Áiritear Teach Solais Fhánada ar cheann de na tithe solais is aille ar domhan agus tá sé ag croí lár athbheochan na Gaeltachta sa cheantar. Alamy Stock Photo

Teach Solais Fhánada ag treorú daoine ar ais go dtí an Ghaeltacht ar imeall an domhain

Tá fás agus forbairt ag titim amach i bhFánad timpeall ar an dTeach Solais ann de bharr go bhfuil daoine ag teacht ar ais ó Londain agus Dubaí chun a dteaghlaigh a thógáil ann.

(This article is produced by our Gaeltacht team. You can read an English version of this piece here)

SÉADCHOMHARTHA ATÁ AITHEANTA ar fud na tíre is ea Teach Solais Fhánada i gContae Dhún na nGall agus, mar bharr ar sin, is é croí an phobail Ghaeltachta is faide ó thuaidh ar oileán na hÉireann.

Nuair a thug The Journal cuairt ar an láthair ag deireadh mhí Iúil, bhí sé dubh le daoine a tháinig ó i bhfad agus i gcéin chun turas a thabhairt timpeall ar an bhfoirgneamh stairiúil, lonnaithe mar atá sé ar imeall na faille agus tonnta na farraige ag briseadh ar na carraigeacha.

Cé go bhfuil sé iargúlta – tá seanfhocal i dTír Chonaill a deir ‘go bhfuil sé chomh fada amach le Teach Solais Fhánada’ – tá an Teach Solais i measc na láthracha is mó a mheallann cuairteoirí sa chontae agus tagann isteach is amach le 65,000 ar chuairt ann go bliantúil. Dúirt bainisteoir an ionaid, Eimear Ní Mhathúna, go bhfuil sé an-ghnóthach arís i mbliana, níos gnóthaí fiú ná blianta eile.

The Journal / YouTube

“Tógadh é in 1817 mar gheall ar longbhriseadh an Saldanha agus tá sé ag feidhmiú mar theach solais ó shin,” a dúirt Ní Mhathúna.

Is tigh solais uathoibreach é anois ó chuaigh an coimeádaí deireanach ar scor i 1983. I 2014 chinn Coimisinéirí Solais na hÉireann go n-osclófaí don bpobal é agus tá sé ag feidhmiú mar ionad do chuairteoirí ó 2016, tráth gur ceapadh Ni Mhathúna mar bhainisteoir tar éis go raibh na blianta roimhe sin caite aici ina stiúrthóir ar Chultúrlann McAdam Ó Fíaich i mBéal Feirste.

“Táimid oscailte don phobal agus tá na seantithe athchóirithe agus thig le daoine fánacht iontu nó thig leo teacht ar thuras lae fosta agus léargas a fháil ar an saol a bhí anseo roimhe.”

Tá caifé gnóthach tógtha anois agus siopa ina gceannaíonn cuairteoirí ticéid don Teach Solais mar aon le cuimhneacháin.

Is ionad tábhachtach é ó thaobh fiontraíochta agus fostaíochta sa cheantar. “Tá 30 duine ar na leabhair againn ag obair don Samhradh agus go séasúrach agus tá cúigear againn ag obair go lánaimseartha agus daoine eile ar scéimeanna agus mar sin – is beag áit sa cheantar nach bhfuil an teach solais ag dul i bhfeidhm air,” dúirt Ní Mhathúna.

“Is beag teaghlach nach bhfuil ceangal éigean acu leis an teach solais anois.”

The Journal / YouTube

Is fiontar sóisialta é an Teach Solais, rud a chiallaíonn go dtéann brabús ar bith thar nais sa phobal áitiúil.

Tá tábhacht eile leis an Teach Solais sa mhéid is go bhfuil sé ‘lárnach’ sa bhorrадh chultúrtha atá ag tarlú sa cheantar.

Tá muid sa Ghaeltacht agus is Gaeltacht í atá ag streachailt dáiríre mar gheall ar easpa oideachais Ghaeilge, mar shampla.

“D’oscail muid mar thionscadal Gaeltachta agus tá muid ag cur na teanga chun tosaigh ón tús agus tchífidh tú sa chomharthaíocht í agus in achan rud a dhéanann muid anseo.

“Tá Gaeilge ag mórchuid den fhoireann agus iad sásta í a úsáid agus fáiltíonn siad roimh dhaoine ag teacht nó ag déanamh ordú sa chaifé as Gaeilge.”

Is cinnte go bhfuil spreagadh sa mhéid sin don bpobal sa chomharsanacht agus iarrachtaí á ndéanamh tacú leis an nGaeilge sa cheantar.

De réir Dhaonáireamh 2022, tá daonra de 2,716 i dTuaisceart Thír Chonaill, an limistéar pleanála teanga ina bhfuil leithinis Fhanada, agus dúirt 241 nó 9% gur labhair siad Gaeilge go laethúil. Cuimsíonn Tuaisceart Thír Chonaill limistéir a shíneann timpeall 60 ciliméadar ó thaobh go taobh agus 50km ó bharr go bun.

I measc na bpobail atá ann mar aon le Fánad, tá Na Dúnaibh, Ros Goill agus An Chraoslach, An Tearmann, Gleann Domhain agus Gleann Bairr.

The Journal / YouTube

Is í Michelle Nic Pháidín atá ina hoifigeach pleanála teanga sa cheantar fairsing seo agus tá go leor idir lámha aici agus í ag tacú agus ag obair i bpáirt leis an gcomharchumann áitiúil, Comhar Fhánada agus Ghleann Bhairr.

“Tá cuid mhór mhaith oibre ar siúl sa Limistéar Pleanála Teanga seo ó thaobh cúrsaí teanga,” dúirt Nic Pháidín.

“Bímid ag eagrú féilte agus ag cur ranganna Gaeilge ar fáil. Bíonn muid ag reáchtáil cúrsaí.”

Ceann de na príomhimeachtaí atá ar bun acu anois ná cúrsaí a chur ar fáil do thuismitheoirí na bpáistí scoile.

Is amhlaidh go bhfuil go leor daoine ag teacht abhaile go Fánad, daoine a d’fhág chun fostaíocht a fháil agus atá anois ábalta teacht ar ais — a bhuí b’fhéidir don tslí a tháinig borradh faoin gcianobair le linn na paindéime — agus bheith ag obair agus ag tógáil a dteaghlach.

Tá fás mar sin ar tinreamh na scoileanna áitiúla agus chun tacú le tuismitheoirí atá ag teacht abhaile, tá cúrsaí á reáchtáil do thuismitheoirí atá ar bheagán Gaeilge le go mbeidh siad ábalta cuidiú lena bpáistí obair bhaile a dhéanamh agus mar sin de.

Dúirt Nic Pháidín go mbíodh tuairim is 10,000 ag cónaí sa cheantar roimh an nGorta Mór, rud a bhuail an daonra i bhFanad an oiread is ar bhuail sé an daonra ar fud na tíre. Buille mór ab ea sin don Ghaeilge mar theanga phobail.

Ach le blianta beaga anuas, ach go háirithe le linn na paindéime, tá níos mó daoine tar éis bogadh ‘na bhaile de bharr go raibh a fhios acu agus gur aithnigh siad go raibh siad ábalta oibriú óna mbaile in áit a bheith ag obair in áiteacha cosúil le Baile Átha Cliath agus Dubai.

“Nuair a tháinig siad ar ais ‘na bhaile bhí níos mó measa acu ar an gcultúr agus bhí mian iontu a gcuid páistí féin a thógáil trí mheán na Gaeilge ina gcanúint féin ach go háirithe i gceantar cosúil le Fánad.”

Dar le Nic Pháidín, tá poist mhaithe ag na daoine atá ag teacht abhaile agus tá siad ag cur go mór le pobal na háite agus cuireann sin agus an fás atá ag teacht ar tinreamh na scoileanna áitiúla lena dóchas.

“Déarfainnse go mbeinn i gcónaí dóchasach le Fánad mar Ghaeltacht agus tá níos mó ná cúis amháin agam ar son sin,” dúirt sí.

Is ceantar galánta iargúlta é ar imeall an domhain mar a déarfá. Tá sé speisialta – tá daoine ann agus tá ceol ann. Tá cultúr ann.

“Tá comhlachtaí beaga úra ann nach raibh ann roimh an bpaindéim agus tá sin deas le feiscint agus, freisin, tá siad ag tabhairt airgid isteach chun na háite agus ag cur fostaíochta ar fáil.”

Agus sinn ag fágaint Fhánada, tá féile áitiúil faoi lán sheol. Tá páistí ar an trá ag iomaíocht i gcomórtas caisleáin gainnimhe, tá ceol sa tigh tábhairne, an Lighthouse Tavern – breis agus scór ceoltóir ag seinnt go fuinniúil, go fonnmhar agus go fónta. Is ar éigean go bhfuil tú ábalta bogadh sa seomra de bharr an oiread daoine a bheith ann, iad ag baint taitneamh as an gceol, na deochanna agus na píotsa den scoth ón trucaill bhidh lasmuigh.

B’fhéidir gurb é an pobal Gaeltachta is faide ó thuaidh ar oileán na hÉireann é – ach is cinnte gurb é an pobal Gaeltachta is giorra do neamh ar talamh freisin!

Agus b’fhéidir freisin go bhfuil an tslí chun tosaigh do thodhchaí Fhánada á léiriú ag an Teach Solais mar a léirigh sé do loingeas agus do bháid seoil a raibh ar thurais mara timpeall ar chósta Thír Chonaill.

Tá tacaíocht á fháil ag Beartas Gaeltachta The Journal ón Scéim Tuairiscithe ar Dhaonlathas Áitiúil.

Close
Comments
This is YOUR comments community. Stay civil, stay constructive, stay on topic. Please familiarise yourself with our comments policy here before taking part.
Leave a Comment
    Submit a report
    Please help us understand how this comment violates our community guidelines.
    Thank you for the feedback
    Your feedback has been sent to our team for review.

    Leave a commentcancel

     
    JournalTv
    News in 60 seconds