We need your help now

Support from readers like you keeps The Journal open.

You are visiting us because we have something you value. Independent, unbiased news that tells the truth. Advertising revenue goes some way to support our mission, but this year it has not been enough.

If you've seen value in our reporting, please contribute what you can, so we can continue to produce accurate and meaningful journalism. For everyone who needs it.

Nuair a bheidh an Virgin Galactic reidh le taisteal ag deireadh 2026 nó tús 2027, beidh an Dr Norah Patten ó Mhaigh Eo ar bórd. Virgin Galactic

Tá gniomhaireacht spáis de dhith ar Éirinn, dar lenár gcéad spásaire

Beidh an Dr Norah Patten ó Mhaigh Eo ar bórd nuair a éiríonn spás árthach Virgin dent talamh ag deireadh 2026/tús 2027.

(This article is produced by our Gaeltacht team. You can read an English version of this piece here)

TÁ GNIOMHAIREACHT SPÁIS de dhith ar Éirinn le go mbeadh comhlachtaí ón dtír seo ábalta sciar a bhaint as tionscal a meastar go mbeidh luach idir €1.5-3 míle billiún leis faoi 2040.

B’shin a bhí le rá ag an Dr Norah Patten, innealtóir aerloingseoltóireachta arbh as Maigh Eo dí ó dhúchas agus an bhean atá tofa le bheith ar an gcéad Éireannach sa spás. 

Tá Patten, a raibh ar chuairt ar Éirinn an tseachtain seo, le bheith ar bhord spásárthach tráchtála Virgin nuair a éiríonn sé den talamh ag deireadh 2026 nó go luath i 2027.

585341456_25365906559706340_4376183102359243401_n Dr Norah Patten ó Mhaigh Eo agus an Dr Shawna Pandya ó Cheanada ar chuairt go dtí rang eolaíochta i gColáiste Íosagáin le linn na seachtaine. Coláiste Íosagáin Coláiste Íosagáin

Bhí Patten agus an Dr Shawna Pandya, spásaire ó Cheanada a bheidh ar eitilt an Virgin Galactic ina teannta, ar chuairt an tseachtain seo ar Choláiste Íosagáin i ndeisceart Bhaile Átha Cliath chun labhairt le na daltaí sa mheánscoil iomráiteach lán Ghaeilge faoi na saolré féin agus na deiseanna a bheadh ann dóibh in earnáil an spáis.

Le linn a caint thug bean Mhaigh Eo le fios gur thosnaigh a suim sa spás thaisteal nuair a thug sí cuairt ar cheannáras NASA i Cleveland, Ohio, sna Stáit Aontaithe agus í 11 bhliain d’aois. Ina dhiaidh sin chuaigh sí ar Ollscoil Luimnigh agus bhain sí amach dochtúireacht san innealtóireacht aerloingseoireachta. Tá sí anois ag obair le Réaltra Space Systems Engineering i mBaile Átha Cliath agus í faoi oiliúuint agus ag déanamh taighde freisin i gCeanada.  Sara thug Pandya faoin spás, bhí sí ina lia inchinne.

Fuair an bheirt acu ceacht gairid Ghaeilge ó na daltaí a mhúin focail ar nós ‘réalt-bhuíonta/constellations’ dóibh, agus iad ag súil go mbeadh siad ag baint úsáide as an Ghaeilge le linn a spásturas mar a rinne an spásaire Chris Hadfield i 2013.

Anois agus a turas go spás ag teacht i gcongaracht, tá an bheirt acu i mbun misean tadhlóireachta ar son an spás thaisteal agus ar son infheistíocht san earnáil ar an talamh in Éirinn.

“Anois is sinne an chéad agus aon togra ar domhan atá dírithe ar thaighde agus eitilt fhithiseach, táimid bródúil as sin,” dúirt Pandya.

Thagair sí freisin don fhás domhanda ar suim sa spás agus luaigh sí mar fhianaise ar sin an fás ar an líon tíortha atá áisíneacht spáis bunaithe iontu.

Tar éis an Fuar Chogadh, bhí cúig ollchumhacht sa spás – na Meiriceánaigh, na Soibhéidigh/Rúisigh, an ghníomhaireacht spáis Eorpach, na Seapaánaigh agus Gníomhaireacht Spáis Cheanada.

“Nuair a fhéachann tú ar an éabhlóid, tagann fás gach cúpla bliain agus nuair a d’fhéach mé air Leabhar Fhíricí an CIA le déanaí, bhí breis is 96 tír lena leithéid d’eagras,” dúirt Pandya.

“Ní hé go gceapaimid go mbeidh 96 tír ag seoladh spásairí go spás ach tá tábhacht leis mar go bhfuil rochtain ag tíortha ar an spás tríd an mbonneagar, an eacnamaíocht, agus ag forbairt lucht saothair le scileanna Eolaíocht Teicneolaíocht Innealtóireacht Matamaitic/ETIM/STEM.”

Dar le Patten, bhí gá féachaint ar scéal ar bhonn níos leithne ná an spás thaisteal amháin agus ar na deiseanna geilleagrach is taighde a bhain le bheith páirteach san earnáil spáis. Thug sí mar shampla an pháirtíocht a raibh ag comhlachtaí Éireannach sa chéad satailít a sheol an Ghníomhaireacht Spáis Eorpach, togra a thug deiseanna taighde agus eile do scoláirí Éireannacha.

Dúirt sí go raibh breis is leathchéad scoláire, ábhar dochtúireachta is maistreachta, ag obair ar an togra sin. “Tá taithí acu ar mhisean a dhearadh, tá taithí acu ar crua earraí eitilte, tastáil agus eitilt,” dúirt sí. “Tá cuid acu tar éis dul uaidh sin go dtí an tionscal spáis in Éirinn, ní raibh orthu dul thar sáile mar tá níos mó agus níos mó comhlachtaí in Éirinn ag obair sa tionscal seo anois.”

Dúirt a comhghleacaí go meastar anois go mbeidh luach idir €1.5 go €3 trilliún leis an tionscal domhanda faoi 2040. Thagair sí freisin dá tír dhúchais, Ceanada, áit go bhfuil eagras darbh ainm Spás Cheanada/Space Ceanada atá ag áitiú ar an Rialtas go mbeadh Comhairle Spáis i gCeanada a dhéanfadh, mar atá déanta sna Stáit Aontaithe agus sa Bhreatain, forbairt ar straitéis comhtháite a thugann le chéile an gniomhaireacht spáis, an earnáil cosanta agus an tionscal.

Bhí ana fháilte ag Kate Ní Ghiolla Dheacair agus Éabha Scollard, a raibh i láthair ag an agallamh, roimh theachtaireachtaí dóchasach agus dúirt go raibh siad cuireadh a thabhairt do na spásairí teacht mar gheall ar a ndúil go mbeadh cainteoirí ban le próifiíl ard agus go raibh súil acu go spreagfadh an chuairt daltaí chun aghaidh a thabhairt ar an spás dá saol amach anseo. I measc na n-aíonna a thug cuairt ar an scoil le déanaí bhí an marcach Rachel Blackmore agus polaiteoirí aitheanta agus an fáth go raibh cuireadh tugtha dóibh ná go bhféadfadh siad na daltaí a spreagadh.

Tá siad ag súil níos mó cailíní ag cur spéis sna habhair ETIM ach mhínigh sí ná raibh aon saotharlann fisice ag Coláiste Íosagáin faoi láthair agus go raibh siad ag roinnt an saotharlann fisice atá ag Coláiste Eoin ar an gcampas céanna. 

Sular fhag an dhá spásaire, thug Pandya freagra ar an gceist cinniúnach.  Star Trek nó Star Wars. Dúirt sí gur shamhlaigh sí Star Wars le cogaíocht agus cluichí cumhachtacha ach gur rud éagsúil abea Star Trek. 

“Is fís uaillmhianach de thodhchaí faoi shíocháin, atá inmharthanach, atá chun tosaigh sa teicneolaíocht sa spás é Star Trek,” dúirt sí.

 Tá tacaíocht á fháil ag Beartas Gaeltachta The Journal ón Scéim Tuairiscithe ar Dhaonláthas Áitiúil

Readers like you are keeping these stories free for everyone...
A mix of advertising and supporting contributions helps keep paywalls away from valuable information like this article. Over 5,000 readers like you have already stepped up and support us with a monthly payment or a once-off donation.

Close
3 Comments
This is YOUR comments community. Stay civil, stay constructive, stay on topic. Please familiarise yourself with our comments policy here before taking part.
Leave a Comment
    Submit a report
    Please help us understand how this comment violates our community guidelines.
    Thank you for the feedback
    Your feedback has been sent to our team for review.

    Leave a commentcancel

     
    JournalTv
    News in 60 seconds