Sign in. It’s quick, free and it’s up to you.
An account is an optional way to support the work we do. Find out more.
Sign in. It’s quick, free and it’s up to you.
An account is an optional way to support the work we do. Find out more.
(This article is produced by our Gaeltacht team. You can read details of the housing plan in English here)
BEIDH AR IARRTHÓIRÍ ar chead pleanála sa Ghaeltacht scrúdú Gaeilge a dhéanamh a bheadh ar chomhchaighdeán leis an scrúdú béil san Ardteist, tá sé tugtha le fios ag foinse rialtais.
Sin ceann de na beartais a bheidh i Ráiteas Náisiúnta Phleanála do Thithíocht fán dTuath agus sa Ghaeltacht atá le foilsiú ag am lóin inniu. San áireamh sa chaipéis seo, beidh na treoirlínte pleanála Gaeltachta atá gníomhaithe teanga agus eagrais Gaeltachta ag súil leo agus atá geallta go minic ó 2021.
Beidh ar iarrthóirí ar chead pleanála bunaithe i gceantar Gaeltachta pas i scrúdú béil Theastas Eorpach na Gaeilge (TEG) ag leibhéal B2 a ghnóthú chun go mbeidh siad ábalta buntáiste a fháil ón mbeartas sa ráiteas, tugadh le fios do The Journal.
Is é seo an chéad uair riamh don Rialtas tábhacht dea-phleanáil a chur san áireamh agus an Ghaeilge á chosaint, thug an foinse rialtais le fios.
Dúradh go bhfuil an teanga atá san Acht Gaeltachta le tabhairt faoi ndeara sna míreanna a bhaineann leis an nGaeltacht agus ar fud na cáipéise.
Cuirfidh an Rialtas treoir ar fáil do Chomhairlí Contae le ceantar Gaeltachta ina ndlinsí chun tithe a chur ar leataobh do chainteoirí Gaeilge i bhforbairtí tithíochta atá le tógáil.
Beidh buntáiste ag cainteoirí Gaeilge atá ag bogadh ó cheantar Gaeltachta amháin chun obair a dhéanamh i gceantair Ghaeltachta eile agus iad ag lorg cead pleanála ins an ceantar nua de réir na mbeartas seo.
Tá an Rialtas ag súil go meallfaidh na treoirlínte nua tuismitheoirí le páistí óga atá ina gcónaí i gceantar Gaeltachta an Ghaeilge a roghnú mar theanga tí toisc go dtuigfidh siad, dar leis an Rialtas, go bhfuil buntáiste anois dóibh sa chóras pleanála.
Le blianta fada tá cainteoirí Gaeilge sa Ghaeltacht as an áireamh ón margadh tithíochta ina gceantair féin de bharr go bhfuil brú boilscithe mar gheall ar thógáil thithe saoire.
Tá an Rialtas ag súil go dtacóidh an pholasaí nua le cainteoirí Gaeilge seo tithe a cheannach nó a thógáil ina gceantar féin.
De réir an ráitis nua, beidh buntáiste le baint as cainteoirí Gaeilge atá cúig bliana nó níos mó caite acu ina gcónaí i gceantair Ghaeltachta, ní gá go mbeadh sé seo ina thréimhse amháin, d’fhéadfadh sé a bheith ina thréimhse carnach thar roinnt tréimhsí, mar sin tá an Rialtas ag súil go meallfadh sé seo cainteoirí Gaeilge ón nGaeltacht atá anois ag obair lasmuigh den Ghaeltacht in Éirinn nó thar lear filleadh abhaile ar a gceantar dhúchais.
Cuirfear an ráiteas pleanála faoi bhráid an Príomhshráid na Comhaireachta inniu ag an gcruinniú ar maidin agus foilseofar an méid atá aontaithe ag ócáid a reachtáilfear inniu díreach i ndiaidh meán lae.
Tá tacaíocht á fháil ag Beartas Gaeltachta The Journal ón Scéim Tuairiscithe ar Dhaonlathas Áitiúil
To embed this post, copy the code below on your site
have your say