Dúirt an Fheisire ó Shinn Féin, Lynn Boylan, go raibh náire uirthí faoin slí a d'iompaigh rudaí amach ag an gcruinniú coiste ach go raibh sí ag iarraidh pointe a dhéanamh ar son ateangaireachta ó Ghaeilge. Rolling News

Ateangaireacht na Gaeilge tar éis ár n-Uachtaránacht sa spot sholas de bharr tuplais teanga

Tá Rialtas na hÉireann ag rá go bhfuil rún daingean acu go leanfadh seirbhís ateangaireachta Ghaeilge nuair a thagann deireadh le hUachtaránacht na hÉireann ar Chomhairle an Aontais – ach níl aon chinnteacht go dtarlóidh sin nuair a éagann ár seal ar 31 Nollaig.

(This article is produced by our Gaeltacht team. You can read an English version of this piece here)

TÁ CEIST NA n-ateangairí Gaeilge san Aontas Eorpach tugtha chun tosaigh arís tar éis eachtra ina raibh feisire Shinn Féin sa Pharlaimint, Lynn Boylan, ag labhairt os comhair coiste de chuid na hinstitiúide le déanaí.

Cé go bhfuil stadas oifigiúil mar theanga oibre ag an Ghaeilge ó dheireadh 2022, tá deacrachtaí i gcónaí maidir le cur i bhfeidhm phraicticiúil an stadais sin agus tá moill ar sheirbhísí i measc ateangaireacht bheith ar fáil trasna institiúidí uilig an Aontais.  Vótáil feisirí i bParlaimint na hEorpa i 2024 go leanfaí leis an maolú a fhagann srian ar na seirbhísí seo bheith ar fáil go dtí 2029 ar a laghad.

Ag cruinniú de Choiste Ghnóthaí Eachtracha na Parlamainte coicís ó shin, cruinniú ag a raibh Aire Ghnóthaí Eachtracha agus Trádála na hÉireann i láthair ann, labhair Lynn Boylan, feisire Shinn Féin, le linn an chruinnithe.

Tharla sé gur chuir Boylan tús lena caint leis an ráiteas seo: “Go raibh maith agat a Chathaoirligh agus maidin mhaith a phríomhaire, it’s unfortunate that we can’t use our own language in this committee but I will continue now in English.”

Is ansin a dúirt an cathaoirleach go raibh sí ábalta labhairt as Gaeilge, rud a tháinig aniar aduaidh ar Boylan a dúirt: “Ah, ok, we didn’t know, so I’ll continue in English because I wasn’t prepared.”

Tá físeáin den eachtra sin feicthe ar fud na cruinne-deirtear go bhfuil breis is 7m féachaint faighte aige agus an uimhir sin ag dul i méid.

Dúirt Boylan le The Journal go raibh an cheist faoin mhaolú tógtha leo ag gníomhaithe teanga agus go raibh SF ag iarraidh deireadh a chur leis an maolú.

Maidir leis an eachtra a deineadh físeán seo, dúirt Boylan go raibh sé neamhshoiléir dóibh cé acu an mbeadh an tAire Helen McEntee i láthair ag an chruinniú mar go raibh sí le bheith i láthair, shíl Sinn Féin, ag trí chruinniú sa Bhruiséal an lá sin.

Mhínigh sí go raibh teachtaireachtaí measctha ann maidir le cé acu an mbeadh ateangaireacht ar fáil don chruinniú ag a deineadh an físeán agus go raibh ráite léi nach raibh iarratas faighte don tseirbhís sin ag cruinniú amháin go cinnte.

“Ní raibh mise ag iarraidh tabhairt faoin Aire,” dúirt sí. “Bhí an pointe níos leithne á dhéanamh againn gur cheart go mbeimís ábalta labhairt i nGaeilge ag na cruinnithe coiste.

“Tá an-náire orm faoin méid a tharla ina dhiaidh sin ag an gcruinniú.”

14th-un-climate-change-conference-poznan-poland Tá seirbhísí ateangaireachta ar fáil don Ghaeilge ag cruinnithe ar a bhfuil aire ó Rialtas na hÉireann ag freastal orthu le linn Uachtaránacht na hÉireann ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh. Alamy Stock Photo Alamy Stock Photo

Mhínigh sí freisin, toisc nach mbíonn ach dhá nóiméad ag cainteoir chun labhairt ag na cruinnithe seo, go mbeadh uirthi a ráiteas a bheith ullamh roimh ré cé acu an raibh an ráiteas i mBéarla nó i nGaeilge, agus nach raibh sé éasca ná baol air an ráiteas seo a aistriú go Gaeilge ar an bpointe boise de bharr go bhfuil an teanga casta agus deacair ag plé le h-ábhair atá sainiúil.

Cé go bhfuil dochar déanta ag an eachtra seo don iarracht go mbeadh seirbhís ateangaireachta ar fáil go buan, dar le roinnt, dúirt an Fheisire Eorpach d’Fhianna Fáil, Cynthia Ní Mhurchú, go raibh an eachtra agus an rí-rá a spreag sé tar éis an cheist faoin tseirbhís ateangaireachta a bhrú chun tosaigh.

“Tá sé seo tar éis áird a tharraingt ar an nGaeilge,” dúirt Ní Mhurchú. “An rud atá an Rialtas [na hÉireann] tar éis a dhéanamh ná ní hamháin a rá go bhfuil an Ghaeilge fíorthábhachtach agus an teanga oifigiúil ach tá siad tar éis an plean sealadach seo – bíodh sé chomh lag is atá sé, nó chomh láidir is atá sé – ar a laghad tá siad tar éis rud éigean a dhéanamh.

“Le cúnamh Dé, tá mise ag súil go mór go gcuirfidh seo an síol ag fás a chiallaíonn go gcaithfidh an Taoiseach agus an Tánaiste an oiread brú agus is féidir a chur ar an tseirbhís ateangaireachta amuigh anseo le linn an sé mhí agus tar éis sin chun deireadh a chur leis an maolú.”

I bhfreagra ón Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, faoina bhfuil Uachtaránacht na hÉireann ar Chomhairle an Aontais faoina cúram, níor tugadh freagra díreach ar an gceist cé acu an mbeadh ateangaireacht Gaeilge ar fáil nuair a thagann deireadh leis an Uachtaránacht ar 31 Nollaig na bliana seo.

“Is é seo an chéad Uachtaránacht ag Éirinn ó bhfuair an Ghaeilge stádas cothrom leis na 23 teanga oifigiúil eile,” dúirt urlabhraí na Roinne.

“Sna céad seachtainí d’Uachtaránacht na hÉireann, tá úsáid bainte as an nGaeilge, tá sí curtha chun cinn agus ceiliúradh déanta uirthi mar theanga oifigiúil de chuid an Aontais Eorpaigh agus tá rún daingean ag an Rialtas leanúint leis an gcleachtas seo.”

Agus tagairt á dhéanamh don ateangaireacht, dúirt an urlabhraí go raibh an Roinn tar éis an réamhfheasacht a leanúint trí shocrú comhoibrithe riaracháin a shíniú le Stiúrthóireacht Ateangaireachta an Aontais agus de réir seo, aontaíodh go mbeadh ateangaireacht ar fáil ag cruinnithe neamhfhoirmeálta Aireachta den Uachtaránacht agus ag cruinnithe mullaigh in Éirinn.

“Tógtar ceist na hateangaireachta Gaeilge sa Pharlaimint Eorpach go rialta ag leibhéal na n-oifigeach agus ag leibhéal na bpolaiteoirí.

“Is tosaíocht ag Rialtas na hÉireann é go n-ardófaí líon na n-ateangairí i ngach institiúid de chuid an Aontais, Parlaimint na hEorpa san áireamh, agus is cuid é d’iarracht níos leithne méadú a dhéanamh ar líon na n-oifigeach Éireannach san Aontas Eorpach mar chuid den straitéis ‘Gníomhréim don Aontas Eorpach’ a sheol an tAire Thomas Byrne.”

The Journal tar éis soiléiriú sa bhreis a lorg ar phlean an Rialtais maidir le hateangaireacht nuair a thagann deireadh leis an Uachtaránacht.

Tá tacaíocht á fháil ag Beartas Gaeltachta The Journal ón Scéim Tuairiscithe ar Dhaonláthas Áitiúil

Close
3 Comments
This is YOUR comments community. Stay civil, stay constructive, stay on topic. Please familiarise yourself with our comments policy here before taking part.
Leave a Comment
    Submit a report
    Please help us understand how this comment violates our community guidelines.
    Thank you for the feedback
    Your feedback has been sent to our team for review.

    Leave a commentcancel

     
    JournalTv
    News in 60 seconds