Sign in. It’s quick, free and it’s up to you.
An account is an optional way to support the work we do. Find out more.
Sign in. It’s quick, free and it’s up to you.
An account is an optional way to support the work we do. Find out more.
(This article is produced by our Gaeltacht team. You can read an English version of this piece here)
BHAILIGH BREIS IS dhá scór ghníomhaithe ó Chonamara ag ceannaras Roinn na Gaeltachta am lón inniu chun a míshástacht a chuir in iúl faoi theip an Aire Dara Calleary, dár leo, na spriocanna a leag se roimhe nuair a ceapadh ina Aire é bliain ó shin a bhaint amach.
Agus cé go raibh go leor gearáin breactha sa litir a thug an ghrúpa BÁNÚ don Roinn, ba léir freisin go raibh an dara seans á thabhairt d’fhear Mhaigh Eo dul i mbun gnímh sa chéad bhliain eile dá Aireacht.
Dúirt BÁNÚ go raibh an ghrúpa tar éis tréaslú leis Aire nuair a ceapadh é agus gur tugadh le fios an uair sin go raibh áthas orthu faoin mhéid a dúirt sé faoi dhul ‘i ngleic leis an bhfadhb tithíochta sa nGaeltacht’.
Agus é ag tabhairt an litir gearáin ar láimh don Roinn, dúirt Donncha Ó hÉalaithe, cathaoirleach an fheachtas-ghrúpa, le The Journal go raibh an ghrúpa ag súil go dtabharfadh an Aire aird ar an méid atá ráite sa chaipéis.
“Bheadh muide dóchasach, mar a déarfá, go dtabharfar aird ar an méid a bhí atá ráite leis sa litir agus go mbeidh, go bhfeicfidh muid gníomh,” dúirt sé. “Táimíd ag súil le gníomh seachas caint sa chéad bhliain eile.”
Dúradh freisin go raibh áthas orthu a fheiscint sa Chlár Rialtais go bhféadfaí ról a thabhairt d’Údarás na Gaeltachta dul i ngleic leis an easpa tithíochta agus thug siad le fios go raibh an fhadhb seo ag brú an chéad ghlúin eile tuismitheoirí, a fhéadfadh a páistí a thógáil le Gaeilge, amach as an nGaeltacht.
Cé gur éirigh leat méadú suntasach a fháil do Roinn na Gaeltachta sna meastúcháin don bhliain 2026, ní léir gur iarr tú aon airgead caipitil sna meastúcháin le caitheamh ar thithíocht sa nGaeltacht, in ainneoin na géarchéime agus na ngeallúintí i gClár an Rialtais.
“Go deimhin, níor cuireadh ar fáil ach €16,204,000 d’airgead caipitil ar fáil do Údarás na Gaeltachta sna meastúcháin: bhí €27,000,000 curtha ar fáil d’Údarás scór bliain ó shin i 2006, le caitheamh ar thograí caipitil sna meastucháin.”
Dúirt Bánú ina litir dá mbeadh an méid sin airgead caipitil curtha ar fáil ag an Aire sna meastúcháin don Údarás na Gaeltachta i mbliana, go ‘ligfeadh sé don Údarás suíomhanna seirbhísithe a réiteach agus breis talaimh a cheannach dá mba gá, in áiteacha nach bhfuil talamh feiliúnach ag an Údarás faoi láthair’.
Léiríodh díomá freisin faoin mhoill ar threoirlínte pleanála don nGaeltacht a tugadh le fios i mi na Samhna sa Phlean Náisiúnta Tithíochta a nochtadh an mhí sin. Bhí na treoirlínte sin geallta go mion is go minic ó 2022 ach tugadh le fios sa chaipéis tithíochta nach mbeadh Ráiteas Náisiúnta Pleanála i leith na Gaeltachta, an ainm nua ar na treoirlínte, ar fáil go dtí 2027.
“Dá bharr sin, tá an baol ann go mbeidh Pleananna Forbartha nua á n-ullmhú ag údaráis pleanála, ceal aon treoirlínte don Ghaeltacht. Deirtear linn anois go gcaithfear fanacht go 2027 leis an Ráiteas Náisiunta Pleanála faoi thithíocht sa nGaeltacht, atá geallta.”
Agus é ag caint le The Journal, bhí an méid seo le rá ag Ó hÉallaithe:
Fuair an Ghaeltacht níos mó tacaíochta ó Rialtas Westminster trí Bhórd na gCeantar Cúng ná mar atá á fháil anois.
Moladh an Aire as ‘obair mhaith’ a dhéanamh chun Bille Údarás na Gaeltachta a thabhairt go céim an choiste sa Dáil. Chinnteodh reachtú an Bhille seo mbeadh toghcháin ann arís chun comhaltaí tofa a chuir ar bhórd an Údaráis, fé mar a bhí go dtí 2012.
“An amhlaidh nach bhfuil do Roinn ag iarraidh go mbeadh toghchái ann i mbliana le cur ar chumas muintir na Gaeltachta, a gcuid ionadaithe féin roghnú ar Bord Údarás na Gaeltachta?,” d’iarr siad sa litir.
Mar fhreagra ar an agóid, d’éisigh an Roinn raiteas le The Journal inar leag siad béim ar an méid a bhí bainte amach ag an Aire le linn a chéad bhliain, le béim ar leith ar an mhaoiniú breise a ghnóthaigh sé don Roinn sa Bhuiséad.
Maidir le cúrsaí tithíochta bhí an méid seo le rá ag urlabhraí na Roinne.
Baineann saincheisteanna tithíochta leis an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta. Níl aon ról ag an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta i mbeartas tithíochta.
“É sin ráite, is saincheist an-tábhachtach don Aire Calleary í tithíocht sa Ghaeltacht agus bhí roinnt chruinnithe aige leis an Aire Tithíochta, James Browne TD, chun é seo a phlé,” dúirt urlabhraí na Roinne
Agus é ag tagairt don dúshlán a tugadh don Roinn maidir le reachtáil thoghcháin an Údaráis, d’aithin urlabhraí na Roinne gurb é príomh ghnó Bhille Údarás na Gaeltachta na toghcháin a reacháil arís, go raibh leasuithe á dhéanamh ar an mBille faoi láthair a ligfeadh don Údarás ‘talamh a dhíol le comhlacht tithíochta ceadaithe nó le húdarás tithíochta nó a dhiúscairt ar shlí eile chuig an gcéanna, chun tithíocht a sholáthar sa Ghaeltacht’.
“Tá obair thábhachtach ar bun ag Údarás na Gaeltachta ar mhaithe le fóstaíocht a chur ar fáil do phobal na Gaeltachta agus ní bheadh sé cuí aon rud a dhéanamh a laghdódh an bhéim atá ag an eagraíocht ar chomhlíonadh an róil sin.”
Tá tacaíocht á fháil ag Beartas Gaeltachta The Journal ón Scéim Tuairiscithe ar Dhaonlathas Áitiúil
To embed this post, copy the code below on your site
have your say