Take part in our latest brand partnership survey

We need your help now

Support from readers like you keeps The Journal open.

You are visiting us because we have something you value. Independent, unbiased news that tells the truth. Advertising revenue goes some way to support our mission, but this year it has not been enough.

If you've seen value in our reporting, please contribute what you can, so we can continue to produce accurate and meaningful journalism. For everyone who needs it.

Alamy Stock Photo

Ní rachaidh an gearradh VAT i ngleic le hardú costais eile atá ag caifé beag i gConamara

Cé go bhfuil cuma ar an laghdú cáin go dtacaíodh sé le gnóthaí bia timpeall na tíre, tá sé ráite ag úinéir caifé i gConamara nach mbeidh an t-airgead taisce rómhór toisc go bhfuil costais eile ag ardú.

 (This article is by our Gaeltacht team. You can read an English version here.)

TÁ SÉ RÁITE ag úinéir caifé i nGaeltacht Chonamara nach ndéanfaidh an cinneadh ón rialtas an cháin bhreisluacha (CBL) a laghdú ó mhí Iúil 2026 ar aghaidh mórán difríocht don ardú costais eile atá aige. 

Deir úinéir caifé An Pota, Diarmuid Ó Mathúna, nach mbeidh an t-airgead taisce rómhór nuair a thagann laghdú na cánach isteach, toisc go bhfógraíodh ardú ar an mbun-ráta pá agus ar íocaíochta pinsin d’oibrithe sa Bhuiséad.

Bunaithe ar an mata atá déanta aige, creideann Ó Mathúna go mbeidh coigilteas thart ar €7,000 in aghaidh bliana amháin nuair a laghdaíonn an ráta CBL ó 13.5% go 9%. Ach mar gheall ar na híocaíochta breise pinsin agus bun-ráta pá a fógraíodh sa bhuiséad, beidh sé thíos thart ar €14,000.

“Ní féidir linn an gearradh [don CBL] a chur ar aghaidh do chustaiméirí toisc go bhfuil costais eile ag ardú. Beidh mé níos measa as,” a dúirt sé. 

“Táimid séasúrach anseo agus bíonn rudaí gnóthach sa samhradh ach éiríonn le rudaí a bheith níos ciúine ag deireadh Mí Lúnasa ar aghaidh.”

“Tá sé deacair daoine a fháil a bheith ag obair mar ghairm anseo agus bíonn muid ag braith ar dhaoine atá san ollscoil nó atá ag iarraidh post don samhraidh.”

“Uaireanta bím mar fhreastalaí ar an urlár i m’aonair gan aon duine liom agus is é sin ceann de na deacrachtaí a bhíonn againn.”

Ag labhairt ar chúrsaí airgeadais, dúirt Ó Mathúna go mbíonn sreabhadh airgid deacair i mí Eanáir agus i mí Feabhra, agus nach éiríonn leis An Pota a bheith níos gnóthaí arís go dtí saoire na Cásca. 

“Beidh muid ag íoc an ráta CBL níos airde go dtí mí Iúil agus tá sé sin deacair nach mbeidh an ráta eile ag tíocht isteach le haghaidh céithre mhí eile [ó ham na Cásca],” a dúirt sé. 

Bunaithe ar fhigiúirí ó Fáilte Ireland, tá an mhéid turasóirí tar éis titim in Éirinn agus bíonn tionchar aige sin ar chúrsaí gnó, go háirithe sa Ghaeltacht. 

Dúirt Ó Mathúna go bhfuil an mhéid daoine a bhíonn ag teacht ó Mheiriceá níos ísle ná mar a bhí agus is iad muintir na Fraince agus na Gearmáine a bhíonn ag teacht ar thuras go dtí an Ghaeltacht i rith an tsamhraidh.  

“B’fhéidir mar gheall ar chúrsaí Trump, Iosrael agus an Phalaistín, níl mórán daoine ó Mheiriceá ag taisteal anseo a thuilleadh. Tá fadhbanna ann chomh maith le costas ard lóistín agus táimid mí-iomaíoch ar bhealach,” a dúirt sé. 

Ina theannta sin, dúirt Ó Mathúna go bhfuil sé sásta leis an gcinneadh ón rialtas an cháin bhreisluacha a ísliú. 

“Cuirimid fáilte roimh an mbeart seo, agus bhíomar ag troid agus ag feacthasaíocht ar a shon le tamall,” a dúirt Ó Mathúna.

“Tá am eisceachtúla ann anois agus ta níos mó dúshláin ann ná mar a bhí, fiú i rith am Covid. Tá praghasanna ag ardú do dhaoine agus tá go leor áiteanna ag dúnadh mar gheall air sin, so táimid an-bhuíoch as.”

“Tá súil agam go dtabharfaidh an cinneadh seo maidir leis an CBL muinín do gnóthaí atá ag streachailt an fód a sheasamh agus go bhfanfaidh siad oscailte.”

Tá tacaíocht á fháil ag Beartas Gaeltachta The Journal ón Scéim Tuairiscithe ar Dhaonláthas Áitiúil

Readers like you are keeping these stories free for everyone...
A mix of advertising and supporting contributions helps keep paywalls away from valuable information like this article. Over 5,000 readers like you have already stepped up and support us with a monthly payment or a once-off donation.

Close
6 Comments
This is YOUR comments community. Stay civil, stay constructive, stay on topic. Please familiarise yourself with our comments policy here before taking part.
Leave a Comment
    Submit a report
    Please help us understand how this comment violates our community guidelines.
    Thank you for the feedback
    Your feedback has been sent to our team for review.

    Leave a commentcancel

     
    JournalTv
    News in 60 seconds