Sign in. It’s quick, free and it’s up to you.
An account is an optional way to support the work we do. Find out more.
Sign in. It’s quick, free and it’s up to you.
An account is an optional way to support the work we do. Find out more.
LAST UPDATE | 20 Nov 2025
(This article is produced by our Gaeltacht team. You can read an English version of this piece here)
Agus tús curtha inniu ag an chéad Choimisinéir don Ghaeilge a ceapadh i dTuaisceart Éireann lena théarma cúig bliana, tá áiteamh á dhéanamh air gan geilleadh do chur isteach ó pholaiteoirí.
I ráiteas a d’éisigh Conradh na Gaeilge, dúirt Uachtarán an eagrais, Ciarán Mac Giolla Bhéin go raibh clochmhíle bainte amach agus go raibh pobal Ghaeilge an Tuaiscirt tosnaithe ar ‘aistiear nua’.
Tugadh le fios freisin sa ráiteas go raibh cead ag Pól Deeds, a ceapadh sa ról ar thuarastal bhliantúil £88,268 (€100,000) an mhí seo cáite, feidhmiú gan cead a lorg ó Oifig an Chéad Aire agus Lean Chéad Aire agus é ag cur feidhmeanna áirithe dá oifig i bhfearas.
Ceapadh Deeds, a raibh i ról an Leas Phríomhfheidhmeannach ag Foras na Gaeilge go dtí sin, tar éis próiseas fada earcaíochta ar thosnaigh i mí na Márta.
Agus é faoi agallamh ar RTÉ ar a chéad lá oibre, nocht sé tuairim faoi cheann de na ceisteanna polaitiúla is mó atá ag tarraingt conspóide maidir leis an dteanga ó thuaidh.
Ba cheart go raibh comharthaíocht dá theangach sa Mór Staisiúin Láir/Grand Central Station – níl sa mhéid sin ach cloí leis an dea cleachtas idirnáisiúnta a deir gur cheart go mbeadh teangacha mionlaigh slán is dtiocfaidh siad faoi bhlath.
Bhí ról an Choimisinéara Gaeilge agus a chomhionann don dtraidisiún Briotanach is Albainis Uladh aontaithe mar chuid den chomhaontú, Ré Nua, Cur Chuige Nua/New Decade New Approach, a socraíodh idir na páirtithe i mí Eanáir 2020 chun deireadh a chur le leamhsháinn a thosnaigh i mí Eanáir 2017.
An uair sin chlis na hinstitiúidí roinnte cumhachta mar gheall ar aighneas faoi líomhaintí go raibh an Chéad Aire an uair sin, Arlene Foster, tar éis cead a thabhairt do scéim le h-aghaidh teas in-athnuaite a raibh mífheidhm á bhaint as ag daoine éagsúla ar chostas mhór do státchiste na Breataine.
Agus é ina Leas Chéad Aire ag an am, dúirt Martin McGuinness ó Shinn Féin go raibh sé buartha freisin faoi chinneadh Aire Pobail an DUP, Paul Givan, maoiniú de £50,000 a tharraingt siar don scéim Líofa a thacaigh le daltaí meánscoile ó thuaidh freastal ar chúrsaí Samhraidh sa Ghaeltacht.
Tá sé ina hábhar imní go mbeadh an iomarca smachta ag Oifig an Chéad Aire agus an Leas Chéad Aire ar fheidhmiú an Choimisinéara Gaeilge agus go n-úsáidfí an smacht seo chun moill a chuir ar bheartais a bheadh ar leas na Gaeilge agus an pobal a labhraíonn í ó thuaidh. Tá Michelle O’Neill ó Shinn Fein ina Céad Aire agus Emma Little-Pengelly ón DUP ina Leas Céad Aire is ceaptar go bhfuil an DUP meáite ar an oiread moille agus is féidir a chur ar bheartais ar leas na Gaeilge.
Anois, áfach, tá comhairle eisithe ag Conradh na Gaeilge ina dtugtar le fios gur féidir go mbeadh an Coimisinéir ábalta go leor a bhaint amach gan bheith ag brath ar chead a fháil ó Oifig an Chéad Aire agus an Leas Chéad Aire.
Thug Bainisteoir Abhcóideachta Chonradh na Gaeilge, an Dr Pádraig Ó Tiarnaigh, le fios i ráiteas a eisíodh aréir go raibh oifig an Choimisinéara Gaeilge “mar bhun-éilimint den Acht Féiniúlachta agus Teanga a ritheadh in Westminster in Nollaig 2022″.
I measc na ndualgais a bheidh ar an gCoimisinéir Gaeilge, beidh air caighdeáin teanga dea chleachtas a ullmhú chun treoir a chuir ar gach údarás poiblí ó thuaidh maidir le cur chun cinn na Gaeilge.
Mar chuid de na caighdeáin teanga seo, beidh sraith polasaithe dea-chleachtais maidir le cumarsáid, soláthar seirbhísí, comharthaíocht, comhfhreagras, oiliúint foirne agus eile.
“Beidh sé faoin Choimisinéir nua na caighdeáin teanga sin a dhréachtú, ach beidh sé faoin Chéad-Aire agus faoin Leas-Chéad Aire iad a cheadú,” dúradh i ráiteas an Chonartha.
“Sa chás nach mbíonn na hAirí sin ar aon ghuth maidir leis na caighdeáin teanga, nó sa chás nach bhfuil an Feidhmeannas ann, bronann an tAcht úr cumhachtaí ar Rúnaí Stáit na Breataine na caighdeáin sin a cheadú díreach.”
I ráiteas an Chonartha, leagadh béim ar chumhacht eile atá ag an Choimisinéir Gaeilge, feidhm nach bhfuil ag brath ar chead a fháil ó Oifig an Chéad Aire agus an Leas Chéad Aire.
“Leagtar amach sa reachtaíocht go bhfuil feidhmeanna ag an Choimisinéir Gaeilge ‘comhairle, tacaíocht agus treoir a thabhair d’údaráis phoiblí maidir le húsáid na Gaeilge’
“De réir na reachtaíochta, is faoin Choimisinéir amháin a bheas sé an fheidhm sin a chur i gcrích, ach níl ‘comhthoil ón Chéad agus ón Leas-Chéad Aire’ de dhíth don fheidhm sin, faoi mar atá do chomhaontú na gcaighdeán teanga.
Mar aon leis sin uilig, beidh dualgais ar an Choimisinéir Gaeilge aon ghearán ón phobal a fhiosrú maidir le teip aon cheann de na húdaráis phoiblí chun na caighdeáin teanga sin a chur i bhfeidhm.
Sa ráiteas a d’éiigh Conradh na Gaeilge, thagair Mac Giolla Bhéin, don fheachtasaíocht agus an streachailt a thug pobal Ghaeilge an Tuaiscirt chomh fada leis an lá seo.
“Níl aon amhras ann ach go bhfuil muid mar phobal ag tús aistir nua agus an Coimisinéir nua Gaeilge ag toiseacht ar a chuid oibre inniu.
“Tá muid ag súil go mór le bheith ag plé láithreach leis an Choimisinéir úr agus lena cuid feidhmeanna sa reachtaíocht agus ionchais mhór againn mar phobal go mbainfear amach fríd an Oifig seo an comhionannas a gealladh dúinn thar na blianta.”
Tá go leor imní ann faoin gcros a fhéadfadh bheith ag an DUP ar dhul chun cinn. I gcolún ar Tuairisc ag an deireadh seachtaine, thagair an tráchtaire Póilín Ní Chuirreáin don riachtanas go mbeadh an Chéad Aire agus an Leas Chéad Aire chun moltaí an Choimisinéara a chur i bhfeidhm.
“Faoin reachtaíocht, caithfidh Oifig an Fheidhmeannais – ie an Chéad-Aire agus an LeasChéad-Aire in éineacht cinntí an Choimisinéara a fhaomhadh,” scrígh sí. D’uireasa a gceadsan, ní bheadh cinneadh bailí. Bua don DUP a thug a bhfeisire Gregory Campbell air sin, é deimhin de go dtugann sé smacht (ar an gcoimisinéir) dóibh nach mbeadh acu dá mbeadh an obair faoi choimirce rialtas na Breataine.
Dúirt Mac Giolla Bhéin go raibh “neart cainte” ann mar gheall ar chumhacht a bheith ag Oifig an Chéad Aire agus an Leas Chéad Aire stop a chur le beartais mura raibh siad ar aon fhocal mar gheall orthu.
Tá neart cainte agus neart cáinte déanta maidir le ‘veto’ ag an Chéad / Leas-Chéad Aire ar na caighdeáin teanga, go mbeidh ‘comhthoil’ de dhíth ón bheirt acu chun na caighdeáin sin a fhaomhadh. Tiocfaidh an scrúdú mór sin go luath agus moltaí an Choimisinéara i leith na gcaighdeán ullmhaithe aige.
“Tiocfaidh an scrúdú mór sin go luath agus moltaí an Choimisinéara i leith na gcaighdeán ullmhaithe aige.”
I gcás cúirte ar na mallaibh atá á thógáil ag an ngníomhaí dílseach, Jamie Bryson, i gcoinne ordú atá tugtha ag an Aire Bonneagair de chuid Sinn Féin, Liz Kimmins, go mbeadh comtharthaíocht dhá teangach as Gaeilge agus Béarla sa staisiún nua traenach is iompar poiblí i lár Bhéal Feirste, Grand Central.
Tá athbhreithniú breithiúnach faighte don tríú huair ag Conradh na Gaeilge mar go bhfuil teipthe ag an Fheidhmeannas go leanúnach straitéis do chur chun cinn na Gaeilge a aontú mar gheall ar dhiúltú an DUP glacadh leis.
I ráiteas an Chonartha, dúirt Mac Giolla Bhéin go raibh sé tábhachtach go gcomhlíonfadh an Choimisinéir na feidhmeanna nach gá do chead a lorg ó Oifig an Chéad Aire agus Leas Chéad Aire ina leith.
“Dhéanfadh na feidhmeanna sin difear claochlaitheach don bhealach éighníomhach, leatromach go rímhinic, a mbíonn an stát ag caitheamh le soláthar Gaeilge.”
Iar chomhairleoir sinsearach sa DUP is ea an té atá ceaptha i ról an Choimisinéara don Bhriotanachas agus an Albainis Uladh, Lee Reynolds. Thosnaigh seisean a ról seachtain ó shin. Bhí an Coimisinéir Gaeilge le tosnú ar an lá céanna ach de bharr saoire a bheith réamhshocraithe aige, cuireadh siar a chéad lá siúd.
Beidh sé le feiceáil conas mar a shásóidh an Coimisinéir Gaeilge na héilimh a bheidh ag teacht ina threo go tiubh te ó gach taobh agus é tosaithe ar a théarma.
Tá tacaíocht á fháil ag Beartas Gaeltachta The Journal ón Scéim Tuairiscithe ar Dhaonláthas Áitiúil
To embed this post, copy the code below on your site
have your say