis tréaslú leis Aire nuair a ceapadh é agus gur tugadh le fios an uair sin go raibh áthas orthu faoin mhéid a dúirt sé faoi dhul ‘i ngleic leis an bhfadhb tithíochta sa nGaeltacht’.

Agus é ag tabhairt an litir gearáin ar láimh don Roinn, dúirt Donncha Ó hÉalaithe, cathaoirleach an fheachtas-ghrúpa,  le The Journal go raibh an ghrúpa ag súil go dtabharfadh an Aire aird ar an méid atá ráite sa chaipéis. 

“Bheadh muide dóchasach, mar a déarfá, go dtabharfar aird ar an méid a bhí atá ráite leis sa litir agus go mbeidh, go bhfeicfidh muid gníomh,” dúirt sé. “Táimíd ag súil le gníomh seachas caint sa chéad bhliain eile.”

Dúradh freisin go raibh áthas orthu a fheiscint sa Chlár Rialtais go bhféadfaí ról a thabhairt d’Údarás na Gaeltachta dul i ngleic leis an easpa tithíochta agus thug siad le fios go raibh an fhadhb seo ag brú an chéad ghlúin eile tuismitheoirí, a fhéadfadh a páistí a thógáil le Gaeilge, amach as an nGaeltacht.

Cé gur éirigh leat méadú suntasach a fháil do Roinn na Gaeltachta sna meastúcháin don bhliain 2026, ní léir gur iarr tú aon airgead caipitil sna meastúcháin le caitheamh ar thithíocht sa nGaeltacht, in ainneoin na géarchéime agus na ngeallúintí i gClár an Rialtais.

“Go deimhin, níor cuireadh ar fáil ach €16,204,000 d’airgead caipitil ar fáil do Údarás na Gaeltachta sna meastúcháin: bhí €27,000,000 curtha ar fáil d’Údarás scór bliain ó shin i 2006, le caitheamh ar thograí caipitil sna meastucháin.”

Dúirt Bánú ina litir dá mbeadh an méid sin airgead caipitil curtha ar fáil ag an Aire sna meastúcháin don Údarás na Gaeltachta i mbliana, go ‘ligfeadh sé don  Údarás suíomhanna seirbhísithe a réiteach agus breis talaimh a cheannach dá mba gá, in áiteacha nach bhfuil talamh feiliúnach ag an Údarás faoi láthair’.

Léiríodh díomá freisin faoin mhoill ar threoirlínte pleanála don nGaeltacht a tugadh le fios i mi na Samhna sa Phlean Náisiúnta Tithíochta a nochtadh an mhí sin.  Bhí na treoirlínte sin geallta go mion is go minic ó 2022 ach tugadh le fios sa chaipéis tithíochta nach mbeadh Ráiteas Náisiúnta Pleanála i leith na Gaeltachta, an ainm nua ar na treoirlínte, ar fáil go dtí 2027.

“Dá bharr sin, tá an baol ann go mbeidh Pleananna Forbartha nua á n-ullmhú ag údaráis pleanála, ceal aon treoirlínte don Ghaeltacht. Deirtear linn anois go gcaithfear fanacht go 2027 leis an Ráiteas Náisiunta Pleanála faoi thithíocht sa nGaeltacht, atá geallta.”

Agus é ag caint le The Journal, bhí an méid seo le rá ag Ó hÉallaithe:

Fuair an Ghaeltacht níos mó tacaíochta ó Rialtas Westminster trí Bhórd na gCeantar Cúng ná mar atá á fháil anois.

Moladh an Aire as ‘obair mhaith’ a dhéanamh chun Bille Údarás na Gaeltachta a thabhairt go céim an choiste sa Dáil.  Chinnteodh reachtú an Bhille seo mbeadh toghcháin ann arís chun comhaltaí tofa a chuir ar bhórd an Údaráis, fé mar a bhí go dtí 2012. 

“An amhlaidh nach bhfuil do Roinn ag iarraidh go mbeadh toghchái ann i mbliana le cur ar chumas muintir na Gaeltachta, a gcuid ionadaithe féin  roghnú ar Bord Údarás na Gaeltachta?,” d’iarr siad sa litir. 

Tá iarratas seolta chuig an Roinn ag iarraidh léargas an Aire ar na gearáin atá déanta ag lucht na h-agóide. 

Tá tacaíocht á fháil ag Beartas Gaeltachta The Journal ón Scéim Tuairiscithe ar Dhaonlathas Áitiúil

Readers like you are keeping these stories free for everyone...
A mix of advertising and supporting contributions helps keep paywalls away from valuable information like this article. Over 5,000 readers like you have already stepped up and support us with a monthly payment or a once-off donation.

Close
Comments
This is YOUR comments community. Stay civil, stay constructive, stay on topic. Please familiarise yourself with our comments policy here before taking part.
Leave a Comment
    Submit a report
    Please help us understand how this comment violates our community guidelines.
    Thank you for the feedback
    Your feedback has been sent to our team for review.

    Leave a commentcancel

     
    JournalTv
    News in 60 seconds