We need your help now

Support from readers like you keeps The Journal open.

You are visiting us because we have something you value. Independent, unbiased news that tells the truth. Advertising revenue goes some way to support our mission, but this year it has not been enough.

If you've seen value in our reporting, please contribute what you can, so we can continue to produce accurate and meaningful journalism. For everyone who needs it.

Bhí cruinniú inné idir An Taoiseach, Mícheál Martin, agus Uachtarán na Síne, Xi Jinping. RollingNews

Tá Éire ar son trádáil níos oscailte idir an tAontas Eorpach is an tSín, deir an Taoiseach

Tá Mícheál Martin ar chuairt oifigiúil go dtí an tSín, an chéad chuairt ag Taoiseach ar an dtír sin ó 2012.

 (This article is produced by our Gaeltacht team. You can read an English version of this piece here)

 BEIDH ÉIRE INA “guth pragmatach” ar son margadh tradála idir an tSín agus Aontas na hEorpa, thug an Taoiseach Mícheál Martin le fios agus é ag labhairt le linn chuairt oifigiúil ar an dtír níos luaithe inniu.

Bhí an Taoiseach ag labhairt le heagraí pholataíochta RTÉ Raidió na Gaeltachta, Cuan Ó Seireadáin, tar éis do chruinniú a bheith aige le hUachtarán na Síne, Xi Jinping, ar an Luan. 

Dúirt an Taoiseach le linn agallaimh a craoladh ar Adhmhaidin níos túisce inniu go raibh Éire i bhfábhar ‘tradáil oscailte’.

Le linn an dara lá dá chuairt beidh an Taoiseach ag casadh le Príomh Aire na Síne, Li Qiang, agus Cathaoirleach Chomhdháil Náisiúnta na nDaoine, Zhao Leji. 

“Sin an meon atá againn le fada an lá anois ach is léir go bhfuil deacrachtaí ann faoi láthair idir Aontas na hEorpa agus ball muid féin den Aontas agus an tSín,” dúirt sé.

Tá teannas áirithe ó thaobh cúrsaí trádála idir Aontas na hEorpa agus an tSín mar gheall go bhfuil dleacht de 45% curtha ag an Aontas ar fheithiclí leictreacha ón tSín mar gheall ar fhordheontais a bhfaigheann na comhlachtaí sa tír sin.  Ar an láimh eile, tá an tSín ag éileamh dleachtaí de 42.7% ar earraí déiríochta ón Aontas, dleacht a thiteann go trom ar an dtír seo, tar éis gur thosnaigh siad fiosrú i Lúnasa 2024 ar fhordheontais a thugann ballstáit an Aontais d’fheirmeoirí. 

“Níl aon amhras ach go mbeidh iarrachtaí á dhéanamh ag an gCoimisiún {Eorpach], go háirithe,  an scéal trádála a fheabhsú agus beimidne mar guth pragmatach ann.

“Caithfimid gach aon rud a chur san áireamh agus mar a dúirt mé táimid go léir ag iarraidh conradh cuimsitheach idir an Eoraip agus agus an tSín.”

Agus é ag tagairt don gcruinniú le hUachtarán na Síne, dúirt an Taoiseach go raibh sé cáirdiúil agus tairbheach.

“Tá coimitimint laidir againn araon cur leis an gcaidreamh Éire-An tSín amach sa todhchaí.”

Ina ráiteas dúirt an Uachtarán Xi go raibh gá le forbairt seasmhach is fád tréimhseach ar na ceangail idir an tSín agus Éirinn agus go raibh an tSín ag súil go neartófaí cumarsáid straitéiseach le hÉirinn agus go gcuirfí leis an muinín pholatúil ar an dá thaobh dá chéile. 

Beidh an Taoiseach ag taisteal ó Bheising go Shanghai, áit a gcasfaidh sé ar mhéara na cathrach, Gong Zheng, agus beidh cruinnithe aige ann le ceannairi gnó Éireannach agus  Síneach.

Is í an tSín an páirtí trádála is mó ag Éirinn san Áis agus tá sí sa chúigiú áit de thíortha a bhíonn an tír seo ag trádáil leo ar fud na cruinne.

Tá tacaíocht á fháil ag Beartas Gaeltachta The Journal ón Scéim Tuairiscithe ar Dhaonlathas Áitiúil

 

Readers like you are keeping these stories free for everyone...
A mix of advertising and supporting contributions helps keep paywalls away from valuable information like this article. Over 5,000 readers like you have already stepped up and support us with a monthly payment or a once-off donation.

Close
4 Comments
This is YOUR comments community. Stay civil, stay constructive, stay on topic. Please familiarise yourself with our comments policy here before taking part.
Leave a Comment
    Submit a report
    Please help us understand how this comment violates our community guidelines.
    Thank you for the feedback
    Your feedback has been sent to our team for review.

    Leave a commentcancel

     
    JournalTv
    News in 60 seconds