Uachtarán nua-thofa na hÉireann, Catherine Connolly, ag labhairt le Coimisinéir nua cheaptha na Gaeilge ó thuaidh, Pól Deeds, ag oscailt Oireachtas na Samhna i mBéal Feirste. Concubhar Ó Liatháin

A céad turas ó thuaidh tugtha ag an Uachtarán nuathofa, agus gan í fiú insealbhaithe

Bhí Catherine Connolly i láthair ag oscailt oifigiúil Oireachtas na Gaeilge i mBéal Feirste inniu, a céad ócáid poiblí ó toghadh í ag an deireadh seachtaine.

 

(This article is by our new Gaeltacht team.  You can read an English version here.)

AGUS TÚS Á chur le hOireachtas na Samhna i mBéal Feirste Dé Chéadaoin, bhí aird an slua san Ionad Cois Cuain ar aoí speisialta ná raibh ag labhairt ón ardán, Uachtarán nua tofa na hÉireann, Catherine Connolly.

Bhí an Teachta Dála neamhspleách ó Ghaillimh Thiar ag freastal ar an oscailt oifigiúil ina ról mar chathaoirleach ar Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Pobal Labhartha na Gaeilge ag an Oireachtas eile sin, is iad sin Tithe an Oireachtais i mBaile Átha Cliath.

I gcionn coicíse beidh a céad oíche caite aici in Áras an Uachtaráin tar éis a h0cáid insealbhaithe ar an Mháirt, 11 Samhain.

Le linn an fheachtais, thug sí geallúint gur ó thuaidh a thabharfadh sí a céad cuairt agus rinne sí beart de réir briathar nó seo í i mBéal Feirste cúpla lá tar éis a toghchán.

San Ionad Cois Cuain i mBéal Feirste, bhí sí timpeallaithe ag lucht na féile agus iad go léir ag iarraidh comhghairdeas a dhéanamh leis an gCeann Stáit nuathofa agus féinphiceanna go leor á dtógáil, grianghraif a bheidh á thaispeáint go bródúil do páistí agus do ghar pháistí sna blianta atá le teacht.

Ar an ardán, ag labhairt, bhí an Aire Gaeltachta, Dara Calleary ag caint, agus  mheabhraigh  seisean don slua go raibh sé tar éis bheith ag comhrá leis an Cathaoirleach Connolly roinnt seachtainí ó shin ag cruinniú den Chomhchoiste agus iad ag plé Bille Údarás na Gaeltachta.

“Táimid ag plé an Bille anseo, dúirt mé leat an uair sin – ach seans gur tusa a bheidh ag síniú an Bille le bheith ina dlí roimh dheireadh na bliana,” arsa an tAire Calleary.

“Anois beidh tú ag síniú an Bille mar is tusa an tUachtarán le toghadh – comhghairdeas leat.”

Mhol an tAire an tUachtarán nua tofa as ucht an Ghaeilge a bheith lárnach ina feachtas.

Nuair a bhí na hóráidí thart, thosnaigh grúpa ceoil ag seinnt agus bhí an ceol chomh bríomhar go bhféadfá a fheiscint go raibh fonn rince ar an Uachtarán le toghadh. Ní raibh am ná spás do rince, áfach, agus í timpeallaithe ag lucht na dea-mhéine, ag gabháil comhghairdis léi.

Leanfaidh imeachtaí an Oireachtais i mBéal Feirste go dtí Domhnach. Tá clár iomlán imeachtaí ar fáil ar an suíomh idirlín.

Tá tacaíocht á fháil ag Beartas Gaeltachta The Journal ón Scéim Tuairiscithe ar Dhaonláthas Áitiúil

Close
Comments
This is YOUR comments community. Stay civil, stay constructive, stay on topic. Please familiarise yourself with our comments policy here before taking part.
Leave a Comment
    Submit a report
    Please help us understand how this comment violates our community guidelines.
    Thank you for the feedback
    Your feedback has been sent to our team for review.

    Leave a commentcancel

     
    JournalTv
    News in 60 seconds