We need your help now

Support from readers like you keeps The Journal open.

You are visiting us because we have something you value. Independent, unbiased news that tells the truth. Advertising revenue goes some way to support our mission, but this year it has not been enough.

If you've seen value in our reporting, please contribute what you can, so we can continue to produce accurate and meaningful journalism. For everyone who needs it.

Ceaptar go bhfuil gá le thart ar 300-400 teach gach bliain sa Ghaeltacht. Concubhar Ó Liatháin

'Dhéanfadh idir 300 agus 400 teach gach bliain an difríocht don nGaeltacht' - Ó hÉallaithe

Fuair Teachtaí Dála agus Seanadóirí léargas ar an líon tithe a chaithfí a thógáil sa Ghaeltacht agus na leasuithe atá de dhith chun seo a bhaint amach.

(This article is produced by our Gaeltacht team. You can read an English version of this piece here)

DÁ DTÓGFAÍ IDIR 300 agus 400 teach sa Ghaeltacht gach bliain, dhéanfaí dul chun cinn suntasach maidir le réiteach ghéarchéim na tithíochta sna pobail ina bhfuil labhairt na Gaeilge mar theanga phobail fós láidir, thug an gníomhaí Gaeltachta Donncha Ó hÉallaithe le fios ag Teach Laighean inné.

Bhí Ó hÉallaithe ag caint le Teachtaí Dála agus Seanadóirí a d’fhreastail ar sheisiún eolais a raibh á reáchtáil Sinn Féin roimh dhíospóireacht Dála aréir ar rún a mhol an pháirtí agus a ritheadh sa Dáil níos déanaí aréir.

“Bheinn féin ag ceapadh go mbeadh sé thart ar idir 300 agus 400 in aghaidh na bliana, go mbeadh thart ar an méid sin dá sholáthar gach bliain dá bhféadfaí é, idir na Gaeltachtaí go léir.

“Dhéanfadh sin difríocht an mór, bheifeá in ann ansin daoine le Gaeilge a choinneáil sa Ghaeltacht ag cónaí sna tithe sin.”

Thug sé an meastachán sin mar fhreagra ar cheist ó The Journal inar fiosraíodh an raibh aon áireamh déanta ar an líon tithe a raibh de dhith sa Ghaeltacht chun dul i ngleic leis an ngéarchéim tithíochta a deirtear beith ann.

Ar an suíomh seo roinnt seachtainí ó shin, tuairisicíodh go raibh suas le 12,000 teach ag teastáil chun go mbeadh an bunleibhéal san Aontas Eorpach á shroichint sna ceantair Gaeltachta, is é sin teach do gach bheirt idir 18-44 bliain d’aois atá ina gcónaí sa Ghaeltacht is ata gan teach.  Bhí an t-eolas seo ar fáil ar an suíomh Onemillionhomes.ie bunaithe ar anailís a raibh déanta ar fhigiuirí ón Lár Oifig Stáidrimh.  Níl aon figiúirí eile i gcló in áit ar bith fén líon tithe atá de dhíth sa Ghaeltacht. 

Thairis sin bhí go leor moltaí ag Ó hÉallaithe faoi conas a fhéadfaí reachtaíocht agus scéimeanna atá ann theana féin a úsáid chun cur leis an líon tithe atá á dtógáil sa Ghaeltacht faoi láthair agus mhol sé go ndéanfadh an tAire Tithíochta James Browne leasú ar roinnt scéimeanna atá ann chun tacaíocht sa bhreis a thabhairt do phobail Ghaeltachta. 

20260303_141508 Bhí Donncha Ó hÉallaithe (ar chlé leis an meirg do Bánú) páirteach in agóid faoin ngéarchéim tithíochta sa Ghaeltacht ag geataí na Dála inné Concubhar Ó Liatháin Concubhar Ó Liatháin

Thug sé chun cuimhne gur dúnadh go leor scéimeanna a bhíodh ag Roinn na Gaeltachta timpeall ar 2009/10 nuair a thit an tóin as an gcóras baincéireachta agus nár tugadh ar ais iad ó shin.

“Ní gá dóibh an scéim mar a bhí sé á thabhairt ar ais – an leithscéal atá dá úsáid ag Roinn na Gaeltachta gan iad a thabhairt ar ais go bhfuil deontais níos airde á n-íoc ag an Roinn Tithíochta ná mar a bhí á n-íoc ag Roinn na Gaeltachta 20 bliain ó shin – ar ndóigh b’shin 20 bliain ó shin.”

Mhol sé go n-úsáidfeadh an Roinn a gcuid maoinithe féin – nó ciste breise a lorg – chun tacaíocht sa bhreis a thabhairt do theaghlaigh Ghaeltachta tithe a thógáil nó tithe tréigthe a thabhairt ar ais mar theach cónaithe.

Thabharfadh seo an buntáiste do dhaoine le Gaeilge a bheadh ag iarraidh teach a thógáil nó a athchóiriú,” dúirt sé, agus thug sé mar shampla an tacaíocht sa bhreis atá á thabhairt le h-aghaidh tithe tréigthe ar oileáin a thabhairt ar ais mar thithe cónaithe.
Luaigh sé freisin na tithe atá á dtógáil ag údaráis áitiúla ar shuímh le seirbhísí ach luaigh sé údar imní faoi seo. Is é sin go bhfuil limistéir ar nós Cois Fharraige i gConamara, ceantar a shíneann ó An Spidéal go dtí An Cheathrú Rua agus ina bhfuil pobail ar nós Indreabhán, An Tulach, Baile na hAbhann suite.

Bíodh is go bhfuil ollmhargaí, eaglais, trí bhunscoil agus meán scoil, stáisiún ráidió agus staisiún theilifíse agus aerfort sa cheantar seo, ní áirítear é mar shráidbhaile agus mar sin níl cead de réir na rialacháin go mbeadh tithe á thógáil ar na suímh seirbhísithe mar atá i gceantair eile. Dúirt sé go raibh pobail i gceantair eile gan na háiseanna céanna ach atá áirithe mar shráidbhailte.

Mhol sé go mbeadh lonnaíochtaí beaga tithe á dtógáil ar shuímh le seirbhísí ar fud na nGaeltachtaí agus ná raibh spéis ag na Comhairlí Contae i bhforbairtí beaga mar sin de bharr go raibh na húdaráis áitiúla ag iarraidh forbairtí le dlús ard tithíochta a thógáil.

Is é an Comhairle Contae atá freagrach as tithíocht a thógáil ach mura bhfuil an Comhairle Contae sásta sin a dhéanamh, caithfidh dream éigean eile é a dhéanamh nó tá an pleanáil teanga uilig curtha ó mhaith.

“Uair amháin bhí sé deacair daoine a choinneáil sa Ghaeltacht mar ní raibh an saol iontach ann, ” dúirt sé.  “Is iontach an rud é go bhfuilimíd tagtha go dtí an pointe go bhfuil daoine, ag aois mo chuid gasúir atá sna 20í, go bhfuil siad ag iarraidh fánacht sa Ghaeltacht, go bhfuil siad ag iarraidh go mbeadh siad in ann teach a thógail sa Ghaeltacht, go bhfuil siad ag iarraidh clann a thógáil le Gaeilge sa Ghaeltacht, is iontach an rud go bhfuilimíd tagtha go dtí sin.

“Ach tá an bac seo ann, an bac tithíochta, ag cur isteach ar sin.”

Dúirt sé go raibh “réiteach an simplí ann”.  “An réiteach atá ann ná go dtiocfadh Roinn na Gaeltachta agus an Roinn Tithíochta le chéile, go dtiocfaidís aníos le plean éigint le go mbeadh muid in ann Údarás na Gaeltachta a úsáid.”

Thagair sé do shaineolas an Údaráis maidir le cúrsaí séarachais agus go bhféadfaí seo a úsáid chun ceann de na bacanna móra ar thithíocht sa Ghaeltacht, laige nó easpa córas séarachais.

Tá Údarás na Gaeltachta ábalta córas séarachais a chuir ar fáil le h-aghaidh eastáit tionsclaíocha go h-ard-chaighdeáin an EPA, gan stró, níor chuala mé éinne ag gearán – tá an scil sin acu, an rud nach bhfuil acu ná an t-airgead chun sin a dhéanamh, ná an cead é sin a dhéanamh le h-aghaidh tithíocht.

Tá tacaíocht á fháil ag Beartas Gaeltachta The Journal ón Scéim Tuairiscithe ar DhaonlaGFthas Áitiúil

Readers like you are keeping these stories free for everyone...
A mix of advertising and supporting contributions helps keep paywalls away from valuable information like this article. Over 5,000 readers like you have already stepped up and support us with a monthly payment or a once-off donation.

Close
Comments
This is YOUR comments community. Stay civil, stay constructive, stay on topic. Please familiarise yourself with our comments policy here before taking part.
Leave a Comment
    Submit a report
    Please help us understand how this comment violates our community guidelines.
    Thank you for the feedback
    Your feedback has been sent to our team for review.

    Leave a commentcancel

     
    JournalTv
    News in 60 seconds