Sign in. It’s quick, free and it’s up to you.
An account is an optional way to support the work we do. Find out more.
Sign in. It’s quick, free and it’s up to you.
An account is an optional way to support the work we do. Find out more.
This article is produced by our Gaeltacht team. You can read an English version of this piece here)
D’FHÉADFADH GO MBEADH ráiteas náisiúnta pleanála don Ghaeltacht atá geallta le blianta bheith ar fáil roimh dheireadh na bliana seo ach go mbeadh sé mar chuid de ráiteas níos leithne ar phleanáil tithíochta faoin tuath, thug Aire na Gaeltachta, Dara Calleary, le fios le linn agallaimh ar RTÉ Raidió na Gaeltachta inniu.
Bhí an tAire Calleary ag labhairt ar Adhmhaidin nuair a dúirt sé go raibh sé ag ‘cur an t-uafás brú’ ar an Aire Tithíochta James Browne le go bhfoilseofaí an ráiteas náisiúnta pleanála don Ghaeltacht chomh luath agus ab fhéidir. Léiríodh go leor díomá i mí na Samhna anuraidh nuair a dúradh sa Straitéis ‘Ag Tógáil Tithe, Ag Tógáil Pobail’ nach mbeadh siad ar fáil go dtí an chéad leath de 2027.
“Táimid ag obair orthu, táimid á bplé, tá a lán plé ar siúl idir oifigigh i mo Roinn agus oifigigh sa Roinn Tithíochta,” dúirt sé agus é ag freagairt ceist ón láithreoir, Gormfhlaith Ní Thuairisg, cé acu an mbeadh ráiteas náisiúnta pleanála ‘as féin’ á fhoilsiú nó an mbeadh sé san áireamh sa ráiteas náisiúnta pleanála tuaithe atá le foilsiú i mbliana.
“An scéal a tháinig inné go bhfuil an dá ráiteas seo le foilsiú in éineacht – an é sin le rá gur ráiteas amháin a bheidh ann faoi phleanáil Gaeltachta agus pleanáil tuaithe nó an bhfuil muid ag súil fós le ráiteas pleanála Gaeltachta as féin?” d’iarr Ní Thuairisg ar an Aire.
“Is é sin na sonraí,” d’fhreagair sé. “Ag an bpointe seo táimid ag obair ar an ráiteas agus an rud tábhachtach ná cad a bheidh istigh sa ráiteas sin, cad iad na treoirlínte nua le haghaidh na Gaeltachta – nuair a bheidh aontas idir mo Roinn agus an Roinn Tithíochta faoi cad is fearr do thithíocht sa Ghaeltacht, beimid ábalta díriú isteach.”
Shéan an tAire go raibh easaontas idir an dá Roinn, ach dúirt sé go raibh “díospóireacht agus cruinnithe ar siúl.”
Tháinig an chaint ón Aire Calleary i ndiaidh do Bánú a rá go raibh dóchas láidir acu go bhfoilseofaí ráiteas náisiúnta pleanála don Ghaeltacht roimh dheireadh na bliana. Bhí an méid sin i ráiteas a d’eisigh siad tar éis don Aire Browne a rá go bhfoilseofaí an ráiteas náisiúnta pleanála Gaeltachta roimh dheireadh na bliana.
I ráiteas a d’eisigh an tAire Browne, agus tar éis dó a bheith ag stocaireacht ar son vótaí d’iarrthóir Fhianna Fáil sa bhfothoghchán, Cillian Keane, dúirt sé go raibh sé tábhachtach tacú le daoine áitiúla le bheith ina gcónaí sa Ghaeltacht.
“Tá sé tábhachtach do Chillian agus tábhachtach d’Fhianna Fáil chomh maith – beidh na treoirlínte pleanála tuaithe agus na treoirlínte Gaeltachta á gcur amach againn i mbliana,” dúirt sé.
“Táimid ag obair go fíorchruа chun é a dhéanamh níos éasca do dhaoine bheith ag obair ina bpobail áitiúla féin agus tá an Ghaeltacht ar cheann de na gnéithe is tábhachtaí de sin.”
Thug an t-iarrthóir le fios go raibh ceist na tithíochta ar cheann de na ceisteanna is mó a bhí á dtógáil leis agus é ag dul ó dhoras go doras sa Dáilcheantar leis an nGaeltacht is mó sa tír an tseachtain seo.
“Tá na treoirlínte pleanála Gaeltachta ina dtosaíocht tábhachtach do dhaoine sa Dáilcheantar mar tá siad lárnach agus daoine óga agus teaghlaigh ag iarraidh leanúint leo ina gcónaí i measc a bpobail féin.”
Dúirt Donncha Ó hÉallaithe, urlabhraí Bánú, i ráiteas ón eagras go raibh na treoirlínte pleanála Gaeltachta geallta go minic roimhe ach “gur chlis gach uair ar an Roinn Tithíochta cloí leis na spriocdátaí a tugadh.”
“Tá súil ag Bánú go ndéanfaidh an Roinn Tithíochta treoirlínte soiléire a thabhairt amach roimh dheireadh na bliana do na húdaráis pleanála, a bhfuil ceantair Ghaeltachta faoina gcúram, maidir le caomhnú is neartú na Gaeilge mar theanga phobail sa Ghaeltacht, agus go mbeidh sé níos éasca amach anseo do chainteoirí Gaeilge cead pleanála a fháil sna ceantair Ghaeltachta ina bhfuil an teanga in úsáid go forleathan.”
Dúirt sé go raibh treoirlínte ag comhairlí contae maidir le héanlaithe agus crainn ach nach raibh aon treoirlínte acu maidir le ceantair Gaeltachta agus dúirt sé go mbeadh sé tábhachtach go mbeadh an ráiteas náisiúnta pleanála don Ghaeltacht ag plé go díreach le ceisteanna a bhaineann leis an nGaeltacht agus nach mbeadh sé báite ag an ráiteas náisiúnta pleanála don tuath.
Mhínigh sé go raibh geallúint tugtha maidir leis na treoirlínte siar go dtí 2021 agus tar éis gur bunaíodh Bánú i mí na Samhna 2023, gur chas siad le hAire Tithíochta na linne, Darragh O’Brien, i mí Feabhra 2024 agus go ndúirt sé leo go raibh na treoirlínte réidh agus go mbeadh siad foilsithe faoin gCáisc. Níor cloíodh leis an sprioc sin ná leis an sprioc a tugadh an uair sin, go mbeadh siad réidh faoin gCincís.
“Ní gá go mbeadh muid sásta leo – sin rud eile – d’fhéadfaidís a bheith easnamhach agus bheadh muid ag súil go mbeadh deis comhairliúcháin ann le go mbeadh, sa chás nach mbeadh daoine sásta leo, go mbeadh siad in ann é sin a chur in iúl don Roinn.”
Nuair a foilsíodh an Straitéis Náisiúnta Tithíochta i mí na Samhna anuraidh, thug The Journal chun solais go raibh sé ráite sa cháipéis sin go raibh ráiteas náisiúnta pleanála don Ghaeltacht le foilsiú sa chéad leath de 2027.
De réir reachtaíochta a ritheadh i mí Dheireadh Fómhair, is ráitis náisiúnta pleanála a bheadh á n-eisiúint seachas treoirlínte pleanála maidir le réimsí ar leith.
Tá tacaíocht á fháil ag Beartas Gaeltachta The Journal ón Scéim Tuairiscithe ar Dhaonlathas Áitiúil
To embed this post, copy the code below on your site
have your say