We need your help now

Support from readers like you keeps The Journal open.

You are visiting us because we have something you value. Independent, unbiased news that tells the truth. Advertising revenue goes some way to support our mission, but this year it has not been enough.

If you've seen value in our reporting, please contribute what you can, so we can continue to produce accurate and meaningful journalism. For everyone who needs it.

Bhí Aire na Gaeltachta, Dara Calleary, i láthair ag an suíomh tógála i mBaile an Fheirtéirigh in éineacht le Tomás Mac Gearailt, Comharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne, Tomás Ó Síocháin, Údarás na Gaeltachta agus Norma Foley, an tAire Leanaí, Míchumas agus Comhionannais.

Údar dóchais don dtithíocht Gaeltachta i gCorca Dhuibhne mar bhuaic ar lá ghnóthach don Aire

Agus é ar an láthair ag suíomh tógála i gCorca Dhuibhne, sheol Aire na Gaeltachta suirbhé faoin dtithíocht atá de dhith sa Ghaeltacht.

(This article is produced by our Gaeltacht team. You can read an English version of this piece here)

TÁ CEITHRE THEACH á dtógáil faoi láthair i mBaile an Fheirtéaraigh a léiríonn bealach amháin atá Údarás na Gaeltachta i gcomhar le comharchumann áitiúil ag dul i ngleic leis an ghéarchéim tithíochta sa Ghaeltacht.

Agus le linn a chéad chuairt ar aon cheantar Gaeltachta ó dheas, fuair Dara Calleary, an tAire Forbartha Pobail agus Tuaithe, agus Gaeltachta, léargas ar an láthair tógála ag Comharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne ar an mBuailtin (ainm mhuintir na háite ar Bhaile an Fheirtéaraigh atá timpeall 14 ciliméadar taobh thiar de Dhaingean Uí Chúis).

Níl ann ach ceithre theach ach beidh siad ar fáil do chainteoirí Ghaeilge ón gceantar mar thithe teaghlaigh ach, anuas ar sin, is é an fheidhm a bheidh leo ná go mbeidh spás sna tithe cúig sheomra leapa seo le h-aghaidh loistín do dháreag dalta a bheidh ag freastal ar an gcoláiste Samhraidh a bhíonn á reáchtáil ag an gComharchumann i mBaile an Fhirtéirigh gach bliain.

“Ag brath ar na teaghlaigh a bheidh iontu, beidh na tithe seo ábalta suas le 64 san iomlán a choimeád ag an am,” dúirt Páidí Ó Sé, bainisteoir an Chomharchumainn. Sin uasmhéid de 16 i ngach teach.

Dúirt sé go raibh deich n-iarratas istigh ar an gceithre theach agus go bheidís á mheas ag coiste sna seachtainí romhainn is go mbeadh na tithe réidh le bogadh isteach iontu san Fhómhar.

Fuair an comharchumann deontas €274,500 ón Údarás chun na tithe seo a thógáil. Níl cumhacht ag an áisíneacht maidir le tithíocht ach feidhmíonn siad mar mhaoinitheoir agus tacaíocht do na comharchumainn Ghaeltachta agus is cuid dá ngnó siúd na coláistí Samhraidh.

Ba lá maith é seo don Aire Calleary atá faoi bhrú leanúnach mar gheall ar cheist na tithíochta sa Ghaeltacht agus é ríméadach go maith faoin togra seo. Fianaise é seo go raibh obair ar bun ag a Roinn agus ag Údarás na Gaeltachta.

“Tógfaidh sé am,” dúirt sé agus é ag labhairt le The Journal ar an láthair thógála i mBaile an Fheirtéaraigh inniu.

“Tá bua anseo do gach duine – tá bua ann dos na clainne a bheidh ag cónaí ann, beidh spásanna ann do dhéagóirí atá ag freastal ar na Coláistí Samhraidh agus tá bua ann don bhaile seo, tá na tithe á tógáil i lár an bhaile agus cuirfidh sin le beatha na háite.”

Is cinnte nach mór an méid é ceithre theach nuair a chuirtear i gcodarsnacht é leis an 300-400 teach atá ag teastáil go bliantúil chun difríocht a dhéanamh, mar a mhínigh Donncha Ó hÉallaithe i seisiún eolais ag Teach Laighean Dé Máirt, ach is tús é agus, ní mór a thabhairt chun cuimhne, go bhfuil seo bainte amach gan cumhacht tithíochta a bheith ag an Údarás.

Tá sé ráite ag an Aire Calleary go mbeidh ról tithíochta, fiú más ról tánaisteach féin é, ag an Údarás i reachtaíocht atá le rith roimh an Samhradh. Is é sin Bille Údarás na Gaeltachta 2024 atá le rith chun toghcháin a thabhairt ar ais chun comhaltaí a thoghadh ar bhord an eagrais ach atá á leasú faoi láthair chun an fheidhm seo a chuir san áireamh i réimse oibre an Údaráis.

Agus é ar an láthair, sheol sé suirbhé faoi thithíocht a bheidh á reáchtáil ag an Údarás idir seo agus lár na míosa seo chugainn ag iarraidh sonraí cruinn a fháil amach faoin éileamh atá ann ar thithíocht sa Ghaeltacht.

Bhí príomhfheidhmeannach an Údaráis, Tomás Ó Síocháin, lán sásta go raibh an suirbhé seo le seoladh. I dtuarascáil dheireadh bliana an Údaráis do 2025 tugadh le fios go raibh tuairim is 200 post nár líonadh. D’admhaigh sé gur údar amháin le seo – agus bhí cúiseanna eile freisin – ná raibh aon tithíocht ar fáil sna ceantair Ghaeltachta ina raibh na poist seo lonnaithe iontu.

“Is é an cheist is mó a bhíonn ag na Comhairlí Contae ná cá bhfuil an t-éileamh, cé mhéad teach atá ag teastáil ó cé mhéad duine, cén áit agus sin é an rud atá i gceist leis an suirbhé seo go mbeimid in ann dul ar ais chuig na comhairlí áitiúla agus a rá tá méid áirithe ag teastáil anseo, méid áirithe ag teastáil ansin.”

Tá an suirbhé oscailte theana féin ag an nasc seo agus beidh sé le líonadh roimh 17 Aibreán.  

Tá sé i gceist ag Údarás na Gaeltachta an t-eolas seo a roinnt leis na Comhairlí Contae agus eagraíochtaí eile atá ag tacú le soláthar tithíochta sa Ghaeltacht.

Bhí lá gnóthach ag an Aire agus a thaistealaithe ar fud Chorca Dhuibhne Déardaoin. Bhí sé ag fógairt 23 phost nua ag comhlacht ard theicneolaíochta, Net Feasa, sa Daingean ar maidin, d’oscail sé ionad pobail sa bhaile ina dhiaidh sin sular thug sé aghaidh ar Pháirc an Ághasaigh, ceanncheathrú CLG Daingean Uí Chúis, a bhuaigh Craobh Shinsir na hÉireann i bPáirc an Chrócaigh i mí Eanáir, áit ar iompaigh sé an fód ar thogra chun páirc nua uile aimseartha a chuir in áit.

Tar éis lóin, d’oscail sé páirc spraoi i nDún Chaoin agus ansin thuirling sé ar an láthair thógála ar Bhaile an Fheirtéaraigh. Tar éis roinnt griangrafanna, cupán tae agus bunóg, comhráití le na hoibrithe agus le feidhmeannaigh agus baill choiste Chomharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne, a mhol sé go hard as an togra tógála a thionscnú, bhí ar an mbóthar arís go deisceart Chiarraí chun mol digiteach is gnó, G-teic mar a thugann an tÚdarás air, a oscailt go hoifigiúil i nGaeltacht Uíbh Ráthaigh.

Tá tacaíocht á fháil ag Beartas Gaeltachta The Journal ón Scéim Tuairiscithe ar Dhaonlathas Áitiúil

Readers like you are keeping these stories free for everyone...
A mix of advertising and supporting contributions helps keep paywalls away from valuable information like this article. Over 5,000 readers like you have already stepped up and support us with a monthly payment or a once-off donation.

Close
Comments
This is YOUR comments community. Stay civil, stay constructive, stay on topic. Please familiarise yourself with our comments policy here before taking part.
Leave a Comment
    Submit a report
    Please help us understand how this comment violates our community guidelines.
    Thank you for the feedback
    Your feedback has been sent to our team for review.

    Leave a commentcancel

     
    JournalTv
    News in 60 seconds