Take part in our latest brand partnership survey

We need your help now

Support from readers like you keeps The Journal open.

You are visiting us because we have something you value. Independent, unbiased news that tells the truth. Advertising revenue goes some way to support our mission, but this year it has not been enough.

If you've seen value in our reporting, please contribute what you can, so we can continue to produce accurate and meaningful journalism. For everyone who needs it.

Cheap Uachtarán na hÉireann, Mícheál D Ó hUigín, Séamus Ó Concheanainn ina Choimisinéir Teanga ag deireadh 2023. Aras an Uachtaráin

Moill ar sheirbhisí phoiblí as Gaeilge de bharr spriocanna caillte an Rialtais

Tá sé ráite ag an Choimisinéár Teanga go bhfuil bunchloch suntasach in easnamh agus iarrachtaí á dhéanamh plean straitéiseach an Rialtais maidir le seirbhísí Gaeilge a fheabhsú a chur i bhfeidhm.

(This article is produced by our Gaeltacht team. You can read an English version of this piece here)

TÁ AN RIALTAS ag sárú spriocanna atá leagtha síos i reachtaíocht maidir le córas caighdeán teanga a fhoilsiú agus fágann sin go bhfuil bunchloch suntasach in easnamh agus iarrachtaí á ndéanamh plean straitéiseach an Rialtais maidir le seirbhísí Gaeilge a fheabhsú a chur i bhfeidhm.

B’shin mar a chuir Séamus Ó Coincheanainn, An Coimisinéir Teanga, síos ar a imní agus é ag seoladh tuarascáil bliantúil a oifige do 2025 inniu.  Is é ról an choimisinéara monatóireacht a dhéanamh ar sheachadadh seirbhísí phoiblí as Gaeilge atá leagtha síos in Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003.

Sa réamhrá ar an tuarascáil, dúirt Ó Coincheanainn go raibh cearta teanga phobail na Gaeilge á sárú mar gheall ar “mhoilleanna suntasacha” atá le cur i bhfeidhm reachtaíocht teanga leasaithe a reachtaíodh i 2021 a raibh mar aidhm aici cur go suntasach le seirbhísí poiblí trí Ghaeilge.

“Mar sin féin, breis agus ceithre bliana tar éis achtú an Achta in 2021, tá príomhchodanna den reachtaíocht gan cur i bhfeidhm go fóill, agus spriocdhátaí reachtúla a bhain leo gan chomhlíonadh,” dúirt sé.

Thug an Coimisinéir suntas do spriocanna reachtúla a bhí caillte ó 2024. Ina measc bhí treoirlíne a ligfeadh do dhuine a chuid sonraí pearsanta i nGaeilge – ainm, ainm clainne, seoladh agus sínte fada – a bheith eisithe roimh dheireadh Mhárta 2025 agus níl sin tarlaithe go fóill.

Bhí sprioc-amanna eile caillte freisin – sprioc-am do threoirlínte maidir le seirbhísí a bheadh le cur ar fáil ag comhlachtaí poiblí trí mheán na Gaeilge agus uasdátú ar liosta na gcomhlachtaí a bheadh ceangailte orthu maidir le caighdeáin teanga.

Dar le hÓ Coincheanainn ba ghéithe criticiúla den chnámh droma ar a bhfuil feabhsú na seirbhísí poiblí i nGaeilge in Éirinn ag brath orthu iad seo.

“Níl an dlí á chur i bhfeidhm mar atá leagtha amach go soiléir,” dúirt sé.

“Is léir go bhfuil an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail Gaeltachta ag streachailt leis an ualach a bhaineann leis na gnéithe éagsúla seo a thabhairt i bhfeidhm.

“Is féidir iad a shamhlú mar thionscadail ar leith de scála agus de scóip éagsúil agus tá cúrsaí pleanála i gceist ansin, tá acmhainní a bheith ar fáil agus déanamh cinnte go dtabharfar i bhfeidhm iad de réir na n-amlínte reachtúla.

“Séard atá mise ag rá ná go bhfuil feabhsú seirbhísí poiblí i nGaeilge ag brath go mór ar na gnéithe seo atá ar iarraidh go fóill a thabhairt i bhfeidhm gan mhoill agus tá gníomh ag teastáil air sin anois.”

 I measc na bhforálacha reachtúla nár cuireadh i bhfeidhm fós, tá córas nua na gcaighdeán teanga, a leagfaidh amach na seirbhísí nua a bheidh mar dhualgas ar chomhlachtaí poiblí a sholáthar i nGaeilge.

Ar na moltaí a bhí le déanamh aige sa tuarascáil, mhol Ó Coincheanainn go mbeadh “bonneagar nua seirbhísí poiblí” á fhorbairt sa Ghaeltacht “le dul i ngleic le go leor de na bacanna agus na moilleanna a bhfuil taithí ag pobal na Gaeltachta orthu faoi láthair maidir le teacht ar sheirbhísí ar ardchaighdeán i nGaeilge”.

“Rachadh mol-champais ina mbeadh mais chriticiúil de sheirbhísí poiblí á soláthar i nGaeilge agus ina mbeadh dlús foirne le Gaeilge mhaith lonnaithe i ngleic le go leor de na bacanna atá i gceist,” dúirt sé, ag moladh go bhféadfaí a leithéid a lonnú ar eastáit tionscail atá forbartha ag Údarás na Gaeltachta nó an gréasán ionad cianobair, na G-Teiceanna.

Sa tuarascáil, thug an Coimisinéir suntas don rath a bhí ar an mír den reachtaíocht a chinnigh go raibh ar chomhlachtaí poiblí 20% dá gcuid buiséad fógraíochta a chaitheamh ar fhógraíocht as Gaeilge agus 5% ar fhógraíocht sna meáin Ghaeilge – b’ionann sin agus isteach is amach le €19m san iomlán i 2024 agus €5m ar fhógraíocht sna meáin Ghaeilge sa bhliain chéanna.

Bhí laghdú beag ar líon na ngearán chuig Oifig an Choimisinéara – síos ó 594 i 2024 go 580 i 2025 – agus bhain an clamhsán i 31% de na cásanna le ceisteanna tacaíochta custaiméara, foirmeacha oifigiúla agus a leithéid. Bhain 27% de ghearáin le cúrsaí comharthaíochta.

Bhí dhá imscrúdú luaite sa tuarascáil – ceann acu ar Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann mar gheall ar fhreagra i mBéarla a thabhairt ar chomhfhreagras as Gaeilge. I gcás inar deineadh imscrúdú ar Bhórd Oideachais agus Oiliúna na Gaillimhe agus Ros Comáin, cinneadh gur dhein an bórd sárú ar a scéim teanga féin trí dhuine gan Gaeilge a earcú do phost sinsearach bainistíochta.

 Tá tacaíocht á fháil ag Beartas Gaeltachta The Journal ón Scéim Tuairiscithe ar Dhaonlathas Áitiúil 

Close
JournalTv
News in 60 seconds