Sign in. It’s quick, free and it’s up to you.
An account is an optional way to support the work we do. Find out more.
Sign in. It’s quick, free and it’s up to you.
An account is an optional way to support the work we do. Find out more.
(This article is produced by our Gaeltacht team. You can read an English version of this piece here)
AGUS SINN I lár an Charghais, beidh deis ag lucht féachana na hÉireann meitheal de rannpháirtithe ar shraith nua theilifíse ar RTÉ agus iad ag tabhairt faoi dhúshlán oiriúnach don am seo den bhliain, mí a chaitheamh gan feoil a ithe.
Slán le Feoil is ainm don tsraith nua a thosnaíonn ar RTÉ 1 Dé Luain agus thar ceithre eagrán sheachtainiúil beidh deis againn go leor a fhoghlaim faoin saol feoilséantach agus suáilcí is duáilcí an tsaoil sin.
Tá sé éasca gan aon fheoil a ithe ar feadh míosa… nó an bhfuil? Tá seachtar ag glacadh páirte agus iad ag athrú nósanna itheacháin atá acu, chomh maith leis na gnáthnósanna, barúlacha agus tuairimí atá acu freisin. Le cúnamh treorach ó bhia-eolaithe, ó chócairí agus ó dhaoine eile ar bhreá leo bia, foghlaimíonn siad faoin tionchar a bhíonn ag aiste bhia atá bunaithe ar phlandaí.
Sa chéad chlár, cuirfidh na rannpháirtithe as Dún na nGall, Daingean Uí Chúise agus Béal Feirste tús le mí gan bheith ag ithe feola. Bainfidh siad triail as blasanna éagsúla, agus cloisfidh siad faoin tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag an dúshlán seo ar a sláinte agus a stíl bheatha.
Ag labhairt le The Journal, dúirt Storm Eaton Kilgallen, atá ina cónaí i mBéal Feirste ach arbh ó Loch Garman ó dhúchas di, nárbh aon iteoir mór feola ab ea í féin sular thosnaigh an taifeadadh ar an tsraith ach go raibh an dúil aici i mbia mara. Agus is é a bhí i gceist leis an dúshlán ná mí gan feoil ar bith, gan iasc ná réimse iomlán de bhia mara.
“Is feirmeoir oisire m’athair agus bhíodh oisrí, cloichéin is gach sórt bia mara againn go minic agus mé ag fás suas,” dúirt Storm.
“I dtús báire, is breá liomsa iasc. Bhí turas beartaithe agam dul go dtí an Phortaingéil ach níor smaoinigh mé go mbeadh an dúshlán seo ag titim amach ag an am céanna agus nuair a d’fhoghlaim mé bhí mé buartha mar an bia is fearr liom ná bia mara.”
An fhaid is a raibh sí sa Phortaingéil, atá clú is cáil air de bharr feabhas an bhia mara ann, bhí sí thar a bheith cúramach gan an trosca a bhriseadh trí thimpiste agus is cinnte gur mhothaigh sí go raibh sé níos deacra agus í ag ithe amuigh go minic.
“Bhí tríocha rogha ar gach biachlár ach ní raibh trí rogha gan feoil,” dúirt sí.
Bhí imní uirthí agus í ag tabhairt fén ndúshlán mar a taca an ama go raibh an taifeadadh ar bun, i mí Lúnasa anuraidh, bhí sí páirteach i bhfoireann peile in iarthar Bhéal Feirste, Laochra Loch Lao, agus bhí an fhoireann ag iomaíocht sa sraith ag an am.
“Bhí eagla orm nach mbeinn ag fáil an bia cothaitheach ceart, a dhothain prótéin is mar sin de.”
Ní ise an t-aon duine amháin ina teaghlach a raibh ag glacadh páirt sa trosca, bhí a páirtí ag caitheamh an mhí gan feoil. “Ní amháin go raibh mise ag glacadh páirt ins an dúshlán don teilifís ach bhí seisean chomh maith,” dúirt sí.
Dúirt sí go raibh sé dúshlánach mar gur duine é a dúirt go raibh sé tábhachtach go mbeadh píosa feola ar an bpláta.
“Ní raibh mé féin agus é féin chun béilí éagsúla a chocaráil – ní raibh sin chun tarlú.
“Bhí orainn beirt smaoineamh.”
D’éirigh leo dul i ngleic leis an ndúshlán agus, fiú anois agus an dúshlán thart, bíonn trí nó ceithre oíche sa tseachtain nach mbíonn feoil acu.
“Is féidir liom a rá nach séantóir feola mé,” dúirt sí. “Ach lean mé leis an ndúshlán ar feadh coicis eile tar éis don mí bheith thart.”
Dúirt sí gur éirigh sí as an ndúshlán agus í ag freastal ar phósadh agus bhí stéig mhór ar an bpláta roimpí.
Thug sí le fios, áfach, go raibh go leor buntáistí ag baint leis an saol gan feoil. Níor mhothaigh sí tinn tar éis béilí móra troma agus bhí sí fuinniúil go maith.
Beidh tú ábalta scéal Storm, atá ag obair sna meáin agus is fostaithe mar thuairisceoir leis an nuachtán Gaeilge, Seachtain, agus a seisear comrádaithe sa mheitheal ‘Slán le Feoil’ a leanúint gach Luan ag 8.30 ar RTÉ 1.
An oiread is go mbeidh na cláracha ag leanúint na rannpháirtithe ar fad, beidh míreanna ann le saineolaithe leighis agus bídh a bheidh ag cur comhairle orainn faoin saol gan feoil agus na bealaí éagsúla tabhairt faoi.
Tar éis di an sraith a chríochnú, dúirt Storm gur thuig sí gur mó ná dúshlán pearsanta di a raibh ann ach go raibh gá, ó thaobh na timpeallachta agus téamh domhanda is uile, níos mó eolais is plé a bheith ann ar na ceisteanna seo.
Tá tacaíocht á fháil ag Beartas Gaeltachta The Journal ón Scéim Tuairiscithe ar Dhaonlathas Áitiúil
To embed this post, copy the code below on your site
have your say