We need your help now

Support from readers like you keeps The Journal open.

You are visiting us because we have something you value. Independent, unbiased news that tells the truth. Advertising revenue goes some way to support our mission, but this year it has not been enough.

If you've seen value in our reporting, please contribute what you can, so we can continue to produce accurate and meaningful journalism. For everyone who needs it.

Beidh ort an síneadh fada a bhaint ó d'ainm chun eitilt a chuir in áirithe ar Aer Lingus. Leon Farrell

Is údar gearáin é le blianta ach d'fhéadfadh deireadh luath a bheith le hachrann an fhada

Tá reachtaíocht á mholadh chun a chinntiú nach mbeidh an síneadh fada imeallaithe níos mó nuair atá daoine ag líonadh foirmeacha ar líne.

(This article is produced by our Gaeltacht team. You can read an English version of this piece here)

NÍ INNIU NÁ inné a thosnaigh cainteoirí Gaeilge ag léiriú míshásaimh faoi dhrogall an Stáit agus comhlachtaí móra na hÉireann meas cuí a léiriú, dár linn, don síneadh fada.

Tuigeann cainteoirí Gaeilge go maith ach is éard is síneadh fada ann comhartha cainte ar ghutaí sa Ghaeilge a chuireann fad le fuaim an ghuta agus a athraíonn fuaim agus brí an fhocail.

I dtéarmaí teanga, ní rud suarach an ‘síneadh fada’ cé nach bhfuil ann ach marc beag os cionn guta i bhfocal. Dá laghad iad mar mharc ar pháipéar nó ar scáileán ríomhaire, is mór an tionchar a bhíonn ag sínte fada ar fhocal — is mór an difir idir ‘cáca’ ar mhaith leat slis de agus ‘caca’, an gnó a dhéanfadh do ghadhar ar thaobh an bhóthair.

Is mór an difríocht freisin idir ‘Ó’ i sloinne duine, a chiallaíonn de shliocht nó de chlann, agus ‘O” nach bhfuil aon chiall leis i nGaeilge ná, go deimhin, i mBéarla.

Tá deacracht ag comhlachtaí áirithe déileáil leis an síneadh fada, go háirithe na comhlachtaí a bhfuil córais áirithinte acu, leithéidí comhlachtaí eitleoireachta agus eile, mar nach n-aithnítear an comhartha cainte i gcórais éagsúla, go háirithe córais níos sine.
Is é an argóint a dhéantar ná go mbeadh sé róchostasach na córais ríomhaireachta sin a uasghrádú chun úsáid sínte fada a éascú.

Ach tá an chosúlacht ar an scéal anois mar go bhfuil cásanna á measúnú ag an gCoimisiún um Chosaint Sonraí (CCS) ina bhfuil an síneadh fada ag a lár. De réir Alt 16 den Rialachán Ginearálta um Chosaint Sonraí nó GDPR mar is fearr aithne dó, tá cead ag duine a bhfuil sonraí faoi á gcoimeád ag comhlacht a éileamh gurb é an leagan ceart dá shonraí atá á gcoimeád ag an gcomhlacht.

Tá cás ón mBeilg faoin rialachán seo agus comhartha cainte ar fhocal a d’fhéadfadh a bheith ina fhasach agus cás na sínte fada á meas in Éirinn.

Bille i dTithe an Oireachtais

Cuireadh Bille os comhair na Dála ag tús mhí Márta chun cosaint a thabhairt don síneadh fada ach tá féidearthacht ann anois, de bharr fasach ó chás sa Bheilg, gur sna cúirteanna a réiteofar an cheist agus gur ann a socrófar go bhfuil dualgas ar na húdaráis agus comhlachtaí poiblí is príobháideacha ainmneacha daoine le síntí fada a litriú mar is ceart.

Rialaigh an chúirt sa Bheilg i 2019 go raibh ceart ag custaiméar i mbanc a ainm bheith á litriú ag córais riomhaireachta an bhainc.

Dúradh sa rialú nach raibh an banc i dteideal gan an córas ríomhaireachta a chur in oiriúint chun glacadh le comharthaí diacriticis, ar nós an síneadh fada nó an umlaut, fiú dá mbeadh costas mór agus uaireanta fada oibre i gceist chun sin a bhaint amach.

Cuireann sé isteach ar dhaoine ar go leor bealaí. Is mílitriú ar ár n-ainmneacha atá ann nuair nach . Ní féidir eitilt a chur in áirithint ar Aer Lingus ag baint úsáide as ainm le sínte fada ach, is fiú a lua, is féidir le haerlínte eile, leithéidí British Airways mar shampla. Tá deacrachtaí freisin maidir le cuntais agus ainmneacha le sínte fada ag bainc éagsúla.

Ní hé m’ainm é mura bhfuil fada ann

I gcás fear Gaeltachta amháin, an léiritheoir scannáin Ciarán Ó Cofaigh, fuair sé amach go raibh a ainm á mhílitriú agus é san ospidéal sa Ghaillimh.

Mar gheall ar seo, is fiú é tinn, thosnaigh Ó Cofaigh cás in éadan an Fheidhmeannacht Sheirbhísí Sláinte mar gheall ná raibh na sínte fada ina ainm le sonrú ar a thaifead ar chóras ríomhaireachta.   Dar leis gur sárú a raibh sa mhíchruinneas seo ar Alt 16 de na Rialacháin Um Chosaint Sonraí Ginearálta (RGCS).

Rinne Ó Cofaigh gearán leis an Coimisiún Um Chosaint Sonraí (CCS/Data Protection Commission/DPC) in Éirinn ach b’é an rialú a rinne an CCS, a chuir siad ar fáil dúinn mar thoradh ar ár bhfiosrú, ná raibh cur isteach ar a bhun chearta.  Sa rialú thagair an CCS don gcostas a thitfeadh ar an FSS chun córas riomhaireachta an eagrais a uasdátú chun úsáid a bhaint as sínte fada. 

Deineadh tagairt sa rialú freisin do chásanna san Eoraip agus cé go bhfuil dualgas ar eagrais atá sonraí pearsanta faoina smacht bheith ‘réasúnta cúramach’ agus iad ag plé leis, rialaíodh nach ceart daingean é ceart an cheartúcháin faoi Alt 16 den GDPR.

Ag labhairt do le The Journal an tseachtain seo, dúirt Ó Cofaigh ná bhfuair sé aon sásamh ag an am ná ó shin ar an gceist.  Mhínigh sé go raibh sé san oisbidéal ag an am a thosnaigh sé a chás agus go raibh sé fós ag fulaingt leis an ngalar céanna is mar sin ná raibh pócaí doimhin a dhothain chun an cás a throid go leanúnach. 

“Rinne siad cinneadh ach bhí an cinneadh lag i mo thuairim,” dúirt sé.  “Bhí siad ag iarraidh fáil réidh leis i ndáiríre, ní raibh siad ag iarraidh bheith ag deileáil leis.”

Tá an seasamh céanna aige go fóill, seacht mbliana níos faide anonn. “Níl aon rud athruithe agus tá mise fós den tuairim gur chóir go mbeadh mo dhindiúirí ceartaithe nuair atá siad míchruínn faoi Alt 16 den GDPR, an cheart um cheartúcháin. 

“Níl sé sin forálaithe, níor aontaigh siad liom agus tá neart polaiteoirí a deir go bhfuil mé ceart ach ní hé go raibh aon tacaíocht le fáil uathu.

“Tá fadhbanna agamsa le h-ailse, táim ag babhta 4 d’ailse prostrate so, dáiríre, ní raibh ach méid áirithe go raibh mé i ndán a dhéanamh.

“Rinne mé iarracht an rud dlí a leanacht ach, ar ndóigh, tá pócaí móra ag teastáil le n-aghaidh sin agus cuid de na h-eagraíochtaí a dúirt go dtabharfadh siad tacaíocht dom, nuair a bhí an crú ar an dtairne, in áit tacaíocht iomlán, bhí siad beagán tacaíocht a thabhairt.”

Conas mar a dheintear ainmneacha a mhílitriú? Deintear mílitriú ar a n-ainm go minic ar taifid phoiblí – baintear úsáid as “O’ ” in ionad “Ó” mar shampla.   

Córas áirithintí

Tá gearáin déanta le hAer Lingus agus comhlachtai eile ar an mbonn céanna. 

I gcás Aer Lingus, baineann an aerline usáid as córas riomhaireachta ‘Astral’ nach nglacann ach le carachtair chaighdeán ASCII alfa-uimhriúil.  Baineann comhlachtaí eile úsáide as córais eile atá ábalta deileáil le sínte fada agus béimeanna eile.

I bhfreagra ar fhiosrú ó The Journal, dúirt urlabhraí thar cheann Aer Lingus nach ligeann an chóras airithinte atá ag Aer Lingus faoi láthair, Astral, do chustaiméirí úsáid a bhaint as sínte fada mar gur forbraíodh é sna 60í déanacha ar ardán nach féidir a leithéid a úsáid. 

“Aithnímíd na srianta atá ar an gcóras maidir le glacadh le carachtairí speisíalta agus gabhaimíd leithscéal le custaiméirí as aon mhí-aisiúlacht atá mar thoradh ar sin,” dúirt an urlabhraí, ag míniu di nach gcuireann sé seo isteach ar chumas an chustaiméara taisteal le hAer Lingus. 

“Agus córais na todhchaí á fhorbairt, táimíd ag meá céimeanna réasunta a chuir in áit chun dul i ngleic leis an gceist seo.”

Bhí an deacracht chéanna le córas áirithinte Iarnród Éireann ar feadh i bhfad. Ní raibh an síneadh fada á aithint ag an chóras agus chiallódh sin go gcuirfí an ainm as a riocht ar an bpainéal os cionn do shuíochán. D’éirigh leis an gcomhlacht an córas sin a réiteach le blianta beaga anuas.D’fhéadfadh faoiseamh teacht freisin ó Theach Laighean. Aengus Ó Snodaigh, an Teachta Dála ó Shinn Féin, atá ag cur an Bille os cómhair na Dála agus anois tá Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2026 ag an dara chéim sa chúrsa reachtaíochta. 

Bille é seo a dhéanfadh leasú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla i 2003, an tAcht um Chosaint Sonraí 2018 agus an tAcht um Rialáil Cumarsáide 2011 dá reachtófaí é.

Is é an tAcht um Chosaint Sonraí an phríomhreachtaíocht ar mhaith le hÓ Snodaigh a leasú. De réir Alt 92, mír 17: “for the purposes of this section, personal data are inaccurate if (a) they are incorrect or misleading as to any matter of fact, or (b) they are incomplete in a material manner.”

Is é an leasú atá molta ag Ó Snodaigh ná go gcuirfí an méid seo leis an mhír sin: “or (c) if they include an inaccurate rendering of the name or address of a data subject including but not limited to where a name or address in the Irish language omits a síneadh fada on a vowel or has been Anglicised, whether in part or in full, unless requested by the data subject.”

Tá an téacs i mBéarla mar, ar nós go leor Achtanna atá rite ag an Oireachtas, níl leagan Gaeilge ar fáil de ‘The Data Protection Act 2018′.

Ordú ón Aire

Le déanaí, sa Dáil, d’fhiafraigh Ó Snodaigh d’Aire na Gaeltachta, Dara Calleary, cén uair a bheadh seisean ag síniú forordú a chuirfeadh dualgas ar chomhlachtaí poiblí “maidir le taifead agus úsáid cheart ainmneacha daoine le síntí fada.”

Ina fhreagra dúirt an tAire Calleary go raibh súil aige “fógra a dhéanamh go luath anois go bhfuil tús curtha leis an gcomhairliúchán ar na dréacht-chaighdeáin teanga.”

Dúirt sé go ndéanfaí comhairliúchán leis na Ranna Rialtais ábhartha ina dhiaidh sin agus, i mbeagán focal, go mbeadh tús á chur le próiseas comhairliúcháin níos déanaí i mbliana.

Fágann freagra an Aire gur ar éigean go mbeidh réiteach ar an bhfadhb seo le linn 2026 agus fiú nuair a bheidh an forordú sínithe aige, ní bheidh feidhm aige ar chomhlachtaí príobháideacha ar nós Aer Lingus.

Ós rud é gur rialachán ón Aontas Eorpach an GDPR, áfach, tá argóint láidir ann go mbeidh úsáid á bhaint as an gcás sa Bheilg mar fhasach i gcásanna eile atá ar na bacáin in Éirinn ar an gceist seo agus neosfaidh an aimsir an mbeidh siad os comhair na gcúirteanna sula mbeidh réiteach ar an gceist ó Thithe an Oireachtais.

B’fhéidir nach ró fhada uainn deireadh an scéil fada seo!

Tá tacaíocht á fháil ag Beartas Gaeltachta The Journal ón Scéim Tuairiscithe ar Dhaonlathas Áitiúil.

Readers like you are keeping these stories free for everyone...
A mix of advertising and supporting contributions helps keep paywalls away from valuable information like this article. Over 5,000 readers like you have already stepped up and support us with a monthly payment or a once-off donation.

Close
Comments
This is YOUR comments community. Stay civil, stay constructive, stay on topic. Please familiarise yourself with our comments policy here before taking part.
Leave a Comment
    Submit a report
    Please help us understand how this comment violates our community guidelines.
    Thank you for the feedback
    Your feedback has been sent to our team for review.

    Leave a commentcancel

     
    JournalTv
    News in 60 seconds