We need your help now

Support from readers like you keeps The Journal open.

You are visiting us because we have something you value. Independent, unbiased news that tells the truth. Advertising revenue goes some way to support our mission, but this year it has not been enough.

If you've seen value in our reporting, please contribute what you can, so we can continue to produce accurate and meaningful journalism. For everyone who needs it.

Síníodh an Comhaontú Sárthrádála idir an Aontas Eorpach agus an India Dé Chéadaoin. Alamy Stock Photo

Fáilte as Gaeilge Phríomh Aire Modi roimh chonradh trádála An India leis an Aontas Eorpach

Tá fáilte curtha roimh phostáil Narenda Modi as Gaeilge ar X ag cur fáilte roimh conradh trádála idir an dara agus an ceathrú cumhacht eacnamúil ar domhan.

(This article is produced by our Gaeltacht team. You can read an English version of this piece here)

TAR ÉIS DON Aontas Eorpach agus an India comhaontú trádála a aontú an tseachtain seo, chuir Príomh Aire India, Narendra Modi, iontas ar go leor tre fáilte a chuir roimh an mhargadh le postáil as Gaeilge ar á chuid ardáin mheáin shoisíalta.

Ina theachtaireachta as Gaeilge, dúirt an Phríomh Aire gur ‘cloch mhíle shuntasach inár gcaidrimh é conchlúid an  Chomhaontaithe Saorthrádála idir An India agus an tAontas Eorpach’.

“Gabhaim buíochas le ceannairí uile na hEorpa thar na blianta as a spiorad cuiditheach agus as a dtiomantas a rinne an éacht seo indéanta,” dúirt sé.

Neartóidh an comhaontú seo na ceangail eacnamaíocha, cruthóidh sé deiseanna dár muintir agus daingneoidh sé an chomhpháirtíocht idir an India agus an Eoraip ar mhaithe le todhchaí rathúil.

Tá teachtaireachtaí postáilte ag Modi, a áiritear mar pholaiteoir chonspóídeach i measc ceannairí domhanda, i dteangacha oifigiúla eile an Aontais Eorpaigh ag cur fáilte roimh an gconradh saorthrádála nua. 

Deir lucht a cháinte go bhfuil sé ag treorú an India i dtreo na h-éite deise agus tagraíonn siad dá chúlra mar náisiúnaí sa traidisiún Hiondúch.  Ach díríonn a thacadóirí áird ar an chabhair a thugann sé do na bochtáin tre íocaíochta leasa shoisíalta agus bealaí eile go bhfuil sé tar éis an India a chuir ar bhóthar a leasa. 

Ní raibh aon teachtaireacht as Gaeilge ó Uachtarán an Choimisiún Eorpaigh, Ursula Von Der Leyen.

Chuir go leor a chonaic a phostáil ar X fáilte roimis.  Dar le Criostóir Ó Faoláin, ba dhea scéal abea an chomhaontú saor-thrádála.  “Ní neart go cur le chéile,” dúirt sé.

Dar le Gearóid Ó Mórdha, tá moladh tuillte ag Modi as meas a léiriú ar theanga dhúchais na hÉireann. 

Bhí roinnt teachtaireachtaí cáinteacha freisin ó phostálaithe a léirigh míshástacht go raibh an Ghaeilge á úsáid, dar leo, ag duine ón iasacht.

Tá sé ráite ag scoláirí teanga agus cultúir go bhfuil ceangal laidir idir cultúr na hÉireann agus India agus is iomaí malartú chultúrtha a thárla idir an dhá thír.  Ar cheann acu seo bhí malartú ceolmhar ina raibh an chumadóir Peadar Ó Riada agus ceoltóirí móra le rá ó India,  Ustad Wajahat Khan, agus a léiríodh sa scannán Continuing Traditions leis an déantóir scannáin aitheanta Dónal Ó Céilleachair.

Tagann an scéal seo chun tosaigh agus é fógartha an tseachtain seo go mbeidh an Ghaeilge in úsáid in éineacht le Béarla agus Fraincís mar theangacha oifigiúla le linn téarma na hÉireann in Uachtaránacht an Aontais Eorpaigh sa dara leath den bhliain seo. 

 Tá tacaíocht á fháil ag Beartas Gaeltachta The Journal ón Scéim Tuairiscithe ar Dhaonlathas Áitiúil

 

 

 

 

Readers like you are keeping these stories free for everyone...
A mix of advertising and supporting contributions helps keep paywalls away from valuable information like this article. Over 5,000 readers like you have already stepped up and support us with a monthly payment or a once-off donation.

Close
JournalTv
News in 60 seconds