We need your help now

Support from readers like you keeps The Journal open.

You are visiting us because we have something you value. Independent, unbiased news that tells the truth. Advertising revenue goes some way to support our mission, but this year it has not been enough.

If you've seen value in our reporting, please contribute what you can, so we can continue to produce accurate and meaningful journalism. For everyone who needs it.

Is é Gaillimh Thiar ceann des na Dáil cheantair is mó sa tír agus cuimsíonn sé an pobal Gaeltachta is mó, Conamara. Concubhar Ó Liatháin

Tábhacht na Gaeilge i nGaillimh Thiar - an Dáilcheantar leis an pobal Ghaeltachta is mó sa tír

Tá an Ghaeltacht is mó sa tír i nGaillimh Thiar, ach cé chomh tábhachtach is atá an Ghaeilge mar cheist do vótairí – agus d’iarrthóirí – ann?

(This article is produced by our Gaeltacht team. You can read an English version of this piece here)

TÁ GAILLIMH THIAR i measc na ndáilcheantar is mó sa tír agus is ann do Chonamara, an pobal Gaeltachta is mó sa tír agus, mar sin, déantar tálamh slán de gur ceist tábhachtach í an Ghaeilge agus go mbeadh gach iarrthóir toghcháin líofa sa teanga.

Ach tá an scéal iomlán níos casta ná sin. 

As 17 n-iarrthóir atá san iomaíocht sa bhfothoghchán níl ach triúr a deir go bhfuil siad líofa a ndóthain sa Ghaeilge chun bheith páirteach i ndiospóireacht beo ar leithéidí RTÉ Raidió na Gaeltachta nó TG4. Tá dornán eile atá sásta agallaimh gairide a dhéanamh ar RTÉ RnaG agus i measc iad san a raibh ar Adhmhaidin go dtí seo, tá Orla Nugent, iarrthóir Aontú, atá líofa sa Ghaeilge,  Cillian Keane, atá ainmnithe ag Fianna Fáil le seasamh agus Mark Lohan, iarrthóir Shinn Féin.

Tá Keane agus Lohan araon tar éis a rá go bhfuil Gaeilge acu ach nach bhfuil siad líofa. 

I ráiteas a d’eisigh TG4 mar fhreagra ar cheist ó The Journal, dúirt urlabhraí ná raibh sé i gceist ag an craoltóir atá lonnaithe i gceartlár Gaillimh Thiar díospóireacht idir na h-iarrthóirí a chraoladh.”

“Ní gnáthach dúinn a leithéid a dhéanamh d’fothoghcháin, beag beann ar chumas Gaeilge na n-iarrthóirí, agus is amhlaidh atá an scéal an uair seo.”

An Seanadóir Seán Kyne atá ag seasamh d’Fhine Gael agus iarrthóir na nDaonlathach Sóisialta, Míde Nic Fhionnlaoich, an bheirt iarrthóir eile le Gaeilge líofa. 

De réir torthaí phobal bhreith coimisiúnaithe ag TG4 agus an Irish Times a foilsíodh le déanaí, thug 67% d’fhreagróirí le fios nach ndéanfadh sé difir dá laghad dóibh cé acu an raibh Gaeilge líofa ag an iarrthóir nó ná raibh agus iad ag caitheamh vóta.   Dúirt 32% go n-imreodh sé tionchar ar an vóta. 

Sa phobal bhreith chéanna liostáladh seacht ábhar pholatúil déag a raibh votairí tar éis a rá go raibh tábhacht leo agus iad ag smaoineamh ar na ceisteanna a raibh ag déanamh tinnis dóibh – ní raibh an Ghaeilge ná an Ghaeltacht luaite. 

É sin ráite, tá Gaeilge líofa ag triúr as an ceathrar TD atá ag déanamh ionadaíochta ar mhuintir Ghaillimh Thiar faoi láthair agus b’é líofacht sa Ghaeilge agus an tosaíocht a thug sí don teanga ceann de mhór scéalta thoghchán na hUachtaránachta agus iar TD Ghaillimh Thiar, Catherine Connolly, á toghadh don bpost is sinsirí san Oireachtas. 

Is é Seán Kyne atá chun tosaigh sa rás don fholúntas de réir phobal bhreith TG4/The Irish Times, fiú mura bhfuil i gceist ach an méid is lú de bhuntáiste, 1%, agus cháin seisean go géar an chinneadh ag RTÉ gan diospóireacht Ghaeilge a reáchtáil le linn an fheachtais. 

“Tá an ceantar Gaeltachta is mó sa tír i nGaillimh Thiar,” dúirt sé i ráiteas láidir tar éis gur fhoilsigh RTÉ sceideal na ndiospóireachtaí a bheadh á gcraoladh le linn an fheachtais don bhfothoghcháin. 

“Is cuid dhílis den dáilcheantar anseo é, mura é an chuid is tábhachtaí ar fad é.

“Táimid bródúil as ár n-oidhreacht agus as an teanga a choinneáil beo. Ní mór gach iarracht a dhéanamh chun tacú leis seo.

“Tá oibleagáidí soiléire ar RTÉ faoin Acht Craolacháin ábhar Gaeilge a chur chun cinn agus a chruthú. Mura bhfuil siad ar an eolas faoi sin, tá an leid san ainm féin – Radio Teilifís Éireann. Is craoltóir seirbhíse poiblí na hÉireann iad.”

Ag labhairt do le The Journal, dúirt Cillian Keane go raibh sé “an tábhachtach” go mbeadh suim mhór sa teanga ag aon duine atá sa Dáilcheantar seo mar Theachta Dála.

“Tá a fhios agam nach Gaeilgeoir líofa mé ach bhí suim agam i gcónaí sa teanga,” dúirt sé, ag tabhairt le fios go raibh easpa ama agus deiseanna tar éis dul ina choinnibh, cosúil le go leor micléinn eile. 

“Ní bheadh aon cheist agam ach dá mbeinn ag seasamh i dtoghchán Dála eile, bheadh sé i gceist agam bheith píosa maith níos láidre ó thaobh na Gaeilge de.”

Dúirt sé freisin go mbeadh sé tábhachtach go mbeadh iarrthóir ábalta nó sásta pé Ghaeilge a raibh aige nó aici a úsáid agus iad ag comhrá le daoine.

Fiafraíodh do an mbeadh sé compórdach bheith páirteach ar dhiospóireacht as Gaeilge agus bhí seo le rá aige:  “Níl fhios agam an mbeinn compórdach ach dhéanfainn mo dhícheall.”

Dúirt urlabhraí thar cheann Noel Thomas, iarrthóir Independent Ireland, atá sa dara háit de réir phobal bhreith TG4/The Irish Times, nach raibh labhairt na Gaeilge ag an iarrthóir ach go raibh grá aige don Ghaeilge agus tuiscint ar thábhacht “ollmhór an teanga a chur chun cínn”.

“Mar atá’s agat, ní Gaeilgeoir é Noel, tuigim gur theastaigh uaidh i gcónaí an teanga a fhoghlaim agus nuair a cuireadh an cheist air agus é páirteach i ‘The Week in Politics’ ar RTÉ, dúirt sé, cé nár labhair sé Gaeilge, an fhaid is go raibh sé ag cuidiú le daoine sa Ghaeltacht le linn dhá bhliain deag agus é ina chomhairleoir, níor tógadh an cheist leis,” dúirt an urlabhraí.

Tá an chonspóid is binibí tar éis éirí mar gheall ar chinneadh Shinn Féin Mark Lohan a roghnú chun brat an pháirtí a iompó sa bhfothoghchán Ghaillimh Thiar.

Bhí sé ráite ag Mairéad Farrell, an TD atá ag SF i nGaillimh Thiar, ná raibh Gaeilge líofa ag Lohan ach ina dhiaidh sin, le linn do Mary Lou McDonald bheith faoi agallamh ar RTÉ, dúirt ceannaire an pháirtí go raibh Gaeilge aige agus go mbeadh sé páirteach i ndiospóireachtaí.

Agus é ag labhairt ar Adhmhaidin (RTÉ RnaG) Dé hAoine, dúirt Lohan go raibh sé “soiléir ón tús” nach Gaeilgeoir líofa abea é agus nár tógadh le Gaeilge é.  “Déanaim iarracht,” dúirt sé.

Is cainteoir ó dhúchais Ghaeilge í Míde Nic Fhionnlaoich, a tógadh i Leitir Móir i gceantar na nOileán, atá ag seasamh ar son na nDaonláthach Sóisialta agus d’admhaigh sí go raibh ceisteanna ar nós tithíocht is costas maireachtála á gcur uirthí i gConamara. 

“Dom féin, an Ghaeilge, a b’fhéidir a dhéanfadh difríocht idir Uimhir 1 agus Uimhir 2 do dhuine má tá dhá iarrthóir mhaith ar chostas maireachtála nó pé rud atá ag cur as doibh féin.”  

Dúirt sí freisin go mbíonn níos mó ná ceist amháin ag cur as do votairí, go mbionn réimse toscaí i gceist.  “Cloisim é ar na dóirse, tá sé do dhaoine, fiú amháin do dhaoine gan Gaeilge go mbeadh Gaeilge ag Teachtaí Dála Ghaillimh Thiar agus na Gaeltachta.” 

Ceist ionadaíochta atá ann, dar léi. 

Thuill Catherine Connolly go leor airde dá h-iarracht pearsanta an Ghaeilge a athfhoghlaim agus í ag tús a saol pholatúil, agus thóg sí ceist na Gaeilge go minic le linn an fheachtais toghcháin don Uachtaránacht. Agus í anois san Áras tá an iarrthóir neamhspleach Sheila Garrity, bean a raibh ról lárnach aici i bhfeachtais éagsúla ar son Connolly, ag dul chun tosaigh agus í ag súil go dtoghfar iarrthóir ón dtaobh clé.

“Is iad na ceisteanna atá ag teacht chun tosaigh ná costas maireachtála, costas maireachtála agus costas maireachtála,” dúirt sí le The Journal. “Bíodh sé sa Ghaillimh, amuig i gConamara, tá daoine ag streachailt ag cur airteola sa charr agus ag téamh an tí – is iad san na ceisteanna atáimíd ag cloisteáil.”

Níor fhoghlaim Garrity an Ghaeilge ar scoil agus í ag fás suas nó tógadh í i gCeanada ag tuismitheoirí Éireannacha.  Rinne sí roinnt sí go leor iarrachtaí thar na mblianta agus í ag obair agus ag cónaí sa Ghaillimh, ag freastal ar ranganna, ag éisteacht le podchraoltaí agus ag úsáid na n-aipeannaí.

“Déarfainn go bhfuilim ar thuras foghlamtha i leith na Gaeilge, spreagtar mé agus tugaim faoi arís agus is cinnte gur spreagadh mé le linn an fheachtais Uachtaránachta,” dúirt sí.

Dúirt sí, áfach, cé gur thuig sí daoine agus iad ag labhairt i nGaeilge ná raibh sí muiníneach agus í ag comhrá í féin.   Dúirt sí go raibh a gcuid ábhair thoghcháin dhá theangach 

Thug sí léargas ar an obair a bhí ar siúl aici i gConamara i réimse an oideachais sna luathbhlianta agus na h-iarrachtaí a dhéananann sí agus í mbun na h-oibre sin ar son na Gaeilge.   

“Tá coimitmint léirithe agam don Ghaeilge bíodh is nach cainteoir mé – tuigim a h-áit is aithním gur teanga leochailleach í agus go ndeir polasaithe an Rialtais na rudaí cearta ar fad mar gheall ar an nGaeilge ach nach gcomhlíonann siad na rudaí sin.”

I measc na n-iarrthóirí eile atá ag seasamh i nGaillimh Thiar, tá Helen Ogbu do Pháirtí an Lucht Oibre, Orla Nugent ar son Aontú, Thomas Welby (Neamhspleách), Mike Cubbard (Neamhspleách), Niall Murphy ón gComhaontas Glas, Denman Rooke ó Phobail Roimh Brabhús, AJ Cahill (Páirtí Phobal na hÉireann),  Michael Ryan (Neamhspleách), Patrick Feeney (Neamhspleách) agus John O’Leary (Neamhspleách).

Dúirt Denman Rooke ó Phobail Roimh Bhrabhús gur tógadh é lasmuigh den tír agus ná raibh labhairt na Gaeilge é dá bharr.   ”Nuair a bhog mé go h-Éirinn i 2017, rinne mé ranganna ag Conradh na Gaeilge ach is tosaitheoir mé go fóill agus ní bhéinn ábalta comhrá Gaeilge bheith agam.”

Dúirt sé, áfach, gur thuig sé tábhacht na Gaeilge agus go raibh sé meáite ar an dteanga a fhoghlaim mar gheall ar sin.  Thug sé le fios go raibh sé spreagtha freisin ag iarrachtaí Catherine Connolly an teanga a fhoghlaim agus í níos sine.

Rinneadh iarracht dul i dteagmháil le Helen Ogbu ó Phairtí an Lucht Oibre ach níor tháinig freagra roimh don alt seo bheith foilsithe. 

Beidh na staisiúin vótála ar oscailt idir 7rn agus 1oin ar an Aoine, 22 Bealtaine. 

Tá tacaíocht á fháil ag Beartas Gaeltachta The Journal ón Scéim Tuairiscithe ar Dhaonlathas Áitiúil.

Readers like you are keeping these stories free for everyone...
A mix of advertising and supporting contributions helps keep paywalls away from valuable information like this article. Over 5,000 readers like you have already stepped up and support us with a monthly payment or a once-off donation.

Close
Comments
This is YOUR comments community. Stay civil, stay constructive, stay on topic. Please familiarise yourself with our comments policy here before taking part.
Leave a Comment
    Submit a report
    Please help us understand how this comment violates our community guidelines.
    Thank you for the feedback
    Your feedback has been sent to our team for review.

    Leave a commentcancel

     
    JournalTv
    News in 60 seconds