We need your help now

Support from readers like you keeps The Journal open.

You are visiting us because we have something you value. Independent, unbiased news that tells the truth. Advertising revenue goes some way to support our mission, but this year it has not been enough.

If you've seen value in our reporting, please contribute what you can, so we can continue to produce accurate and meaningful journalism. For everyone who needs it.

Chuir Tionscadal Logainmneacha Thuaisceart Éireann na bunleaganacha Gaeilge údarásacha ar fáil le h-aghaidh comharthaíocht dhá theangach do sráideanna agus bailtí fearainn ó thuaidh. Alamy Stock Photo

Tionscadal logainmneacha Thuaisceart Éireann fágtha gan maoiniú agus ceisteanna á chur ar Aire

Tá ceisteanna á chur ó thuaidh tar éis gur chinn an Aire Phobail Gordon Lyons (DUP) deireadh a chur le maoiniú do thogra a chuir leaganacha údarásacha de logainmneacha Gaeilge ar fáil le h-aghaidh comharthaíocht dhá theangach.

(This article is produced by our Gaeltacht team. You can read an English version of this piece here)

TÁ CÁINEADH GÉAR déanta ar chinneadh Roinn Phobail Thuaisceart Éireann tar éis gur chuir Aire DUP na Roinne, Gordon Lyons, deireadh le maoiniú do thogra a chuireann ar fáil leaganacha údarásacha de logainmneacha do chomharthaíocht dhátheangach.

Bhí Tionscadal Logainmneacha Thuaisceart Éireann ag feidhmiú in Ollscoil na Ríona agus é faoi stiúir ag an Ollamh Mícheál Ó Mainnín, ollamh le saineolas ar chúrsaí teangeolaíochta, agus cúntóir amháin mar aon le hoibrithe deonacha ag obair leis. Bhí an t-aonad ag fáil maoiniú de £90,000 (€105,000) in aghaidh na bliana go dtí gur tháinig deireadh leis an maoiniú sin ag deireadh mhí Aibreáin.

Tá ráiteas crochta ar shuíomh idirlín an tionscadail ag tabhairt an méid seo le fios.

The Northern Ireland Place-Name Project has now reached the end of its current funding period. As a result, the project team is in the process of winding down activities. At this time, we regret that we are no longer in a position to respond to new enquiries or requests for information or translations. We appreciate your understanding as the project concludes this phase of its work. Any update will be shared here should the situation change in the future.

Tagann an cinneadh seo agus breith tugtha san Ard-Chúirt an tseachtain seo caite ag caitheamh amach achomharc a bhí déanta ag ball den pháirtí Aontachtach, Traditional Unionist Voice, a raibh míshásta mar gheall ar chinneadh Chomhairle Cathrach Bhéal Feirste glacadh le polasaí nua i leith na Gaeilge. Cuid lárnach den bpolasaí sin go mbeadh leaganacha dátheangacha d’ainmneacha na sráideanna sa chathair á gcur in airde.

I ráiteas a d’eisigh urlabhraí Phobail an SDLP, Mark H. Durkan, dúradh gur mór an chúis díomá go raibh deireadh curtha leis an maoiniú don tionscadal “a raibh an oiread déanta chun cur leis an saol i dTuaisceart Éireann thar 30 bliain.”

“Thug Tionscadal Logainmneacha Thuaisceart Éireann cúnamh dúinn tuiscint níos fearr a fháil ar ár stair roinnte, na háiteanna óna dtagaimid agus conas mar a tháinig sé go bhfuair na háiteanna seo a gcuid ainmneacha,” dúirt sé.

“Le blianta beaga anuas, bhí ról tábhachtach ag an tionscadal in obair aistriúcháin do chomharthaí dhátheangacha — comharthaíocht atá ag éirí níos coitianta — agus beidh iarmhairtí tromchúiseacha do chomhairlí áitiúla agus a gcumas leanúint leis an obair sin.”

Dúirt Durkan go raibh an tAire Pobail ar an eolas go raibh gá le maoiniú chun go leanfadh an obair seo agus d’éiligh sé go dtabharfadh an tAire míniú soiléir cén fáth go raibh an maoiniú seo á shéanadh anois.

“Ag cur san áireamh cé chomh tábhachtach is atá an obair seo don Ghaeilge, tá ceisteanna dlisteanacha mar gheall ar an gcinneadh seo agus cé acu an raibh údar polaitiúil leis,” dúirt sé.

“Rómhinic ciorraítear tionscadail tábhachtacha mar seo ach téann suimeanna suntasacha airgid ar iarraidh i bpoll dubh Stormont nó caitear iad ar thograí a bhfuil dáimh ar leith ag an Aire leo.”

Tá an tAire Lyons tar éis a rá gurb é an Roinn Airgeadais, tráth go raibh ball de Shinn Féin ina Aire, a ghlac an cinneadh i 2022 maidir le maoiniú an tionscadail.

Agus é a labhairt ar BBC Radio Ulster ar maidin, d’fhreagair Lyons ceist an laithreora ag fiafraí cén fath gur chinn sé deireadh a chuir le maoiniú don tionscadal. 

“Sa chéad dul síos, níor ghlac mé cinneadh ar bith, ba tionscadal é seo a raibh maoinithe le ceithre bliana anuas ag an Roinn Airgeadais – ní mise ná an Roinn Phobail ach an Roinn Airgeadais atá Sinn Féin i gceannas air,” d’fhreagair sé.

“Níl mise ag sábháil £90,000, níl mise ag dáileadh £90,000 in áit eile, is é an t-aon roinn atá ag athdháileadh £90,000 in áit éigean eile ná an Roinn Airgeadais atá faoi smacht ag Sinn Féin.

“Go deimhin tá riomhphostanna agam ós mo chomhair anseo idir oifigigh sa Roinn Phobail agus sa Roinn Airgeadais ó Mhárta agus Aibreán agus iad ag fiafraí ar an Roinn Airgeadais an raibh siad sásta leanúint le maoiniú an tionscadail seo agus b’é an freagra a tháinig ar ais níos mó ná uair amháin, ná raibh siad sásta é a mhaoineadh a thuilleadh.”

Tháinig sé chun solais, áfach, i bhfreagra ón Aire Lyons ar cheist Tionóil ó go raibh an Roinn Pobail ag maoiniú an tionscadail idir 2022 agus 2026 agus, sa bhfreagra ar an gceist ó Colm Gildernew ó Shinn Féin an mhí seo caite, go raibh oifigigh a Roinne ag féachaint ar roghanna maidir le maoiniú sa todhchaí ag an bpointe sin.

Tá tacaíocht á fháil ag Beartas Gaeltachta The Journal ón Scéim Tuairiscithe ar Dhaonlathas Áitiúil

Readers like you are keeping these stories free for everyone...
A mix of advertising and supporting contributions helps keep paywalls away from valuable information like this article. Over 5,000 readers like you have already stepped up and support us with a monthly payment or a once-off donation.

Close
Comments
This is YOUR comments community. Stay civil, stay constructive, stay on topic. Please familiarise yourself with our comments policy here before taking part.
Leave a Comment
    Submit a report
    Please help us understand how this comment violates our community guidelines.
    Thank you for the feedback
    Your feedback has been sent to our team for review.

    Leave a commentcancel

     
    JournalTv
    News in 60 seconds