We need your help now

Support from readers like you keeps The Journal open.

You are visiting us because we have something you value. Independent, unbiased news that tells the truth. Advertising revenue goes some way to support our mission, but this year it has not been enough.

If you've seen value in our reporting, please contribute what you can, so we can continue to produce accurate and meaningful journalism. For everyone who needs it.

Tá deacrachtaí ag muintir Thuaisceart Éireann féachaint ar TG4 fiú gur tugadh geallúint i gComhaontú Aoine an Chéasta go bhfíosrófaí conas a bheadh teacht níos leithne air. RollingNews

Is dona linn an briseadh seo - feachtas fada go mbeadh rochtain sasúil ar TG4 ó thuaidh

Thuig pobal na Gaeilge ó thuaidh go mbeadh teacht níos éasca ar TG4 tar éis Comhaontú Aoine an Chéasta i 1998 – ach níl teacht iomlán air go fóill.

(This article is produced by our Gaeltacht team. You can read an English version of this piece here.)

TÁ GÉARÚ AS an nua ar an bhfeachtas chun go mbeadh rochtain níos fearr ar TG4 ó thuaidh den teorainn, beagnach 30 bliain tar éis gur thug Rialtas na Breataine i gComhaontú Aoine an Chéasta coimitmint go bhfiosródh siad na féidireachtaí go mbeadh teacht forleathan ar an gcainéal i dTuaisceart Éireann.

De réir Claire Hanna, ceannaire an SDLP, tá feachtas á rith le go mbeadh TG4 ar fáil ag Cainéal 8 ar Freeview, comhionann an Tuaiscirt de Saorview.   Faoi láthair tá TG4 ar fáil ag 53 nó, ag brath ar na cúinsí, idir 51-53.

Ciallaíonn sin go bhfuil TG4 – in éineacht le RTÉ 1 agus RTÉ 2 – thíos ar threoir leictreonach na gcláracha ar chúl cainéalacha athchraoltaí ar nós Great Mystery, Ideal World agus Great Romance. 

Tá cainéal 8 folamh faoi láthair agus tá súil ag an fheisire Westminster le h-aghaidh Béal Feirste Theas go mbeidh TG4 ábalta an bearna sin a lionadh. 

Dar léi, tá an Aire Stáit le freagracht na craoltóireachta i Rialtas na Breataine, Ian Murray, ag léiriú go bhfuil suim ag na h-údaráis sa tír sin féachaint ar an gceist arís.

Chuir sí fáilte le seo ach dúirt sí go raibh 

“Ag cur san áireamh gurb í an Ghaeilge ainnir na h-uaire trasna an oileáin seo agus níos faide i gcéin, is deis tábhachtach í seo chun athchuairt a thabhairt ar an gceist,” dúirt sí.

Tá dul chun cínn suntasach -cé go bhfuil sé thar am – déanta maidir le h-aitheantas don nGaeilge i dTuaisceart Éireann le blianta beaga anuas.

“Chuirfeadh stadas oifigiúil do TG4 in iúl go raibh céim tábhachtach chun tosaigh eile glactha ag pobal na Gaeilge, céim a chiallódh go raibh an rochtain céanna acu ar na meáin craolta agus cainteoirí dúchais eile trasna Éirinn agus na Ríochta Aontaithe.”

I gComhaontú Aoine an Chéasta, a shínigh na pairtithe ó thuaidh maraon le Rialtais na Breataine agus na hÉireann, gheall Príomh Aire na Breataine ag an am, Tony Blair, go ndéanfadh na h-údaráis sa Ríocht Aontú fiosrú ar an bhféidireacht go mbeadh rochtain fhorleathan ar an gcainéal Ghaeilge.

Bhí go leor moille ar an bpróiséas sin agus cuireadh bac leis an rochtain ar TG4 go minic ó shin.  Roimh 1998 agus sa ré analógach, bhí teacht ar TG4 ach aeróg speisíalta a chuir in airde ar do theach ach, le teacht an ré dhigitigh sa chraoltóireacht, cothaíodh deacrachtaí nua ar nós geo-blocáil agus sin rud atá SDLP ag obair chun iad a réiteach freisin. 

I ráiteas ón Roinn Cultúr Meán agus Spórt i Londain, dúirt urlabhraí gur thacaigh Rialtas na Breataine le craoltóireacht sheirbhís phoiblí trí Ghaeilge i dTuaisceart Éireann.

Táimíd tar éis a bheith soiléir go ndéanfaimíd ár machnamh faoi TG4.a chur ar liosta na gcainéalacha sheirbhís phoiblí le go mbeadh rochtain níos éasca air.

“Rachaimíd i mbun a thuilleadh comhráití agus táimíd dóchasach go mbeidh breis dul chun cínn níos déanaí i mbliana.”

Readers like you are keeping these stories free for everyone...
A mix of advertising and supporting contributions helps keep paywalls away from valuable information like this article. Over 5,000 readers like you have already stepped up and support us with a monthly payment or a once-off donation.

Close
Comments
This is YOUR comments community. Stay civil, stay constructive, stay on topic. Please familiarise yourself with our comments policy here before taking part.
Leave a Comment
    Submit a report
    Please help us understand how this comment violates our community guidelines.
    Thank you for the feedback
    Your feedback has been sent to our team for review.

    Leave a commentcancel

     
    JournalTv
    News in 60 seconds