Sign in. It’s quick, free and it’s up to you.
An account is an optional way to support the work we do. Find out more.
Sign in. It’s quick, free and it’s up to you.
An account is an optional way to support the work we do. Find out more.
(This article is produced by our Gaeltacht team. You can read an English version of this piece here)
TÁ SÉ SÉANTA ag Oifig Phríomh Aire Cheanada, Mark Carney, go raibh aon ról acu sa chosc ar thaisteal chun na tíre a d’fhógair feisire óna pháirtí i mí Mheán Fómhair ar an ngrúpa ceoil Éireannach, Kneecap.
I bhfreagra ar cheist ón Fheisire Jenny Kwan a tháinig an ráiteas ó oifig Carney maraon le h-oifigí eile i Rialtas Cheanada. I Meán Fómhair, rinne Vince Gasparro, feisire ón bPáirtí Liobrálach, fógra a scaipeadh ar na meáin soisíalta ag maíomh go raibh sé ag cur cosc ar Kneecap taisteal go dtí an tír agus an ghrúpa ar tí dul ar chamchuairt ann.
Tá cás clúmhillte á ullmhú ag dlíodóirí ar son Kneecap mar gheall ar an méid a dúirt Gasparro ina ráiteas, thug bainisteoir an ghrúpa, Daniel Lambert, le fios do The Journal roimhe seo.
Sna caipéisí a cuireadh ar fáil do Kwan, dúirt an Roinn Inimirce, Téifigh agus Saorántacht, go raibh iarratas ar chead isteach go Ceanada ó Liam Óg Ó hAnnaidh diultaithe ar an mbonn go raibh eolas ar iarraidh ón iarratas, agus go raibh iarratais ó Naoise Ó Cairealláin (Moglaí Bap) agus JJ Ó Dochartaigh (DJ Próvaí) go fóill á meas.
Seo a bhí sa ráiteas ón Roinn Inimirce, Teifeach agus Saoránach faoi chás Liam Óg Ó hAnnaidh:
In August 2025, Mr. Liam Og Hanna’s electronic travel authorization was cancelled for inadmissibility for omitting to disclose complete and accurate information on his application (failing to comply, per paragraph 41(a) of the Immigration and Refugee Protection Act ). The applicant was notified of the reasons for this decision. He remains eligible to submit a new application, which will be assessed on its own merits.
Maidir le hiarratais Moglaí Bap agus DJ Próvaí, dúradh go raibh siad fós á meas ach, idir an dhá linn, nach bhféadfaidís taisteal go Ceanada. Dúradh freisin sa ráiteas ná beadh cead ag aon duine ná raibh fógra faighte acu ag rá go raibh cead acu taisteal go Ceanada dul isteach sa tír.
Sa bhfreagra ó oifig Mark Carney ar an gceist ag fiafraí an raibh aon láimh acu sa bhfógra a rinne Gasparro, atá tofa le bheith ina fheisire ar son Eglinton-Lawrenson, bhí an méid seo le rá:
The Prime Minister’s Office was not involved in the decision for the member for Eglinton—Lawrence to make the announcement.
Tá raitis iarrtha ag The Journal ar Kneecap agus ar an Fheisire Kwan a chuir tús leis an bhfiosrú a thug chun solais na sonruithe is déanaí.
Tá ceolchoirm mhór fógartha ag an ngrúpa a bheidh á reachtáil i Staid Crystal Palace i Londain i mí an Mheithimh seo chugainn. Beidh The Mary Wallopers agus Madra Salach ag seinm sa choirm chéanna, maraon le grúpaí eile. Sa singil is déanaí a d’éisigh an ghrúpa, tá siad ag ceol le Sub Focus faoin chlampar go léir a lean mar gheall ar na cúiseanna a cuireadh i leith Mo Chara ach ar tarraingíodh siar. Tá No Comment roghnaithe mar rian na seachtaine ag Apple Music.
Tá tacaíocht á fháil ag Beartas Gaeltachta The Journal ón Scéim Tuairiscithe ar Dhaonláthas Áitiúil
To embed this post, copy the code below on your site
have your say