We need your help now

Support from readers like you keeps The Journal open.

You are visiting us because we have something you value. Independent, unbiased news that tells the truth. Advertising revenue goes some way to support our mission, but this year it has not been enough.

If you've seen value in our reporting, please contribute what you can, so we can continue to produce accurate and meaningful journalism. For everyone who needs it.

Ceapadh Pól Deeds ina Choimsinéir Ghaeilge fén Acht Féiniúlachta agus Teanga 2022 Alamy Stock Photo

Dul chun cinn déanta ag an Coimisinéir Gaeilge - in ainneoin freasúra ó mhionlach glórach

Tá an Choimsinéirí GBaeilge ó thuaidh ag súil go mbeidh sé ag dréachtú caighdeáin dea chleachtais i leith na Gaeilge le linn an tSamhraidh agus go mbeidh siad ag dul ós comhair an phobail go luath ina dhiaidh sin, thug sé le fios in agallamh eisíach le The Journal.

(This article is produced by our Gaeltacht team. You can read an English version of this piece here)

BEIDH TAIGHDE SHUNTASACH faoi na caighdeáin dea-chleachtais a bheidh le cur i bhfeidhm ó thuaidh maidir le húsáid na Gaeilge go poiblí á chur i láthair ag comhdháil i mBéal Feirste an mhí seo idir coimisinéirí teanga ar an oileán seo agus sa Bhreatain maraon le gníomhaithe teanga is ionadaithe rialtais.

Thug Pól Deeds, Coimisinéir Ghaeilge Thuaisceart Éireann, an méid sin le fios agus é ag caint an tseachtain seo le The Journal tar éis sé mhí bheith caite aige sa phost.

Ní sé mhí gan conspóid a raibh ann sa mhéid is go bhfuil Deeds faoi ionsaí leanúnach ag mionlach glórach de ghníomhaithe Aontachtacha atá ag cur in éadan aon dul chun cinn maidir le súntas poiblí bheith ag an Ghaeilge ó thuaidh.

Le linn an ama sin bhí cásanna cúirte ann faoin easpa chomharthaíochta Gaeilge ag an Lár-Stáisiún Iompair i mBéal Feirste (Grand Central), feachtas comharthaíochta dhátheangaí i bPort an Dúnáin agus easpa straitéise Gaeilge Fheidhmeannas an Tuaiscirt.

Tá pobalbhreitheanna éagsúla ag tabhairt le fios go bhfuil an freasúra is lú riamh ag an nGaeilge ó thuaidh agus, ag an deireadh seachtaine, foilsíodh torthaí an tsuirbhé Life & Times is déanaí inar thug 56% d’fhreagróirí le fios gur chuir an Ghaeilge le héagsúlacht agus saibhreas Thuaisceart Éireann.

Aithníonn an Coimisinéir an dul chun cinn atá déanta i mBéal Feirste tar éis gur aontaigh comhghuaillíocht leathan de pháirtithe – gach páirtí seachas na páirtithe Aontachtacha – tacú le polasaí láidir Gaeilge sa chomhairle cathrach le déanaí. Aontaíodh an dréacht an Fhómhair seo cháite ach chuaigh an polasaí críochnaithe os comhair an Chomhairle ag tús na míosa seo agus d’aontaigh móramh mór de chomhairleoirí an polasaí an tseachtain seo cáite ag an gcruinniú céanna ag a toghadh cainteoir Gaeilge ó iarthar na cathrach, Róis-Máire Donnelly, ina hArd-Mhéara.

Faoi láthair tá Deeds ag obair ar an oifig atá aige a fhorbairt, daoine a earcú agus buiséad a mhéadú dá réir. Feiceann sé go mbeidh gá le foireann breise chun déileáil le gearáin ón bpobal nuair a bheidh caighdeáin maidir le feiceálacht na Gaeilge go poiblí – atá aontaithe ag an bhFeidhmeannas – i bhfeidhm.

Pól Deeds Coimisinéir Ghaeilge Thuaisceart Éireann Pól Deeds agus é ag freagairt ceisteanna úrláir tar éis do caint a thabhairt ag Ard Fheis Chonradh na Gaeilge i mBéal Feirste i mí Feabhra. Eoghan Ó Néill Eoghan Ó Néill

Ón am a chuaigh sé i mbun gnó i lár na Samhna, bhí targaid ar a dhroim ag dream beag de ghníomhaithe sa phobal Aontachtach ach lean sé air lena chlár oibre féin, ag bailiú eolais agus ag labhairt le daoine sna húdaráis ó thuaidh agus lena chomhionann ó dheas den teorainn, an Coimisinéir Teanga Séamus Ó Concheanainn, agus sa Bhreatain Bheag, Coimisinéir na Breatnaise, Efa Gruffudd Jones.

D’fhoghlaim sé go leor ó na cruinnithe sin agus tá sin in aigne aige agus é ag brú chun tosaigh.

“Tá níos mó de dhíth orainn de réir mar a rachaimid ar aghaidh leis an bpróiséas gearáin,” dúirt sé, ag tabhairt le fios go raibh sé tar éis go leor a fhoghlaim óna thuras chun na Breataine Bige faoin bhfás a d’fhéadfadh a bheith ar ghearáin.

“Sílim go bhfuil pobal na Gaeilge ag fánacht,” dúirt sé. “Beidh cuid mhór gearáin á gcur isteach.”

An obair is suntasaí atá sé tar éis tabhairt faoi ó ceapadh é, b’fhéidir, ná taighde a choimisiúnú ó Ollscoil Uladh chun na dea-chleachtais idirnáisiúnta is fearr maidir le mionteanga a fhiosrú agus a chur i láthair ag comhdháil a reachtálfar san ollscoil ag deireadh na míosa.

“Beidh ionadaithe ó na húdaráis phoiblí ann mar lucht éisteachta — tá an chomhdháil dírithe orthu siúd — is comhdháil dea-chleachtais maidir le mionteangacha atá i gceist.

“Beidh sin ag tarlú mar chuid den phróiséas chun dea-chleachtais a fhorbairt.”

Díreoidh an taighde atá coimisiúnaithe aige “ar an rud is dea-chleachtas ann” sna dlínsí ar fad ar na hoileáin seo – an Bhreatain agus Éire – agus go hidirnáisiúnta.

Dúirt sé go mbeadh taighdeoirí ann chun moltaí a dhéanamh faoin slí a bhainfí úsáid as na creatlaigh sin i gcomhthéacs Thuaisceart Éireann.

Is é sprioc Deeds go mbeidh na caighdeáin dea-chleachtais idirnáisiúnta is fearr maidir le mionteanga in úsáid i dTuaisceart Éireann ach, cé gurb é féin a mholfaidh iad, is iad an Chéad Aire agus an Leas-Chéad Aire a thabharfaidh a mbeannú dóibh sular cuirfear i bhfeidhm iad.

Beidh na caighdeáin á ndréachtú in Oifig an Choimisinéara i gcaitheamh an tSamhraidh agus ansan cuirfear amach ar chomhairliúchán poiblí iad.

“Mar sin tá na céimeanna uilig curtha in áit againn d’fhorbairt na gcaighdeán agus is dócha gurb é sin an bua is mó againn go dtí seo — go bhfuil an próiséas tosaithe agus go bhfuil conair fheiceálach ann ón áit a bhfuil muid anois go dtí na caighdeáin a bheith bronnta ar an gCéad Aire agus ar an Leas-Chéad Aire.”

Dúirt sé go raibh sé suntasach nach raibh siad ag tarraingt ar an eispéireas ó dheas amháin ach ar an taithí sa Bhreatain Bheag agus ar mhórchuid na hEorpa.

Thug sé le fios go mbeadh a chomhghleacaí, an Coimisinéir Albainis Uladh is Ionannais Briotanaigh, Lee Reynolds, ag freastal ar an gcomhdháil ag deireadh na míosa – rud a léiríonn na hiarrachtaí atá á ndéanamh ag Deeds daoine nach mbeadh ina dtacadóirí nádúrtha don Ghaeilge a thabhairt leis.

“Táim ag iarraidh sin a dhéanamh – sílim go gcaithfimid daoine a thabhairt le chéile faoin Acht seo.”

Creideann sé go dtugann an reachtaíocht faoinar bunaíodh a oifig “deis ollmhór” daoine ó gach cearn agus gné den tsochaí a thabhairt le chéile agus, ag an am chéanna, go maolóidh sin an “fhreasúra beag sin” – nó iad a chur ina dtost ar fad – “trí bhéim a chur ar chomhthuiscint a léiriú idir na pobail ar fad anseo.”

“Is misean saoil é sin domsa,” dúirt sé.

“Go pearsanta, sin rud a bheinn ag iarraidh a dhéanamh áit ar bith, ach sílim, mar Choimisinéir faoin Acht seo, go bhfuil sé de dhualgas orm na prionsabail sin a chur chun cinn.”

Bíodh is go bhfuil go leor bainte amach ag an gCoimisinéir ó thosnaigh sé ar an gcúram beagán breis is sé mhí ó shin, agus an chuma ar an scéal go mbeidh na caighdeáin atá sé ag moladh don Ghaeilge ó thuaidh os comhair an phobail go luath tar éis an tSamhraidh, is cinnte go bhfuil bóthar fada roimhe agus go leor constaicí le sárú go fóill.

Tá tacaíocht á fháil ag Beartas Gaeltachta The Journal ón Scéim Tuairiscithe ar Dhaonlathas Áitiúil

Readers like you are keeping these stories free for everyone...
A mix of advertising and supporting contributions helps keep paywalls away from valuable information like this article. Over 5,000 readers like you have already stepped up and support us with a monthly payment or a once-off donation.

Close
Comments
This is YOUR comments community. Stay civil, stay constructive, stay on topic. Please familiarise yourself with our comments policy here before taking part.
Leave a Comment
    Submit a report
    Please help us understand how this comment violates our community guidelines.
    Thank you for the feedback
    Your feedback has been sent to our team for review.

    Leave a commentcancel

     
    JournalTv
    News in 60 seconds