Sign in. It’s quick, free and it’s up to you.
An account is an optional way to support the work we do. Find out more.
Sign in. It’s quick, free and it’s up to you.
An account is an optional way to support the work we do. Find out more.
(This article is produced by our Gaeltacht team and an English version can be read here.)
BEIDH NA GAEIL ag freastal ar dhá fhéile an deireadh seachtaine – ceann acu i nGaoth Dobhair a thugann chun cuimhne ceannródaí craoltóireachta a spreag leithéidí Kneecap agus eile chun tabhairt faoin gceol comhaimseartha as Gaeilge agus ceann eile in iarthar Dhuibhneach a dhéanfaidh ceiliúradh ar oidhreacht na mBlascaod agus an saibhreas litríochta agus béaloidis a thug pobal na n-oileán san don domhan.
Osclóidh Ambasadóir na Palaistíne, Jilan Wahba Abdalmajid, Dorn san Aer in Amharclann Ghaoth Dobhair anocht (tráthnóna Dé hAoine) chun tús a chur le deireadh seachtaine de choirmeacha ceoil, seimineair, ceardlanna agus imeachtaí eile atá mar sprioc acu ceiliúradh a dhéanamh ar Rónán Mac Aodha Bhuí, craoltóir RTÉ RnaG agus ceannródaí ar go leor bealaí.
Cailleadh Mac Aodha Bhuí cothrom an ama seo dhá bhliain ó shin tar éis do bheith buailte le tamall le hailse. Tugadh é chun cuimhne ag mór agóid an deireadh seachtaine i mBaile Átha Cliath nó b’é an fear a’tí ag an agóid dheireanach ar son cearta teanga sa phríomh chathair i 2014.
Cé go raibh cairde agus comhghleacaithe Mac Aodha Bhuí faoi bhrón tar éis a bháis, bheartaigh siad a shaol a cheiliúradh le féile a thug chun cuimhne a rosc catha, Dorn san Aer, manna a bheadh á chraoladh aige go minic le linn a chláir ar RTÉ RnaG, Rónán Beo.
Ar na bannaí ceoil a bheidh ar an ardán anocht, tá Huartán, Cigire na bPuntaí agus Ramper. Oíche Shatharn beidh Bréag, an banna Feirsteach a thuill clú mar gheall ar an Ghaeilge agus reggae a phósadh le chéile, Grooveline agus go leor eile. Taispeánfar scannán nua léirithe ag Michael Moore, From Ground Zero, faoin sléacht atá á dhéanamh i nGaza ar an Domhnach agus beidh críoch croíúil Conallach ar an gcibeal le Ceoltóirí Thoraigh oíche Dhomhnaigh.
Beidh spéis freisin sa chomórtas a bheidh á reáchtáil i gcaitheamh an dheireadh seachtaine, Cath na mBannaí. B’é spreagadh na gceoltóirí agus grúpaí nua an chloch ba mhó ar phaidrín Mac Aodha Bhuí. Beifear ag súil le tallann óg a fheiceáil sa chomórtas seo a leanfaidh sna sála ar leithéidí Kneecap.
In Ionad an Bhlascaoid i nDún Chaoin tráthnóna a osclóidh Éamon Ó Cúív, Uachtarán an Oireachtais agus iar Aire Gaeltachta, Ceiliúradh an Bhlascaoid. Déanfar ceiliúradh ar ‘Chruthaitheacht na Muintire ó Inné go dtí Inniu’ agus beidh ócáidí chun plé a dhéanamh ar thraidisiún amhráin agus ceoil an oileáin.
Mar aon le sin beidh plé phainéal maidin Dé Sathairn chun saol agus saothar an fhile agus fhoilsitheora, Pádraig Ó Snodaigh, a chuir faoi chaibidil. Páirteach sa dioscúrsa sin beidh na scríbhneoirí, údair a d’fhoilsigh an Snodach saothair dá gcuid, Cathal Poirtéir, Pádraig Ó Cíobháin agus Pádraig Mac Fhearghusa.
Tá tacaíocht á fháil ag Beartas Gaeltachta The Journal ón Scéim Tuairiscithe ar Dhaonláthas Áitiúil
To embed this post, copy the code below on your site
have your say