We need your help now

Support from readers like you keeps The Journal open.

You are visiting us because we have something you value. Independent, unbiased news that tells the truth. Advertising revenue goes some way to support our mission, but this year it has not been enough.

If you've seen value in our reporting, please contribute what you can, so we can continue to produce accurate and meaningful journalism. For everyone who needs it.

Tá Kneecap ar chamchuairt ag seinnt rianta ón albam nua agus seo an múrphictiúr a chuir fáilte rompu i Dùn Dèagh na hAlban Kneecap

Albam úr Kneecap, amuigh inniu le hómós grámhar dá mháthair ag Moglaí Bap mar bhuaicphointe

Tá an albam a raibh lucht leanta Kneecap ag súil leis le fada, Fenian, ar fáil. B’fhéidir nach mbainfidh Keir Starmer nó Kemi Badenoch an oiread céanna taithnimh as.

(This article is produced by our Gaeltacht team. You can read an English version of this piece here)

TÁ ALBAM NUA de chuid Kneecap á éisiúint inniu, an dara albam ón ngrúpa Gaelach ó Bhéal Feirste atá clú domhanda bainte amach acu, agus i measc 14 amhrán ar Fenian, tá amhráin a chuireann síos ar na coimhlintí éagsúla atá ag an mbanna le Rialtas na Breataine, le Donald Trump agus Benjamin Netanyahu.

Is é an amhrán a chum Naoise Ó Cairealláin/Moglaí Bap, Irish Goodbye, a chuireann síos ar bhás a mháthair, Aoife Ní Riain, a cailleadh de bharr féin mharú i mí Dheireadh Fómhair 2020, a chuireann clabhsúr leis an albam.

KNEECAP / YouTube

 

Le linn na seachtaine, d’éisíodh an amhrán seo mar rian singil agus bhí ráiteas ar ardán shoisíalta an ghrúpa ó Naoise féin agus é ag caint faoina mháthair agus a bás.

120780251_2786609578260383_5581290546185687415_n Bhí Aoife Ní Riain, máthair Moglaí Bap/Naoise Ó Cairealláin, ag obair le Ráidió Fáilte, stáisiún ráidió Ghaeilge in iarthar Bhéal Feirste Belfast Media Group Belfast Media Group

Sa ráiteas dúirt Ó Cairealláin gur spreagadh é chun an amhrán a scríobh nuair a chonaic sé clár faisnéise ag léiriú a mháithair agus í sona tráth go raibh sé féin agus a dheartháracha, Cairbre agus Áinle, an óg agus ag cónaí in iarthar Bhéal Feirste. Bhí a athair, Gearóid Ó Cairealláin, ina Uachtarán ar Chonradh na Gaeilge ag an am agus tháinig an criú scannáin go dtí an teach chun iad a thaifead ag spraoi is ag déanamh obair bhaile.

“Níor sinn an teaghlach a bhíodh scannán againn dínn féin is sinn óg, díreach griangrafanna – mar sin b’é seo an chéad uair a chonaic mé mo mham i bhfíseán agus bhí sí sona.

“Bhí tionchar doimhin ag sin orm, í a fheiscint agus í sona, bhí mé chomh tógtha í a fheiscint mar sin,” dúirt sé.   Mhínigh sé go raibh amhrán eile scríte aige roimhe seo agus gur ndúirt sé léi faoi ach ná raibh an seans aige é a rá léi sular bhfuair sí bás. 

“Bhí an galar dubh uirthí ag an am – an smaoineamh a raibh agam leis an amhrán sin Mam, a tháinig amach i 2020, dá scríobhfainn é go gcloisfeadh sí é agus, b’fhéidir, go dtuigfeadh sí a luach féin mar, nuair atá duine buailte leis an ngalar dubh, ní fheiceann tu tú do luach féin.”

Anois tá amhrán eile tiomnaithe dá mháthair éisithe ag Ó Cairealláin dar teideal Irish Goodbye agus tá físeán ag dul leis a ínsíonn scéal atá thar a bheith coitíanta sa cheantar inar tógadh Ó Cairealláin, fear óg a cailleadh mar gheall ar fhéin mharú agus an brón is an uaigneas a fhágann sé ina dhiaidh i measc a theaghlach is a cháirde. 

I measc na n-aisteoirí atá páirteach sa scannán 13 noimead seo tá Liam Cunningham agus Deirdre O’Kane.  Ínsíonn an scannán a scéal féin ach tá fuaim rian ‘Irish Goodbye’ ag teacht isteach is amach sa chúlra.   Tá Ó Cairealláin ina phearsa Moglaí Bap ag malartú véarsaí leis an aoí amhránaí Kae Tempest. 

“Tá Irish Goodbye mar gheall ar na ghnath rudaí a rinne mise agus mham le chéile,” dúirt sé.  “Níor rith sé liom riamh gurb iad na rudaí a dhéanaimís le chéile ó lá go lá is mó a aireoinn uaim, ag dul le h-aghaidh siúlóid sa pháirc, ise ag tabhairt amach dom nó ag coimeád mé ar an mbóthar ceart, ag cuir comhairle orm.

“Is iad na rudaí beaga seo go léir a airíonn tú uait.”

Dúirt sé gur mhór an onóir do go raibh Kae Tempest, atá iomrá air sa Bhreatain agus go hidirnáisiúnta, ag canadh véarsaí san amhrán agus go raibh Dan Carey tar éis an ceol a chumadh.

“Má éisteann daoine leis an amhrán agus má fhéachann siad ar an bhfíseán, tá dóchas agam go gceanglóidh rud éigean leo a thabharfaidh faoiseamh dóibh de chineál éigean.

“Ní féidir leat an stuif seo a iompar timpeall leat agus bheith ag cur an milleán ort féin, níl an locht ortsa, níl an locht ar dhuine ar bith, tá sé mar gheall ar an bproiséas bheith ag dul i ngleic leis agus is féidir leat dul i ngleic leis, is féidir leat.”

Ba cheoltóir talannach abea Aoife freisin agus sheinneadh sí an chonsairtín.   Tá tagairt do seo i liricí an amhráin.

Tuigim Mam nach mbeidh tú ar ais go deo
Ach cluinimse do chonsairtín go fóill ag bualadh ceoil
I mo chluas ag teacht anuas ó na flaithis                                                    Sin an rud a líon mo chroíse lán áthais 

Is é seo an amhrán deireannach ar an albam atá lán le rianta eile a shasóidh lucht leanta an ghrúpa agus nach shasóidh na h-údaráis sa Bhreatain nó daoine eile atá naimhdeach don dtriúr ó Bhéal Feirste.

Tá amhrán ann dar teideal An Ra agus de bharr gur leas ainm coitíanta é seo ar Shealadaigh an IRA ó thuaidh, d’fhéadfadh duine an dearúd a dhéanamh is a cheapadh go mbaineann sé leis an ngrúpa paraimiliteach úd.  Ach is amhlaidh go mbaineann an amhrán leis an Ra eile, An Ríocht Aontaithe agus cuireann an triúr in iúl sa chéad líne cá sheasann siad: “Céad slán leis an Ra”.

Tá Kneecap luaite go láidir le scéal na Palaistíne agus is minic é a ráite acu nuair atá siad sna cinnlínte go mbaineann an scéal le Gaza seachas leo féin.  San amhrán Palestine, tá an rap amhránaí ó Ramallah, Fawzi, ag ceol leo in Araibis. 

In amhráin ar nós Liars Tale a h-éisíodh roimhe seo, molann siad do dhaoine ‘gan glacadh leis, níl maitheas ar bith in their politics, for you and me’ agus tugann liricí Fenian chun cuimhne an bua a bhí ag Kneecap sna cúirteanna nuair a rinne Rialtas na Breataine iarracht deontas de £15,ooo (thart ar €18,000) a tharraingt siar mar go raibh, dar le Kemi Badenoch, a raibh ina Aire Tráchtála sa Rialtas Coimeádach ag an am, an banna frith Bhriotanach.   

How to make a few bob off the government grants
But we’re all one together for Republican chants

Ón am a thosnaigh Kneecap amach ar an aidbhintiur seo leis an amhrán C.E.A.R.T.A, a thug ós comhair an phobail don gcéad uair, tá an ghrúpa ag tabhairt an dúshlán dos na h-údaráis agus má bhí am ann go raibh an cosúlacht ar an scéal go raibh beirthe orthu, léiríonn an albam nua seo go bhfuil siad píosa maith chun tosaigh ar an gconairt go fóill. 

Má tá tú ag iarraidh caint le duine éigean, déan teagmháil le:

If you need to talk, contact:

Pieta House 1800 247 247 or email mary@pieta.ie
Samaritans 116 123 or email jo@samaritans.org
Aware 1800 80 48 48
Teen-Line Ireland 1800 833 634 (for ages 13 to 19)
Childline 1800 66 66 66 (for under 18s)

Tá tacaíocht á fháil ag Beartas Gaeltachta The Journal ón Scéim Tuairiscithe ar Dhaonlathas Áitiúil

Readers like you are keeping these stories free for everyone...
A mix of advertising and supporting contributions helps keep paywalls away from valuable information like this article. Over 5,000 readers like you have already stepped up and support us with a monthly payment or a once-off donation.

Close
Comments
This is YOUR comments community. Stay civil, stay constructive, stay on topic. Please familiarise yourself with our comments policy here before taking part.
Leave a Comment
    Submit a report
    Please help us understand how this comment violates our community guidelines.
    Thank you for the feedback
    Your feedback has been sent to our team for review.

    Leave a commentcancel

     
    JournalTv
    News in 60 seconds