We need your help now

Support from readers like you keeps The Journal open.

You are visiting us because we have something you value. Independent, unbiased news that tells the truth. Advertising revenue goes some way to support our mission, but this year it has not been enough.

If you've seen value in our reporting, please contribute what you can, so we can continue to produce accurate and meaningful journalism. For everyone who needs it.

Tá tithe á ndéanamh sa Ghaeltacht - ach tá i bhfad níos de dhith, tugtar le fios ar shuíomh nua idirlín

Breis is 12,000 teach de dhith sa Ghaeltacht chun riachtanas tithíochta a chomhlíonadh

Beidh gá le breis is 32,000 teach i gceantair Ghaeltachta na tíre as seo go 2036 de réir na h-anailíse nua.

(This article is produced by our Gaeltacht team. You can read an English version of this piece here)

DE RÉIR SUÍOMH nua idirlín, atá ag déanamh anailíse ar staitisticí an Lár Oifig Staidrimh, tá breis is 12,000 teach de dhíth sa Ghaeltacht chun riachtanas tithíochta reatha na bpobal sna ceántair éagsúla a chomhlíonadh 

De réir One Million Homes tá 12,635 teach de dhith sna ceantair Gaeltachta ionas go mbeidh na ceantair sin ag an bunleibhéal tithíochta san Aontas Eorpach. Is ionann sina agus 50 teach le h-aghaidh gach 100 duine.   Faoi láthair, tá 37.9 teach le h-aghaidh gach 100 duine i gceantair Gaeltachta na tíre.

Má leanann an ráta tógála seo gan fás, fágfar pobail Gaeltachta ar fud na tíre gan a dhothain páistí chun na scoileanna áitiúla a choimeád ar oscailt nó cumainn spóirt, clubanna Cumann Lúthchleas Gael, a choimead ar oscailt, deir údair an tsuímh. 

Cuirfidh foilsiú na bhfigiúirí seo ar an suíomh, onemillionhomes.ie, brú sa bhreis ar Roinn na Gaeltachta. An tseachtain seo chaite bhí agóid ag an ngrúpa Bánú, gniomhaithe atá ag iarraidh gnímh maidir le breis tithe a thógáil sa Ghaeltacht, ag ceannaras na Roinne sna Forbacha i gConamara.

Ar an suíomh céanna, tugtar léargas ar a laghad tithe atá tógtha sna ceantair Gaeltachta éagsúla idir 2016 agus 2025. Thar an tréimhse deich mbliana sin tógadh breis is 1,200 teach sna pobail Gaeltachta éagsúla ar fud na tíre. 

Cuirfidh an scéal seo brú sa bhreis ar an Roinn Forbartha Tuaithe, Pobail agus Gaeltachta ar cheist na tithíochta.  Ag tús na seachtaine seo bhí agóid ag an ngrúpa tithíochta, Bánú, ag ceannáras na Roinne i gConamara, agus bhí an bhéim sa ghearán ar an easpa gnímh ón Aire Gaeltachta, Dara Calleary, ar cheist na tithíochta.

Creideann údair an tsúimh, an forbróir ar thithe inmharthanacha Rob Cass agus iar fheidhmeannach leis an gcomhlacht riomhaireachta Intel agus saineolaí san Intléacht Shaorga, Ed Dixon, nach bhfuil an dhá mhilliún duine óg idir 18-44 bliain d’aois sanáireamh ag an Rialtas agus údaráis áitiúla.

Agus iad ag míniú cén fath gur roghnaigh siad 1m teach nua mar sprioc, dúirt siad go raibh an dhá mhilliún san aois ghrúpa sin atá sa tir theana féin, mar aon le go leor eile atá thar lear agus ar mhaith leo teacht abhaile chun cónaithe in Éirinn. 

“Tá an líon tithe seo de dhíth mar gheall ar an dtearc sholáthar sa dheich bhliain dheireannach – tréimhse inar cruthaíodh timpeall ar 750,000 post nua ach nár tógadh ach isteach is amach le 200,000 teach nua agus an 750,000 – 1m post nua a chruthófar, meastar, sa dheich bhliain atá le teacht,” dúirt siad.

“Meastar go mbeidh dhá phaiste ag gach teach ar an meán agus cruthóidhs in éileamh breise sna blianta ina dhiaidh sin.”

De réir a meastúcháin, beidh 8m ina gcónaí sa tír faoi 2045 (gan Tuaisceart Éireann bheith san áireamh) agus san riar ar seo beidh gá le 4.5m teach de dhíth, sé mhillún faoi 45 bliain d’aois agus 4m faoi 18 mbliain d’aois. 

Maidir le na ceantair éagsúla Gaeltacht, ceaptar go mbeidh 32,000 teach de dhíth as seo go ceann 10 mbliana san iomlán.   De réir na h-anailíse atá foilsithe ar na ceantair Gaeltachta éagsúla ar an suíomh beidh 7,375 ag teastáil sa Ghaillimh, 2,362 i dTír Chonaill,  920 i Maigh Eo, 704 i gCiarraí, 561 i gCorcaigh, 397 sa Mhí agus 316 sna Déise.

De réir na h-anailíse ar an suíomh, tá an ráta tógála i bpobail Gaeltachta, 1.1 teach nua le h-aghaidh gach 1,000 duine sa chúig bhliain dheireanach,  i bhfad ar chúl an meán ráta tógála ar fud na tíre, is é sin 3.9%.

Cé go bhfuil sé tugtha le fios le déanaí gur tógadh 36.000 teach ar fud na tíre anuraidh, is figiúir i bhfad níos lú atá luaite don dtogáil i gceantair Gaeltachta, de réir an léargas a thugann an suíomh. 

Screenshot 2026-02-03 at 14.53.15 Léiríonn an griangraf den suíomh onemillionhomes.ie an líon tithe a tógadh i dTír Chonaill thar tréimhse deich mbliana - 2016 go 2025, agus anuraidh. One Million Homes One Million Homes

Anuraidh tógadh 234 teach san iomlán nuair a chuirtear na De réir an tsuímh, tógadh 642 teach i gceantair Gaeltachta na Gaillimhe, níos mó ná leath an iomlán.  Nuair a fhéachann tú ar an bhfigiúir sin, áfach, tugtar chun solais gur tógadh 243 teach, níos mó trian, i Maigh Cuilinn, 204 i mBearna agus 100 i mBaile Chláir is 65 i mBaile Chláir.  Tógadh 11 teach ar an gCeathrú Rua, 11 i gCluain Bú, 4 theach ar an Spidéal agus 4 theach i gCill Rónáin ar Inis Meáin. 

I dTír Chonaill, tugtar le fios gur tógadh iomlán de 314 theach, 72 aonad acu san i gCarn Domhnach, 34 ar an mBun Beag, 28 ar an bhFal Carach, 27 sna Dúnaibh agus 26 sa Chlochán Liath. Tógadh 23 teach i mBun na Leaca, 20 i nGort a’ Choirce, 13 in Ailt a’ Chorráin, 12 i gCill Charthaigh agus sna Doirí Beaga, 10 gcinn i Rann na Feirste, 5 i Loch an Iúir, 4 i gCarraig Airt, trí theach ar an gCarraig agus dhá cheann i nGleann Cholm Cille.

Tugtar figiíúir do Chiarraí Thiar amháin sa Ríocht agus i gceantar Dhaingean Uí Chúis, príomh bhaile Chorca Dhuibhne, tógadh 139 teach sa tréimhse deich mbliana 2016-25 agus, thar teorainn i gContae Chorcaí, tógadh 52 teach le linn an tréimhse, 38 i mBaile Mhic Íre agus 14 i mBéal Átha’n Ghaorthaidh.

I nGaeltacht na nDéise i bPort Láirge, tógadh 36 teach sa Rinn agus, i Maigh Eo, tógadh 51 teach, 47 i mBéal a’ Mhuirthead agus ceithre theach i nGob a’Choire. Níor tugadh figiúirí na ceantair Gaeltachta i gContae na Mí.

Tá tacaíocht á fháil ag Beartas Gaeltachta The Journal ón Scéim Tuairiscithe ar Dhaonlathas Áitiúil

Readers like you are keeping these stories free for everyone...
A mix of advertising and supporting contributions helps keep paywalls away from valuable information like this article. Over 5,000 readers like you have already stepped up and support us with a monthly payment or a once-off donation.

Close
Comments
This is YOUR comments community. Stay civil, stay constructive, stay on topic. Please familiarise yourself with our comments policy here before taking part.
Leave a Comment
    Submit a report
    Please help us understand how this comment violates our community guidelines.
    Thank you for the feedback
    Your feedback has been sent to our team for review.

    Leave a commentcancel

     
    JournalTv
    News in 60 seconds