We need your help now

Support from readers like you keeps The Journal open.

You are visiting us because we have something you value. Independent, unbiased news that tells the truth. Advertising revenue goes some way to support our mission, but this year it has not been enough.

If you've seen value in our reporting, please contribute what you can, so we can continue to produce accurate and meaningful journalism. For everyone who needs it.

Is feidhmeannach é Angus Lambkin ó Bhéal Feirste le hOifig Chomhordaithe Ghnóthaí Dhaoncháirdis na Náisiúin Aontaithe. Angus Lambkin

An áit a bhíonn crith talún, cogadh agus tubaistí eile, bíonn Angus, Gael ó Bhéal Feirste

Oibríonn Angus Lambkin ó Bhéal Feirste ar son na Náisiúin Aontaithe ag láthracha éigeandála agus tubaiste ar fud na cruinne.

(This article is produced by our Gaeltacht team. You can read an English version of this piece here)

AN T-É A bhíonn siúlach, bíonn sé scéalach, de réir an seanfhocail.   Agus tá an Feirsteach Angus Lambkin ar dhuine des na Gaeil is mó taistil a fhéadfá casadh leo.   

Oibríonn Angus, a tógadh i gceantar Ormeau i mBéal Feirste agus a d’fhreastal ar Bhunscoil Phobal Feirste, le hOifig Comhordaithe don Daoncháirdeas na Náisiúin Aontaithe (The Office for the Co-ordination of Humanitarian Affairs) agus bhí sé ag labhairt le The Journal agus é ar saoire sa Nua Shéalainn tar éis cuid is mó de 2025 a chaitheamh ag obair ó Fídsí san Aigéan Chiúin.

“Bhíos i bhFídsí don chuid is mó den bhliain seo caite – chuas amach go Vanuatu i dtosach báire toisc go raibh creath talún ann díreach roimh Nollaig 2024,” dúirt sé faoin oileán beag le daonra 350,000 atá 1750 km soir ó thuaisceart na hAstráile agus siar ó Fhidsí i ndeisceart an Aigéin Chiúin.

Cé go raibh go leor oibre le déanamh chun tacú le húdaráis Vanuatu agus iad ag déileáil le dochar na creatha talún, le tomhas 7.3, ní raibh an oiread brú ar Angus is a raibh in áiteanna eile a raibh sé ag obair iontu roimhe sin.

“Bhí sé aisteach domsa ach bhí sé go deas mar rinne muid ullmhúchán agus rinne muid go leor cúrsaí traenála agus a leithéid de dhaoine ach, cinnte, ní raibh comhthéacs éigeandála againn le déileáil leis,” dúirt sé.

An cineál oibre a dhéanann Angus ná go mbíonn sé ag plé leis an rialtas áitiúil i láthair na héigeandála agus ag déileáil ar son an rialtais sin le na heagraíochtaí éagsúla atá ag obair ar an talamh ag dul i ngleic le gnéithe éagsúla den éigeandáil.

Screenshot 2026-02-10 at 10.50.07 Is iomaí áit ar fud na cruinne atá Angus Lambkin tar éis bheith ag obair ann in éineacht lena chomhleacaithe sna Náisiuin Aontaithe. Angus Lambkin Angus Lambkin

“Tá muid ag iarraidh go mbeidh ciall leis an obair agus go mbeidh sé ag cur leis an obair atá ar siúl ag an rialtas agus tá muid ag iarraidh go nglacfaidh an Rialtas lenár cuid oibre ach an ról atá agamsa go mbím ag déileáil le fórsaí slándála agus, in amannta, grúpaí armtha.

“Tá muid ag iarraidh cur in iúl dóibh siúd faoin obair atá ar siúl ionas go mbeadh muid in ann feidhmiú i gcomhthéacsaí nach bhfuil chomh sábháilte agus go ligfidh siad muid leanstan ar aghaidh lenár gcuid oibre go háirithe nuair atá seicphointí agus a leithéid acu.”

Nuair a bhí sé i Vanuatu tar éis an crith talún, le tomhas 7.3 ar scála Richter, bhí go leor foirgnimh leagtha go talamh agus bhí ar go leor fóirne eitilt isteach ann chun teacht i gcabhair ar na daoine, tuairim is 80,000 sa phríomh chathair, Port Vila, agus an ceantar máguaird, a cuireadh a saol bun ós cionn.

Bhí ar Angus labhairt leis an Rialtas faoi na h-abaltachtaí a raibh na foirne a bhí ag teacht isteach, an trealamh a bhí ag teastáil agus mar sin de. Bhí go leor oibre le déanamh – daoine á gcuardach sna fothrach agus comhair leighis á eagrú agus i rith an ama bhí dainséar mar go raibh baol ann go dtitfeadh foirgnimh anuas ar na hoibrithe fóirithinte.

“Bhí eitiltí ag leaindeáil ag fórsaí ón Astráil, ón Nua Shéalainn is ón bhFrainc atá béal dorais i Nua Caledonia.”

D’fheidhmigh Angus agus a chomhghleacaithe ag croí lár na hiarrachtaí chun teacht i gcabhair ar na daoine i Vanuatu agus ag caint le ceannairí na foirne éagsúla a bhí ag obair ar an talamh ionas go dtuigfidís na rudaí a raibh ag teastáil.

Tá sé baolach go leor – le contúirt ó fhoirgnimh a d’fhéadfadh titim – bheith ag obair ar láthair chreathanna talún ar nós Vanuaatu ach, ar a laghad, tá gach aon duine ag obair ar an taobh céanna. Ní hionann an scéal i ngach áit a raibh Angus ag obair ann.

“In áiteanna go bhfuil cogadh ar siúl tá sé tá saghas tá rioscaí eile i gceist,” dúirt sé.

Tosaíocht a bhíonn ag Angus sna háiteanna ina mbíonn cogaíocht ar siúl ná a chinntiú go dtuigeann gach taobh go bhfuil siad neodrach.

“Tá muid ag iarraidh go mbeadh go nglacfar lenár gcuid oibre seo caithfidh muid míniú don Rialtas cuid den obair atá ar siúl againn ach minic go leor feiceann muid bíonn grúpaí armtha i gceannas ar réigiúin dhifriúla agus caithfidh muid míniú dóibh siúd chomh maith.

“An teachtaireacht atá le roinnt againn ná go bhfuil sé seo bunaithe ar an dlí idirnáisiúnta, go bhfuil an coincheap go bhfuil ann le stair agus gur cheart go mbeadh fáil ag daoine ar chúnamh cé go bhfuil cé go bhfuil cogadh ar siúl acu agus gur cheart go mbeadh na grúpaí atá i mbun na hoibre sin neodrach agus neamhchlaonta.”

Screenshot 2026-02-10 at 10.51.10 Thar nais sa cheannaras, Angus Lambkin i seomra chomhthionóil na Náisiúin Aontaithe i Nua Eabhrac Angus Lambkin Angus Lambkin

Is iomaí láthair choimhlinte a raibh Angus ag obair ann i gcaitheamh na mblianta atá sé le na Náisiúin Aontaithe.

“Bhíos i bPoblacht Dhaonlathach an An Congó, Poblacht Lárnach na hAfraice, an Camarún, deisceart Shúdán, an Iaráic, an Afganastáin, an Tuirc, tar éis na creatha talún ansin cúpla bliain ó shin,” dúirt sé.

Thug sé le fios go raibh sé san Afganastáin tar éis gur fhág fórsaí míleata Stáit Aontaithe Mheiriceá an tír sin i Lúnasa 2021.

“D’fhan na Náisiúin Aontaithe agus cumainn charthanachta ann, phléigh siad é seo leis an Taliban roimh ré i Qatar, bhí ionadaí de chuid an Taliban ansin ag caint.

“Bheartaigh siad fánacht mar gur thug an Taliban cead dóibh leanacht ar aghaidh lena gcuid oibre.”

Roimh imeacht fórsaí SAM, bhí siad agus Arm na hAfganastáine i gceannas i réigiúin áirithe agus an Taliban i gceannas in áiteanna eile. Tar éis imeacht na Meiriceánach, bhí an Talaban i gceannas i ngach áit.

“An rud mór a bhí le plé ná cén ról ar cheart go mbeadh ag mná agus iad ag obair mar oibrithe daonchairdeas, daoi, mná áitiúla agus mná idirnáisiúnta agus cén dóigh ar cheart dúinn dul i ngleic le mná na hAfganastáine.

“Bhí an Taliban den tuairim gur cheart dúinn plé le fir amháin, fir an teaghlaigh.”

Dúirt Angus go raibh na carthanachtaí agus na Náisiúin Aontaithe ag iarraidh plé le na mná go díreach maidir le cúrsaí sláinte. Sa deireadh d’éirigh leo socrú a dhéanamh ina raibh solúbthacht áirithe i gceist.

Níl fhios ag Angus cén áit a bheidh sé ag dul i ndiaidh seo. Ach is féidir bheith ag brath, má bhíonn crith talún nó cogadh nó tubaiste eile in aice leat, go mbeidh sé nó comhleacaithe leis ann chun teacht i gcabhair!

 Tá tacaíocht á fháil ag Beartas Gaeltachta The Journal ón Scéim Tuairiscithe ar Dhaonlathas Áitiúil

Readers like you are keeping these stories free for everyone...
A mix of advertising and supporting contributions helps keep paywalls away from valuable information like this article. Over 5,000 readers like you have already stepped up and support us with a monthly payment or a once-off donation.

Close
Comments
This is YOUR comments community. Stay civil, stay constructive, stay on topic. Please familiarise yourself with our comments policy here before taking part.
Leave a Comment
    Submit a report
    Please help us understand how this comment violates our community guidelines.
    Thank you for the feedback
    Your feedback has been sent to our team for review.

    Leave a commentcancel

     
    JournalTv
    News in 60 seconds