Sign in. It’s quick, free and it’s up to you.
An account is an optional way to support the work we do. Find out more.
Sign in. It’s quick, free and it’s up to you.
An account is an optional way to support the work we do. Find out more.
(This article is produced by our Gaeltacht team. You can read an English version of this piece here)
TÁ PRÍOMH-OIDÍ I dtrí bhunscoil i nGaeltacht Chorca Dhuibhne ag iarraidh go ndéanfaí athbhreithniú láithreach chur i bhfeidhm scéim na mbéilí te mar go bhfuil daltaí i scoileanna beaga fán dtuath fágtha gan teacht ar an lón te atá siad i dteideal.
Tá an scéal seo ag teacht chun tosaigh agus ceisteanna á gcur faoi fheidhmiú na scéime agus caighdeán an bhídh atá á dháileadh ar pháistí. Dúirt an chócaire iomráiteach, Darina Allen, go raibh ceisteanna le cur faoin scéim, go raibh bia á oll-táirgeadh agus á thabhairt ar thurais fada ó lár ionad i bhfad ón scoil. Anuas ar sin dúirt sí go raibh ró phróiseáil á dhéanamh ar an mbia agus go raibh bia den chineál sin ag déanamh dochar do pháistí.
Bhí Allen ag labhairt ag cruinniú an tseachtain seo den gComhchoiste Oideachais. Ag an gcruinniú céanna dúirt na h-eagraíochtaí neamh rialtasach, Barnardos agus Saint Vincent de Paul gur chiallaigh an scéim go raibh rochtain ag gach paiste ar bheile te.
In alt tuairimíochta ar The Journal ar maidin, dúirt Jen Cummins, Teachta Dála don bPáirtí Shoisíalta Dhaonláthach, go raibh an sprioc ar chúl na scéime go maith ach go raibh an cur i bhfeidhm easnamhach.
Rinne príomh oidí na scoileanna i gCorca Dhuibhne, Scoil Náisiúnta Bhaile an Fheirtéirigh, Scoil Náisúnta Naomh Eirc agus Scoil Chaitlín Naofa, an achainí tar éis gur chuir an chomhlacht a bhí le bheith ag soláthar na mbeilí te do dhaltaí na scoileanna in iúl go raibh siad ag tarraing siar ón chomhaontú a deineadh.
Chuir The Lunch Bag atá lonnaithe san Aonach i dTiobrad Árainn, comhlacht atá go leor gradaim buaite acu as feabhas a seirbhís agus na béilí a sholáthraíonn sé, in iúl direach roimh shaoire na Nollag nach mbeadh siad ag dul ar aghaidh leis an seirbhís don trí scoil.
I ráiteas a roinn na scoileanna le The Journal, dúradh go gcuireann an cás seo béim ar na deacrachtaí móra atá ag scoileanna beaga tuaithe maidir leis an Scéim Bhéilí Te.
“Tá méid suntasach páipéarachais agus ualaigh riaracháin i gceist leis an scéim seo do na príomhoidí,” dúradh sa ráiteas “Ina theannta sin, is beag comhlacht bia atá sásta glacadh le scoileanna beaga, de bharr líon íseal leanaí agus costais lóistíochta.”
“Faoi na rialacha nua, tá sé riachtanach anois go gcuirfeadh comhlachtaí bia aip dhigiteach ar fáil do thuismitheoirí, rud a chruthaíonn constaicí breise do sholáthraithe.
“Ní féidir le scoileanna beaga bia réamhdhéanta a aththéamh ar an láthair mar níl an maoiniú ar fáil dóibh chun duine a fhostú sa scoil chun an obair sin a dhéanamh.”
Tá na scoileanna anois ag iarraidh ar an Roinn athbhreithniú práinneach a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na scéime, go háirithe ó thaobh scoileanna beaga tuaithe de, ionas go mbeidh na leanaí in ann na béilí a gealladh dóibh a fháil chomh luath agus is féidir.
“Caithfidh an Roinn féachaint ar na rialacha agus na coinníollacha atá leagtha síos acu do chomhlachtaí a bheadh suim acu freastal ar scoileanna mar tá na h-aipeanna agus na coinníollacha ar fad atá uatha ag dul i gcoinne ag dul i gcoinne comhlachtaí áitiúla,” dúirt príomhoide Scoil Chaitlín Naofa, Mairéad Uí Dhubhghaill Bric, le The Journal.
“Sin an ái a bhfaighfeá an bia is úr-dhéanta agus is fearr.”
Tá ráitis iarrtha ag The Journal ar an Roinn Choimirce Shoisíalta agus ar an gcomhlacht The Lunch Bag faoi na ceisteanna atá tógtha ag na scoileanna in iarthar Dhuibhneach atá a gcuid daltaí fágtha ar an dtrá folamh.
Ní h-é seo an chéad uair go raibh scoileanna Gaeltachta fágtha gan teacht ar scéim na mbéilí te de bharr fadhbanna a bhain le na rialacha. I mí Mheán Fómhair seo caite, thug príomh oide Scoil Náisiúnta Leitir Mealláin léargas ar na deacrachtaí a raibh ag a scoil agus scoileanna eile i gConamara leis an scéim.
Tá tacaíocht á fháil ag Beartas Gaeltachta The Journal ón Scéim Tuairiscithe ar Dhaonlathas Áitiúil
To embed this post, copy the code below on your site
have your say