We need your help now

Support from readers like you keeps The Journal open.

You are visiting us because we have something you value. Independent, unbiased news that tells the truth. Advertising revenue goes some way to support our mission, but this year it has not been enough.

If you've seen value in our reporting, please contribute what you can, so we can continue to produce accurate and meaningful journalism. For everyone who needs it.

The Cobblestone Alamy Stock Photo

'Mura ndéanaimid cleachtadh air, caillfidh muid é': Tá sean nós i mbun athbheochana

Cé go bhfuil dúshláin ann, tá traidisiún an tsean-nóis ag teacht slán.

(This article is produced by our Gaeltacht team. You can read an English version of this piece here)

“BÍONN MEASCÁN DE dhaoine idir óg agus aosta agus daoine ó chúlraí éagsúla agus daoine b’fhéidir nach raibh ag damhsa riamh,” a d’inis Caoimhe Ní Mhaolagáin, damhsóir agus ceoltóir ó Bhaile Átha Cliath dúinn agus muid sa seomra ar chúl an tí tábhairne The Cobblestone. 

Ar oíche ghruama dhorcha i rith mí na Nollag, thug The Journal cuairt ar an mbeár i mBaile Átha Cliath, áit a bhí té teolaí agus lán le beocht, cé gur oíche Luain a bhí ann.

Bhí muid ag freastal ar cheardlann damhsa ar an sean nós a bhíonn á reáchtáil ag Ní Mhaolagáin.

Bhí neart daoine idir aosta agus óg sa rang, agus dúirt Ní Mhaolagáin go bhfuil borradh feicthe aici ar an traidisiún le blianta beaga anuas.

“Tá duine amháin ón nGearmáin agus bean ó Pholainn, agus daoine ó fud fad na cruinne uaireanta,” a dúirt sí.

“Feiceann tú go bhfuil daoine ag iarraidh blaisín den chultúr, agus muna ndéanaimid iarracht é a chleachtadh nó a mhúineadh, cuirfimid stop leis [an traidisiún].”

Is stíl damhsa, ceol agus amhránaíochta é an sean nós in Éirinn a bhaineann le cultúr, stair agus oidhreacht na tíre.

Tá fréamh láidir ag an stíl seo sa Ghaeltacht agus sa chultúr Gaelach go ginearálta, agus seachadann traidisiún an tsean-nóis ó ghlúin go glúin in Éirinn.

Is iad na buntréithe atá ceangailte leis an traidisiún ná go mbíonn ceoltóirí nó damhsóirí ag ceol nó ag damhsa go haonarach agus lán de bhrí agus mhothúchán. 

Bíonn saorrithim i gceist leis an stíl agus bíonn an ceol nó an damhsa gan aon mhéadar buan. 

“Tá sé tábhachtach go bhfanann tú leis an traidisiún agus go mbíonn tú ag damhsa na seanchéimeanna, ach tá tú in ann a bheith cruthaitheach freisin agus do chuid chéimeanna féin a chur leis freisin,” a dúirt Ní Mhaolagáin. 

“Bím ag damhsa ana-chuid ríleanna agus poirt ach déanaim go leor slides agus válsála freisin.” 

Mhínigh Becky Ní Éallaithe, damhsóir ar an sean nós ón Indreabhán Co na Gaillimhe, go bhfuil stíl rithimeach ag baint leis an damhsa ar an sean nós. 

“Is damhsa aonarach é an damhsa ar an sean nós agus coinníonn tú do chorp íseal go maith ar an talamh,” a dúirt sí.

“So b’fhéidir beagáinín difriúil ón damhsa céime nó damhsa gaelach a fheiceann muid, ach is díreach stíl den chineál damhsa traidisiúnta é an sean nós.”

The Journal / YouTube

Tháinig an traidisiún damhsa ar an sean nós as oícheanta airneáin a bhíodh á reáchtáil sa 20ú haois, nuair a chasadh daoine ar a chéile chun ceoil a sheinm nó amhráin a chanadh.  

Bhíodh go leor daoine ann ag an am a bheadh céimeanna éagsúla acu agus léimeadh siad suas chun píosa damhsa a dhéanamh agus a mhúineadh do dhaoine eile. 

Bhí téarmaí faoi leith don stíl damhsa sin ag an am, ach níor cuireadh an téarma ‘damhsa ar an sean nós’ air go dtí na 70í nó na 80í.

Dar le Ní Éallaithe, bhí borradh ar dhamhsa ar an sean nós roimh casadh an chéid, agus bhí an t-adh aici fás aníos leis an traidisiún. 

“Bhí ranganna ar fáil do dhaoine agus bhí siad in ann dul ann. Ba é an sean nós an stíl damhsa a bhí thart seachas dul isteach go ranganna damhsa gaelach, agus bhí níos mó daoine ag dul isteach sa damhsa ar an sean nós,” a dúirt sí. 

Chabhraigh Oireachtas na Samhna – an fhéile mhór aitheanta na Gaeilge – go mór le hathbheochan an tsean-nóis toisc gur bhailigh daoine ó chian is ó chóngar chun páirte a ghlacadh i gcomórtais ar an sean nós.

Sa lá atá inniu ann, bíonn Corn Uí Riada agus an Corn Steip — comórtais mór le rá i saol na nGael — ar siúl gach bliain mar chuid den Oireachtas.

Beartaíodh in 2008 na comórtais ar an sean nós a chraoladh beo ar TG4, rud a spreag suim faoin sean nós i go leor daoine nua.

Bhuaigh Ní Éallaithe an Corn Steip i 2025 agus dar leí féin, tá níos mó airde á tharraingt ar dhamhsa ar an sean nós mar gheall go bhfuil na comórtais le feiceáil ar an scáileán. 

“Tá sé cineál forleathan anois ar fud na tíre, agus tá ranganna i mBaile Átha Cliath agus in áiteanna ar fud na tíre, b’fhéidir fiú ar fud an domhain,” a dúirt sí. 

“Tá aithne ag daoine air agus chuir an comórtas steip go mór leis sin mar go mbeadh daoine in ann breathnú ar an damhsa ar an sean nós agus mheall sé sin isteach iad.”

Amhránaíocht

Ní amháin go bhfuil damhsa ar an sean nós ina seasamh maith, ach tá borradh ar an amhránaíocht ar an sean nós freisin.

Bhuaigh Micheál Ó Confhaola an Corn Uí Riada ag an Oireachtas 2025, agus labhair sé le The Journal faoi traidisiún na hamhránaíochta in Éírinn.

Dar leis féin, is deacair an rud é cur síos a dhéanamh ar an traidisiún, mar is rud pearsanta é don té atá ag casadh.

“Tá sé an-éasca amhrán a fhoghlaim gan dabt, ach tá go leor obair ansin agus a bheith in ann cuimhne air agus a chasadh. An rud nach féidir leat a mhúineadh ná an ornáidíocht,” a dúirt sé.

Nuair a bhíonn daoine ag casadh amhráin, is féidir leo a mblas féin a chur air le go leor ornáideachas.  

Deir sé go mbíonn daoine ag casadh ‘flatlined’ uaireanta agus níl tú ag leanúint an traidisiúin mura bhfuil ornáidíocht ann.

The Journal / YouTube

Míníonn sé go bhfuil draíocht ag baint le traidisiún na hamhránaíochta agus má bhíonn tú ag casadh i dteach tábhairne nó ag seisiún ceoil, bíonn tú sáite isteach san amhrán agus ag insint scéil do na daoine atá ag éisteacht. 

Déanann tú neamhaird ar an méid atá ag tarlú thar timpeall ort agus den chuid is mó den am, chloisfeá biorán ag titim agus duine ag canadh ós ard.  

“Sin sean nós,” a dúirt sé. 

In ainneoin na n-ainneoin

Cé go bhfuil an chuid is mó de na daoine a phléann leis an traidisiún sean nós lonnaithe sa Ghaeltacht, tá cultúr na Gaeilge i mbun athbheochana le blianta beaga anuas.

Tá níos mó daoine nach bhfuil Gaeilge acu nó nach bhfuil cónaí orthu sna Gaeltachtaí ag cur speise sa chultúr Gaelach.

The Journal / YouTube

Ach ní raibh cúrsaí i gcónaí mar sin.

Bhí baol ann go gcaillfí an damhsa ar an sean nós nuar a cuireadh cosc ar an damhsa san Acht na nDamhsaí Poiblí in 1935.

In ainneoin na dlíthe, tháinig daoine le chéile agus chun ceoil agus chun damhsa.

“Bhí sé mídhleathach a bheith ag damhsa go poiblí agus bhí an baol ann go gcuirfeadh siad stad leis ansin. Feicimid anois go bhfuil an damhsa sin fós againn anois, ach tá rudaí tar éis neartú chomh maith,” a dúirt Ní Mhaolagáin. 

“Is é an sean nós ár n-oidhreacht agus ár gcultúr agus tá sé sin thar a bheith tábhachtach a bheith ag aon tír.” 

Tá tacaíocht á fháil ag Beartas Gaeltachta The Journal ón Scéim Tuairiscithe ar Dhaonlathas Áitiúil

Readers like you are keeping these stories free for everyone...
A mix of advertising and supporting contributions helps keep paywalls away from valuable information like this article. Over 5,000 readers like you have already stepped up and support us with a monthly payment or a once-off donation.

Close
Comments
This is YOUR comments community. Stay civil, stay constructive, stay on topic. Please familiarise yourself with our comments policy here before taking part.
Leave a Comment
    Submit a report
    Please help us understand how this comment violates our community guidelines.
    Thank you for the feedback
    Your feedback has been sent to our team for review.

    Leave a commentcancel

     
    JournalTv
    News in 60 seconds