We need your help now

Support from readers like you keeps The Journal open.

You are visiting us because we have something you value. Independent, unbiased news that tells the truth. Advertising revenue goes some way to support our mission, but this year it has not been enough.

If you've seen value in our reporting, please contribute what you can, so we can continue to produce accurate and meaningful journalism. For everyone who needs it.

Bhí an Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail, agus Gaeltachta, Dara Calleary ag freagairt ceisteanna faoin ngéarchéim tithíochta sa Ghaeltacht ar maidin Oireachtas TV

Cosaint déanta ag Aire na Gaeltachta ar chur chuige a Roinn i leith na tithíochta

Tráth go bhfuil géarchéim tithíochta sa Ghaeltacht, tá 10 teach ar fáil ar daft.ie i gConamara agus 573 teach ar Air BnB sa cheantar chéanna.

 (This article is produced by our Gaeltacht team. You can read an English version of this piece here)

TÁ BREIS IS 570 teach le fáil ar an ardán lóistín saoire Air BnB i gConamara inniu agus níl ach 10 teach ar fáil ar an ardán Daft.ie le h-aghaidh daoine atá ag lorg tithe ar chíos, thug urlabhraí tithíochta na nDaonláthach Soisíalta, Rory Hearne, le fios le linn diospóireacht Dála ina raibh ceistiú a dhéanamh ar chur chuige Roinn Dhara Calleary i leith géarchéim tithíochta sa Ghaeltacht. 

Bhí an Teachta Dála ag iarraidh ar an Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail, agus Gaeltachta, cur síos a dhéanamh ar an méid a bhí á dhéanamh ag a Roinn chun dul i ngleic leis an easpa tithíochta a bhí ag cur brú ar dhaoine óga ón nGaeltacht na ceantair sin a fhágáil chun a dteaghlaigh a thógaint.   

“Tá tionchar ar leith chun aimhleasa ag an ngéarchéim tithíochta sa Ghaeltacht ar na pobail seo agus ar ár dteanga,” dúirt an TD.

Ar maidin inniu bhí deich áit chónaithe ar fáil ar chíos ar daft.ie agus cé mhéid a bhí ar Air BnB, 573 – agus tuairiscíodh freisin ar maidin ar an suíomh onemillionhomes go raibh níos mó ná 12,000 teach de dhíth i gceantair Gaeltachta.

Dúirt sé go raibh cumhacht ag an Aire faoi Mír 9 d’Acht na dTithe (Gaeltacht) 2001 maidir le cúrsaí tithíochta agus d’iarr sé ar an Aire cur síos ar an méid a bhí déanta aige maidir leis an ngéarchéim tithíochta sa Ghaeltacht ag baint feidhme as na cumhachtaí sin chun tithe a chur ar fáil agus todhchaí na Gaeltachta a chinntiú.

Agus é ag cur tús lena bhfreagraí ar na ceisteanna ar an ábhar, dúirt an Aire fa0i dhó go raibh cúram na tithíochta ar an Roinn Tithíochta seachas ar Roinn na Gaeltachta agus thagair sé don easpa tithíochta sa Ghaeltacht mar ‘dhúshlán’.  Thagair sé freisin do ról Údarás na Gaeltachta, an aisíneacht forbartha eacnamaíochta a fheidhmíonn sna ceantair Gaeltachta, ina fhreagra.   

“Is cuid d’aidhm an Údaráis a chinntiú go maireann an Ghaeilge mar theanga phobail i gceantair Ghaeltachta agus go gcaomhnaitear í dos na glúinte sa todhchaí – chun na sprice sin, cuireann Údarás maoiniú ar fáil le réimse leathan d’fhiontair fostaíochta agus fiontraíochta agus tacaíonn an eagras leis le beartais straitéiseacha maidir le forbairt teanga, cultúrtha agus pobail,” dúirt an Aire.

Is fiú a nótáil go mbeidh ról, bíodh is gur ról tánaisteach a bheidh ann, ag obair le na sciarshealbhóirí cuí maidir le tacú le soláthar tithíochta sa Ghaeltacht.

 Ina fhreagra, níor thagair an Aire, áfach, do na cumhachtaí atá aige féin, faoi Mhír 9 d’Acht na dTithe ina fhreagra ar urlabhraí na nDaonláthach Shoisíalta. Faoin reachtaíocht sin, tugtar cead don Aire deontas a thabhairt ‘faoi chomhair an chostais a ghabhann le teach chónaithe sa Ghaeltacht a thógáil nó a fheabhsú’.  Tá cead aige seo a dhéanamh sa chás gur deimhin leis ‘nach rachaidh áitiú an tí chónaithe sin chun aimhleas úsáid na Gaeilge sa limistéir Gaeltachta sin’. 

Mhínigh an Aire, áfach, go raibh dul chun cínn déanta sa mhéid is go raibh comhordaitheoir thithe folmha agus tréigthe fostaithe ag Comhairle Chontae Mhaigh Eo le tacaíocht ón Údarás le déanaí agus go mbeadh an duine sin ag dul i ngleic le fadhb na dtithe tréigthe sna contaethe ar fad ina raibh ceantair Gaeltachta. 

Dúirt sé freisin go mbeadh sé ag casadh le príomh fheidhmeannach Údarás na Gaeltachta an tseachtain seo agus le príomh fheidhmeannaigh na n-údarás áitiúil ina raibh ceantair Ghaeltachta le linn mí Fheabhra chun na ceisteanna a bhain leis an dúshlán tithíochta a phlé. 

Thug sé le fios go raibh sé i mbun cruinnithe leis Aire Tithíochta James Browne freisin agus d’aidhm aige foilsiú ar ráiteas náisiúnta pleanála don nGaeltacht a dhéanamh níos luaithe ná an sprioc am de 2027 a luadh nuair a foilsíodh an Phlean Tithíochta i mí na Samhna anuraidh.  Bhí súil le treoirlínte pleanála don nGaeltacht ó 2022 agus chuir sé díomá ar go leor go raibh an céim seo curtha ar an méar fhada arís. 

Agus é ag freagairt ceist eile ar chúrsaí tithíochta ón dTeachta Dála do Ghaillimh Thiar, John Connolly, dúirt an tAire an méid seo lena chomhghleacaí pháirtí. 

Tá an t-uafás oibre á dhéanamh ar seo agus tá sé chun am a thógáil ach táimíd ag déanamh na h-oibre – b’fhearr liom go mbeadh sé ag déanamh athruithe níos tapúla ach táimíd ag déanamh na h-oibre agus ag tógaint na céimeanna a chaithfimíd a thógaint.

Readers like you are keeping these stories free for everyone...
A mix of advertising and supporting contributions helps keep paywalls away from valuable information like this article. Over 5,000 readers like you have already stepped up and support us with a monthly payment or a once-off donation.

Close
Comments
This is YOUR comments community. Stay civil, stay constructive, stay on topic. Please familiarise yourself with our comments policy here before taking part.
Leave a Comment
    Submit a report
    Please help us understand how this comment violates our community guidelines.
    Thank you for the feedback
    Your feedback has been sent to our team for review.

    Leave a commentcancel

     
    JournalTv
    News in 60 seconds