Sign in. It’s quick, free and it’s up to you.
An account is an optional way to support the work we do. Find out more.
Sign in. It’s quick, free and it’s up to you.
An account is an optional way to support the work we do. Find out more.
(This article is by our Gaeltacht team. You can read an English version here.)
“BOTÚN CÓDÁLA” BA chúis le Gaeilge bheith luaite cóngarach do bhun an pháipéir ar a bhfuair daltaí a rinne Scrúdú an Teastais Shóisearaigh a dtorthaí an tseachtain seo, thug urlabhraí Coimisiún na Scrúduithe Stáit le fios do The Journal inniu.
Tugadh chun solais ar eagrán na Céadaoin de Thús Áite ar RTÉ Raidió na Gaeltachta go raibh iontas ar thuismitheoir dalta a rinne an Teastas Sóisearach ná raibh an Ghaeilge luaite ag barr an liosta, a háit traidisiúnta os cionn Béarla agus Mátamaitic, ach cóngarach don bhun, díreach ar bharr Oideachas Reiligiúnach agus Amharcealaíon.
Rinne The Journal an scéal a fhiosrú le Coimisiún na Scrúduithe Stát agus tháinig freagra ó urlabhraí an fhorais a dhéanann na scrúduithe sin a bhainistiú tráthnóna Dé hAoine.
De réir an urlabhraí, “botún códála” a tharla de bharr go raibh Gaeilge ar an liosta mar “Gaeilge T1″, seachas An Ghaeilge, de bharr gur rinne an dalta sin an scrúdú “Gaeilge T1″. Dalta ab ea an t-iarrthóir i nGaelcholáiste ina raibh Gaeilge T1 á múineadh.
Bíonn deis ag daltaí i meánscoileanna Gaeltachta agus san earnáil Ghaeloideachais Gaeilge T1 a dhéanamh, sonraíocht atá dírithe ar chainteoiri dhúchais agus a thugann deis do dhaltaí díriú ar ghnéithe den Ghaeilge, d’fhilíocht agus do chúrsaí canúna is eile. Tá sé níos dúshlánaí ná Gaeilge T2 atá ar fáil i scoileanna taobh amuigh den Ghaeltacht.
Dúirt urlabhraí an Choimisiúin go gcuirfí an botún ina cheart agus nach dtarlódh a leithéid arís.
Tagann an scéal seo sna sála ar dhíomá bheith léirithe ag eagrais Ghaeilge de bharr ná raibh aon mhaoiniú sa bhreis luaite leis an oideachas Ghaeilge/Ghaeltachta sa Bhuiséad a fógraíodh níos túisce an tseachtain seo.
Tá freagra iarrtha ar an Roinn Oideachais agus Óige faoi seo.
Tá tacaíocht á fháil ag Beartas Gaeltachta The Journal ón Scéim Tuairiscithe ar Dhaonláthas Áitiúil
To embed this post, copy the code below on your site
have your say