Sign in. It’s quick, free and it’s up to you.
An account is an optional way to support the work we do. Find out more.
Sign in. It’s quick, free and it’s up to you.
An account is an optional way to support the work we do. Find out more.
(This article is produced by our Gaeltacht team. You can read an English version of this piece here)
I BPOSTÁIL A rinne sí ar a hardáin meáin shóisialta anocht, d’fhógair Aire Eacnamaíochta Thuaisceart Éireann, Caoimhe Archibald ó Shinn Féin, go raibh sí chun idirghabháil a dhéanamh chun tionscadal logainmneacha a raibh i lár aighnis faoi mhaoiniú a thabhairt slán.
Tháinig an fógra seo tar éis lá ina raibh briatharchath teasaí agus páirtithe náisiúnacha ag cur i leith an Aire Phobail, Gordon Lyons ón DUP, go raibh sé tar éis an maoiniú a bhaint ó Thionscadal Logainmneacha Thuaisceart Éireann – £90,000 (€105,000) in aghaidh na bliana – de bharr go raibh ról lárnach ag an togra in iarrachtaí údarás áitiúla ar fud an Tuaiscirt chun comharthaíocht dhátheangach a chur in áit.
Sa phostáil, dúirt an tAire Archibald go raibh sí ag “seasamh isteach chun a chinntiú go leanfaidh an Tionscadal Logainmneacha ag déanamh a chuid oibre ríthábhachtaí, ag soláthar aistriúchán cruinn le haghaidh comharthaíocht sráide Gaeilge agus ag cosaint na hoidhreachta tábhachtaí sin.”
D’fháiltigh an Dream Dearg, grúpa feachtais ar son na Gaeilge ó thuaidh, roimh fhógra an Aire.
“Idirghabháil thábhachtach chun seirbhís agus tionscadal iontach a choinneáil,” a dúirt an grúpa ar na meáin shóisialta.
“Ní mór cur i gcoinne gach iarracht ag an DUP chun an Ghaeilge a ghlanadh as radharc agus cur ina coinne.”
Tháinig sé chun solais ag tús na seachtaine seo go raibh an maoiniú bainte den Tionscadal Logainmneacha agus chuir polaiteoirí náisiúnacha an locht ar an Aire ón DUP.
Chosain sé é féin ag rá go raibh an fhreagracht ar an Roinn Airgeadais as ucht an mhaoinithe don togra.
Agus é ag labhairt ar BBC Radio Ulster ar maidin, d’fhreagair Lyons ceist an láithreora ag fiafraí cén fáth gur chinn sé deireadh a chur le maoiniú don tionscadal.
“Sa chéad dul síos, níor ghlac mé cinneadh ar bith – ba tionscadal é seo a bhí á mhaoiniú le ceithre bliana anuas ag an Roinn Airgeadais – ní mise ná an Roinn Phobail ach an Roinn Airgeadais atá Sinn Féin i gceannas air,” d’fhreagair sé.
“Níl mise ag sábháil £90,000, níl mise ag dáileadh £90,000 in áit eile – is é an t-aon roinn atá ag athdháileadh £90,000 in áit éigean eile ná an Roinn Airgeadais atá faoi smacht ag Sinn Féin.
“Go deimhin tá ríomhphostanna agam os mo chomhair anseo idir oifigigh sa Roinn Phobail agus sa Roinn Airgeadais ó Mhárta agus Aibreán agus iad ag fiafraí den Roinn Airgeadais an raibh siad sásta leanúint le maoiniú an tionscadail seo agus b’é an freagra a tháinig ar ais níos mó ná uair amháin, nach raibh siad sásta é a mhaoiniú a thuilleadh.”
Tháinig sé chun solais, áfach, i bhfreagra ón Aire Lyons ar cheist Tionóil go raibh an Roinn Pobail ag maoiniú an tionscadail idir 2022 agus 2026 agus, sa bhfreagra ar an gceist ó Colm Gildernew ó Shinn Féin an mhí seo caite, go raibh oifigigh a Roinne ag féachaint ar roghanna maidir le maoiniú sa todhchaí ag an bpointe sin.
Tar éis gur fógraíodh an cinneadh tráthnóna anocht, phostáil ceannaire an DUP, Gavin Robinson, ar a ardáin shóisialta agus é ag spocadh as Sinn Féin agus ag maíomh gur dhein an pháirtí iarracht a ról féin, mar a mhaígh sé, san aighneas a cheilt chun an locht a chur ar Aontachtaithe.
Is cinnte nach gcabhróidh an t-aighneas seo leis an atmaisféar idir an dá mhórpháirtí san Fheidhmeannas a fheabhsú agus toghcháin Tionóil ar na bacáin i 2027.
Tá tacaíocht á fháil ag Beartas Gaeltachta The Journal ón Scéim Tuairiscithe ar Dhaonlathas Áitiúil.
To embed this post, copy the code below on your site
have your say