We need your help now

Support from readers like you keeps The Journal open.

You are visiting us because we have something you value. Independent, unbiased news that tells the truth. Advertising revenue goes some way to support our mission, but this year it has not been enough.

If you've seen value in our reporting, please contribute what you can, so we can continue to produce accurate and meaningful journalism. For everyone who needs it.

Stephen O'Brien ó An tInbear Mór i gCo Chill Mhantáin, sár leantóir na Green Bay Packers.

'Cúpla focal' tagtha go dtí NFL Mheirceá agus rogha na Green Bay Packers fógartha as Gaeilge

Bhí páirt mhór ag Stephen O’Brien as an tInbhear Mhór i mór ócáid de chuid an NFL, Lá an Rogha, agus labhair sé as Gaeilge ós comhair lucht féáchana domhanda.

(This article is produced by our Gaeltacht team. You can read an English version of this piece here)

TÁ TAITHÍ AGAINN in Éirinn ar an ‘cúpla focal’ as Gaeilge nuair a bhíonn captaen na fóirne buach péile nó iomána ag glacadh leis an gcorn.

Anois is cosúil go bhfuil ‘cúpla focal’ as Gaeilge imithe chomh fada leis an mórchomórtas peile i Meiriceá, an Sraith Náisiúnta Peile/National Football League (NFL).

Ócáid mhór é Lá an Rogha (Draft Pick Day) gach bliain, an lá go bhfógraíonn na fóirne is mó san NFL a rogha imreoirí ó fhóirne na n-ollscoileanna agus faigheann na himreoirí a roghnaítear conarthaí imeartha ar fiú na céadta míle nó na milliúin dollar.

I mbliana fuair Stephen O’Brien, leantóir de chuid na Green Bay Packers, foireann atá lonnaithe i gcathair Green Bay i Wisconsin agus atá an Superbowl buaite acu ceithre n-uaire, an deis ceann na séú rogha a dhéanamh don bhfoireann.

Agus ní hamháin gur thapaigh sé an deis, ach bhain sé amach céim stairiúil i stair an NFL agus stair na Gaeilge nó labhair sé os comhair lucht féachana breis is 200,000 san ionad, agus na milliúin ar fud na cruinne, i gcéad teanga oifigiúil na hÉireann.

“For the first time in NFL history, I’m going to do it in my Irish language so bear with me,” dúirt sé.

Mar chuid de roghnúchán an NFL 2026, seo é cinneadh na Green Bay Packers don 201ú rogha, Domani Jackson, (CB), Alabama.

Agus é ag labhairt le The Journal i ndiaidh na hócáide, dúirt O’Brien, a roghnaíodh i mbliana mar sárleantóir na fóirne ar fud na cruinne, go raibh sé tar éis Cumann Leantóirí na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann a bhunú i 2013 agus gurb é an cumann leantóirí is mó ar domhan anois é don bhfoireann.

“Is ócáid ollmhór é ‘The Draft’ ar fhéilire an NFL agus briseadh an taifead freastail i mbliana nó bhí 805,000 i láthair thar na trí lá i Pittsburgh agus na milliúin eile ag faire ar an teilifís is ardáin eile,” dúirt sé.

Maidir lena chinneadh an fógra a dhéanamh as Gaeilge, dúirt sé gur Éireannach bródúil ab ea é. “Bhí fhios agam go raibh ardán domhanda ag an Draft a shroicheann na milliúin daoine agus thapaigh mé an deis an Ghaeilge a chur sa spotsholas ar an ardán.

“Níl sé seo déanta riamh roimhe seo agus ba stairiúil an rud é gur fógraíodh é mar seo inár dteanga dhúchais.

“Le bheith cinnte go raibh an aistriúchán 100% cruinn, fuair mé comhairle ó Chonradh na Gaeilge roimh ré.”

Dúirt O’Brien go raibh cearta margaíochta idirnáisiúnta ag na Packers sa Ríocht Aontaithe agus anseo in Éirinn agus, mar sin, bíonn siad ag plé go gníomhach leis an gcumann leantóirí anseo agus bíonn sé ag tabhairt comhairle dóibh ar cheisteanna cultúrtha faoin tír seo.

Bíonn sé freisin ina óstach ar imeachtaí i mBaile Átha Cliath agus Londain agus tá múrphictiúir ina bhfuil sé féin agus cara leis, Daniel Whelan, sárleantóir eile, crochta ar fhalla ina bhaile dhúchais, an tInbhear Mór.

Tá tacaíocht á fháil ag Beartas Gaeltachta The Journal ón Scéim Tuairiscithe ar Dhaonlathas Áitiúil

Readers like you are keeping these stories free for everyone...
A mix of advertising and supporting contributions helps keep paywalls away from valuable information like this article. Over 5,000 readers like you have already stepped up and support us with a monthly payment or a once-off donation.

Close
Comments
This is YOUR comments community. Stay civil, stay constructive, stay on topic. Please familiarise yourself with our comments policy here before taking part.
Leave a Comment
    Submit a report
    Please help us understand how this comment violates our community guidelines.
    Thank you for the feedback
    Your feedback has been sent to our team for review.

    Leave a commentcancel

     
    JournalTv
    News in 60 seconds