We need your help now

Support from readers like you keeps The Journal open.

You are visiting us because we have something you value. Independent, unbiased news that tells the truth. Advertising revenue goes some way to support our mission, but this year it has not been enough.

If you've seen value in our reporting, please contribute what you can, so we can continue to produce accurate and meaningful journalism. For everyone who needs it.

Dúradh le trí scoil i gCorca Dhuibhne díreach roimh na Nollag nach mbeadh comhllacht lonaadóireachta ábalta béilí te a chuir ar fáil dá ndaltaí. Eamonn Farrell

Daltaí i scoileanna Chorca Dhuibhne fágtha gan béilí te agus rialacha na Roinne lochtaithe

Tá daltaí i scoileanna Gaeltachta agus i gceantair iargúlta nach bhfuil teacht acu ar bhélí te mar gheall ar dheacrachtaí a bhaineann le seachadadh an bhídh.

(This article is produced by our Gaeltacht team. You can read an English version of this piece here)

TÁ PRÍOMH-OIDÍ I dtrí bhunscoil i nGaeltacht Chorca Dhuibhne ag iarraidh go ndéanfaí athbhreithniú láithreach chur i bhfeidhm scéim na mbéilí te mar go bhfuil daltaí i scoileanna beaga fán dtuath fágtha gan teacht ar an lón te atá siad i dteideal.

Tá an scéal seo ag teacht chun tosaigh agus ceisteanna á gcur faoi fheidhmiú na scéime agus caighdeán an bhídh atá á dháileadh ar pháistí.  Dúirt an chócaire iomráiteach, Darina Allen, go raibh ceisteanna le cur faoin scéim, go raibh bia á oll-táirgeadh agus á thabhairt ar thurais fada ó lár ionad i bhfad ón scoil.  Anuas ar sin dúirt sí go raibh ró phróiseáil á dhéanamh ar an mbia agus go raibh bia den chineál sin ag déanamh dochar do pháistí.

Bhí Allen ag labhairt ag cruinniú an tseachtain seo den gComhchoiste Oideachais.  Ag an gcruinniú céanna dúirt na h-eagraíochtaí neamh rialtasach, Barnardos agus Saint Vincent de Paul gur chiallaigh an scéim go raibh rochtain ag gach paiste ar bheile te.

In alt tuairimíochta ar The Journal ar maidin, dúirt Jen Cummins, Teachta Dála don bPáirtí Shoisíalta Dhaonláthach, go raibh an sprioc ar chúl na scéime go maith ach go raibh an cur i bhfeidhm easnamhach.

Rinne príomh oidí na scoileanna i gCorca Dhuibhne, Scoil Náisiúnta Bhaile an Fheirtéirigh, Scoil Náisúnta Naomh Eirc agus Scoil Chaitlín Naofa, an achainí tar éis gur chuir an chomhlacht a bhí le bheith ag soláthar na mbeilí te do dhaltaí na scoileanna in iúl go raibh siad ag tarraing siar ón chomhaontú a deineadh.

Chuir The Lunch Bag atá lonnaithe san Aonach i dTiobrad Árainn, comhlacht atá go leor gradaim buaite acu as feabhas a seirbhís agus na béilí a sholáthraíonn sé, in iúl direach roimh shaoire na Nollag nach mbeadh siad ag dul ar aghaidh leis an seirbhís don trí scoil.

I ráiteas a roinn na scoileanna le The Journal, dúradh  go gcuireann an cás seo béim ar na deacrachtaí móra atá ag scoileanna beaga tuaithe maidir leis an Scéim Bhéilí Te.

“Tá méid suntasach páipéarachais agus ualaigh riaracháin i gceist leis an scéim seo do na príomhoidí,” dúradh sa ráiteas “Ina theannta sin, is beag comhlacht bia atá sásta glacadh le scoileanna beaga, de bharr líon íseal leanaí agus costais lóistíochta.”

“Faoi na rialacha nua, tá sé riachtanach anois go gcuirfeadh comhlachtaí bia aip dhigiteach ar fáil do thuismitheoirí, rud a chruthaíonn constaicí breise do sholáthraithe.

“Ní féidir le scoileanna beaga bia réamhdhéanta a aththéamh ar an láthair mar níl an maoiniú ar fáil dóibh chun duine a fhostú sa scoil chun an obair sin a dhéanamh.”

Tá na scoileanna anois ag iarraidh ar an Roinn athbhreithniú práinneach a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na scéime, go háirithe ó thaobh scoileanna beaga tuaithe de, ionas go mbeidh na leanaí in ann na béilí a gealladh dóibh a fháil chomh luath agus is féidir.

“Caithfidh an Roinn féachaint ar na rialacha agus na coinníollacha atá leagtha síos acu do chomhlachtaí a bheadh suim acu freastal ar scoileanna mar tá na h-aipeanna agus na coinníollacha ar fad atá uatha ag dul i gcoinne ag dul i gcoinne comhlachtaí áitiúla,” dúirt príomhoide Scoil Chaitlín Naofa, Mairéad Uí Dhubhghaill Bric, le The Journal.

“Sin an ái a bhfaighfeá an bia is úr-dhéanta agus is fearr.”

Tá ráitis iarrtha ag The Journal ar an Roinn Choimirce Shoisíalta agus ar an gcomhlacht The Lunch Bag faoi na ceisteanna atá tógtha ag na scoileanna in iarthar Dhuibhneach atá a gcuid daltaí fágtha ar an dtrá folamh.

Ní h-é seo an chéad uair go raibh scoileanna Gaeltachta fágtha gan teacht ar scéim na mbéilí te de bharr fadhbanna a bhain le na rialacha.  I mí Mheán Fómhair seo caite, thug príomh oide Scoil Náisiúnta Leitir Mealláin léargas ar na deacrachtaí a raibh ag a scoil agus scoileanna eile i gConamara leis an scéim.

Tá tacaíocht á fháil ag Beartas Gaeltachta The Journal ón Scéim Tuairiscithe ar Dhaonlathas Áitiúil

Readers like you are keeping these stories free for everyone...
A mix of advertising and supporting contributions helps keep paywalls away from valuable information like this article. Over 5,000 readers like you have already stepped up and support us with a monthly payment or a once-off donation.

Close
4 Comments
This is YOUR comments community. Stay civil, stay constructive, stay on topic. Please familiarise yourself with our comments policy here before taking part.
Leave a Comment
    Submit a report
    Please help us understand how this comment violates our community guidelines.
    Thank you for the feedback
    Your feedback has been sent to our team for review.

    Leave a commentcancel

     
    JournalTv
    News in 60 seconds