Dónall Mac Ruairí, laithreoir Cóisir Ceoil ar RTÉ RnaG, agus é ag ullmhú don gcraoladh speisíalta an tseachtain seo. RTÉ

Amhrán Mhuínse ar bharr liosta na n-amhrán Gaeilge is fearr le héisteoirí RTÉ RnaG

Tá Clannad, Cór Chúil Aodha, Begley agus Cooney agus Nan Tom Teaimín de Búrca i measc na n-amhránaithe atá luaite ar Bharr 40 na n-amhrán Ghaeilge is fearr le pobal éisteachta RTÉ RnaG, de réir vóta nua ag na h-éisteoirí.

(This article is produced by our Gaeltacht team. You can read an English version of this piece here)

NÍ RAIBH IONTRÁIL ag Éirinn san Eoraifís i mbliana ach bheartaigh craoltóir de chuid RTÉ Raidió na Gaeltachta, Dónal Mac Ruairí, a chomórtas féin dá chlár tráthnóna, An Cóisir Ceoil, chun an amhrán is Gaeilge is ansa leis an bpobal a aimsiú.

Agus d’fhógraíodh toradh a bheartais an tseachtain seo nuair a craoladh an liosta den dhá scór amhrán a chríochnaigh ar bharr na cairte de réir vótaí a chuid éisteoirí.

Bhí go leor réaltaí ó shaol an cheoil Ghaelaigh i measc iad san a chríochnaigh ar an liosta iomráiteach seo — Séamus Ó Beaglaoich is Steve Cooney le Bruach na Carraige Báine, Iarla Ó Lionáird agus The Gloaming le Samhradh Samhradh agus Clannad le Coinleach Glas an Fhómhair ina measc.

Ach b’é amhrán sean nóis ó Chonamara, Amhrán Mhuínse á chanadh ag Nan Tom Teaimín de Búrca, a chríochnaigh ar bharr an liosta.  Amhrán uaigneach é a chuireann síos ar uaigneas an fhile dá fhód dhúchais i gCeantar na nOileán i gConamara agus a mhian go gcuirfí ann é nuair a bhfaigheadh sé bás.

RaidionaGaeltachta / YouTube

Fógraíodh an Barr 10 ar eagrán speisialta den chlár iarnóin ceoil ag Dónal Mac Ruairí, duine de Chlann Mhic Ruairí a raibh amhrán leo féin, Méilte Cheann Dubhrann, luaite i measc an dhá scór amhrán ab fhearr leis an bpobal.

Tar éis bheith ag glacadh le moltaí agus ag comhaireamh vótaí ó go luath i mí Bealtaine, fógraíodh an liosta i Stiúideo 1 RTÉ ar an Mháirt agus bhí plúr na n-amhránaithe óga ó Bláth na hÓige ann in éineacht le Ceolfhoireann Choirme RTÉ chun rogha de na hamhráin ab fhearr a chanadh mar chuid den cheiliúradh.

Ba iad Síle Denvir, Colm Mac Con Iomaire, Fiachna Ó Braonáin, Áine Hensey, Aoife Ní Fhearraigh, Ciarán Ó Gealbháin agus Neansaí Ní Choisdealbha a bhí ar an bpainéal moltóireachta — agus ba acu a raibh dúshlán na hamhráin a chur in ord fiúntais.

RaidionaGaeltachta / YouTube

Dúirt ceannaire RTÉ RnaG, Gearóid Mac Donncha, go raibh an staisiún ag craoladh amhráin ó bunaíodh é i 1972 agus thug sé ‘fuaimrian na Gaeilge agus na Gaeltachta’ orthu.

“Sa tionscnamh fíorspeisialta seo, tá muid ag iarraidh aird a tharraingt ar na hamhráin agus na hamhránaithe sin, ar an saibhreas atá againn mar phobal, ceiliúradh a dhéanamh ar an tallann atá inár measc agus comóradh a dhéanamh orthu siúd nach bhfuil linn níos mó ach a bhfuil lorg fágtha acu ar an gceol agus ar na daoine,” dúirt Mac Donncha.

Is é seo an liosta iomlán de réir mar a roghnaigh na moltóirí:

  1. Amhrán Mhúinse – Nan Tom Teaimín de Búrca
  2. Bruach na Carraige Báine – Seamus Ó Beaglaoich agus Steve Cooney
  3. Pócaí Folamh is Cloigeann Tinn – John Beag 
  4. Óró Sé do Bheatha Bhaile – Darach Ó Catháin
  5. Samhradh Samhradh – Iarla Ó Lionáird agus The Gloaming
  6. An Cailín Álainn – Tomás Mac Eoin
  7. Gleanntáin Glas Ghaoth Dobhair – Altan
  8. An Dreoilín – Seán Monaghan
  9. An Phailisín – Róisín Elsafty
  10. Casadh an tSúgáin – The Bothy Band
  11. Coinleach Glas an Fhómhair – Clannad
  12. An Poc Ar Buille – Seán Ó Sé
  13. Mo Ghiolla, M’Fhear – Peadar Ó Riada agus Cór Chúil Aodha
  14. Seán Gabha – Piaras Ó Lorcáin agus Blath na hÓige
  15. Tá mé ‘mo shuí – Skara Brae
  16. Amhrán na nGael – Méabh Ní Bheaglaoich
  17. Óró mo Bháidín – Lumiere
  18. Sliabh na mBan – Nioclás Tóibín
  19. Báta is Bóthar  – John Spillane
  20. Trathnóna Beag Aréir – Albert Fry
  21. Is fada mo chosa gan bhróga – Eithne Ní Uallacháin
  22. Faoiseamh a gheobhada – Julie Fowlis agus Zoe Conway
  23. Contae Mhaigh Eo – Johnny Mháirtín Learaí
  24. Gréasaí Bróg – Muireann Nic Amhlaoibh 
  25. Sí do Mhamó í – The Hot House Flowers
  26. Bacach Shíol Aindí – Ye Vagabonds
  27. Caisleán an tSléibhe – Seamus agus Caoimhe Ui Fhlatharta
  28. Méilte Cheann Dubhrann – Clann Mhic Ruairí
  29. Ceap do Shuaimhneas – IMLÉ
  30. Conamara – Seán Éinniú
  31. Íochtar an Domhain – Brian Terry Mac Donncha
  32. Bríd Óg Ní Mháille – Máire agus Étain Ní Churraoin (An Chéad Ghlúin Eile)
  33. Tóg É Go Bog É – Kila 
  34. Bánshoilse – Eoghan Ó Ceannabháin
  35. Déanamh Gaineamh – Pádraig Jack
  36. Ba Loinnoireach Grian an Tráthnóna – Connie Mhary Mhicí Ó Gallachóir
  37. Bean Udaí Thall – Huartán
  38. Murda Meaisín – Súil Amháin
  39. Amhrán an Ghaeilgeora Mhóir – Tadhg Mac Dhonnagáin
  40. Siar go Conamara – Aerach.     

Beidh Ceolfhoireann Coirme RTÉ le cloisint arís ag ceolchoirm ollmhór atá á reáchtáil ag RTÉ RnaG i dTeach Phobail Chríost Rí i nGort a’ Choirce i dTír Chonaill i mí Dheireadh Fómhair. Beidh amhránaithe ó na ceantair Gaeltachta éagsúla ar an ardán ag an ócáid seo, atá á reáchtáil mar chuid de chomóradh an chéid ó bunaíodh Raidió Éireann, agus is ócáid é freisin de chuid Uachtaránacht na hÉireann ar an Aontas Eorpach.

Tá tacaíocht á fháil ag Beartas Gaeltachta The Journal ón Scéim Tuairiscithe ar Dhaonlathas Áitiúil

Close
4 Comments
This is YOUR comments community. Stay civil, stay constructive, stay on topic. Please familiarise yourself with our comments policy here before taking part.
Leave a Comment
    Submit a report
    Please help us understand how this comment violates our community guidelines.
    Thank you for the feedback
    Your feedback has been sent to our team for review.

    Leave a commentcancel

     
    JournalTv
    News in 60 seconds