We need your help now

Support from readers like you keeps The Journal open.

You are visiting us because we have something you value. Independent, unbiased news that tells the truth. Advertising revenue goes some way to support our mission, but this year it has not been enough.

If you've seen value in our reporting, please contribute what you can, so we can continue to produce accurate and meaningful journalism. For everyone who needs it.

Tá Dara Deasy ó Chorcaigh i measc na sluaite ó Éirinn atá imithe go Prág don gcluiche mhór. Beidh tráchtaireacht Ghaeigle ar fáil dúinne sa bhaile ar RTÉ. Ben Brady/INPHO

Náisiún ar chipíní ag feitheamh ar an gcluiche mór idir Éirinn agus An tSeicia, deir tráchtaire

Tá tráchtaireacht bheo as Gaeilge le bheith ar fáil don gcluiche mhór idir Éirinn agus An tSeicia ar RTÉ News Now.

(This article is produced by our Gaeltacht team. You can read an English version of this piece here)

AGUS AN FEADÓG deiridh ag druidim linn sa chluiche mór idir Éirinn agus An tSeicia i bPrág anocht, beidh an chuid is mó againn ar chipíní ag brath ar cén slí atá rudaí ag dul ach beidh fear amháin, Garry Mac Donncha, ag breacadh roinnt nótaí síos – agus ag coinneáil súil ghéar ar an imirt. 

Is é Garry, arbh as an gCeathrú Rua do ó dhúchas, a bheidh ag déanamh an tráchtaireacht bheo as Gaeilge do RTÉ ar an gcluiche cáilithe barr thábhachtach seo agus tá sé ag súil go leanfaidh an rith buach a thosnaigh lena thráchtaireacht ar an gcluiche tábhachtach le Sasana i gCraobh na Sé Náisiún. 

Ach fanfaimid leis an dtráchtaireacht ar na soicindí deireanacha tamall beag eile.  

Agus é i mbun a chúram anocht, beidh Mac Donncha ag smaoineamh ar na hócáidí móra spóirt eile, ócáidí a d’fhág mar oidhreacht againn roinnt línte do-dhearmadta.

Ar nós ‘tá an Náisiún ar Chipíní/A Nation Holds Its Breath’ ó bhéal George Hamilton sular scóráil David O’Leary an cic pionóis sin i 1990.

Nó an liosta de bhoinn Oilimpeacha a bhuaigh laochra spóirt na hÉireann a thug Jimmy Magee chun cuimhne agus John Treacy ag rith chun bonn airgid ag na Cluichí Oilimpeacha i 1984.

Nó an tráchtaireacht lán mothúchán a rinne Seán Bán Breathnach agus Katie Taylor ag troid ar son an bhoinn óir i Londain.

Nó an cur síos achomair a rinne Mícheál Ó Muircheartaigh ar oidhreacht iomána Sheáin Óig Uí hAilpín agus fear Chorcaí ina chaptaein ar fhoireann buach a chontae i gcluiche ceannais na hÉireann i 2005.

D’admhaigh fear na Ceathrún Rua go mbeadh sé ag breacadh síos roinnt nótaí gan amhras don uair a aimseoidh tosaitheoir na hÉireann cúl an bhua sna soicindí deireanacha ach go mbeidh sé ag díriú áird ar an gcluiche le bheith cinnte go mbeidh an ainm ceart don scórálaí aige.  Bheadh sé ag súil píosa deas tráchtaireachta a dhéanamh a ínseodh scéal an chluiche ionas go mairfeadh sé i gcuimhne an lucht féachana. 

Tá forbairt mhór ar an tráchtaireacht bheo as Gaeilge atá á tairiscint ag RTÉ ar chluichí móra idirnáisiúnta i mbliana agus b’é an cluiche idirnáisiúnta idir Éirinn agus Sasana an mhí seo caite a chuir tús leis an rogha seo a bheith ar fáil do lucht leanta an sacair agus an rugbaí.

Is cinnte go bhfuil áthas ar an tráchtaire go bhfuil Éire tar éis bheith buach agus eisean ag an micreafón go dtí seo agus é ag súil go leanfaidh an rith buach i bPrág agus, arís, ag Stáid an Aviva an Mháirt seo chugainn.

“Tá mé ag súil go mór go leanfaidh sé – d’éirigh leis an bhfoireann rugbaí an bheart a dhéanamh in éadan na Sasanaigh agus na Breataine Bige agus, le cúnamh Dé, déanfaimid an bheart anocht in éadan na Seicia – ach ní bheidh sé éasca,” dúirt sé le The Journal.

Ach le Troy Parrott i mbarr a réime faoi láthair, ag imirt go maith agus ag aimsiú cúil do AZ Alkmaar san Isiltír, táimid ag súil agus ag guí!

Cúis áthais eile do na tuairiscí is na pictiúirí atá ag teacht ó leantóirí na hÉireann atá iad féin i bpríomhchathair na Seicia.

“Tá sé iontach na pictiúirí a fheiceáil óna lucht tacaíochta thall i bPrág faoi láthair agus níl cleachtadh ag lucht tacaíochta na hÉireann ar ócáid cosúil leis seo ar feadh na mblianta.”

Ní hé an cluiche i bPrág an chéad uair go raibh Garry ag tráchtaireacht bheo ar chluiche sacair idirnáisiúnta nó bhí an rogha ar fáil do chluichí na hÉireann i gcraobhacha an Euro i 2016. Ar ndóigh, tá sé ag tráchtaireacht ar chluichí de gach cineál as Gaeilge ó 1996, tráth gur thosnaigh sé ag obair le RTÉ agus é díreach críochnaithe in Ollscoil na Gaillimhe le céim sa Ghaeilge agus sa tSeandálaíocht.

Bhíodh sé ag cur i láthair clár darbh ainm Spórt Iris a craoladh ar TG4 (TnaG mar a bhí) ag an tús agus cluichí sacair ó phríomhshraith na Spáinne is go leor eile. Tá sé ag tráchtaireacht beo ar chluichí chraoibhe sa pheil Gaelach is san iomáint do RTÉ le deich mbliana nó mar sin ach tá borradh mór tagtha ar an obair anois leis an bhforbairt is déanaí.

Ní fios do Mac Donncha cé acu an mbeidh a thuilleadh forbartha ar sheirbhís tráchtaireachta Gaeilge RTÉ, an bhfuil sé i gceist dul chomh fada leis na Cluichí Oilimpeacha mar shampla. Dúirt sé go raibh RTÉ báúil don tráchtaireacht as Gaeilge agus ghabh sé buíochas freisin le muintir RTÉ Sport a thugann an tacaíocht dó.

Tá sé réidh le dul ag taisteal, pé scéal é, má fhaigheann sé an ghlaoch. Is é an cluiche mór amárach an chéad stop eile ar a chamchuairt agus, ina dhiaidh sin, Stáid an Aviva Dé Máirt. Tá sé ag súil gur cluiche cáilithe – seachas cluiche dúshláin – a bheidh ann le buaiteoirí an chluiche eile idir An Danmhairg agus an Mhacadóin Thuaidh.

Cá bhfios ach go mbeimid ag dul go dtí Meiriceá is Meicsiceo le linn an tSamhraidh – nach mbeadh sin go hiontach.

Beidh an tráchtaireacht bheo as Gaeilge le fáil don chluiche idir Éirinn agus An tSeicia ar RTÉ News Now agus ar sheinnteoir RTÉ. Má athraíonn tú teanga do theilifís glic go Gaeilge, beidh sé le fáil ar an gnáthchainéal.

Dúirt Mac Donncha gur dúradh leis go raibh tuairim is 10,000 ag amharc ar Éire v Sasana i gCraobh na Náisiún le tráchtaireacht Ghaeilge ach nach raibh a fhios cé mhéid a chonaic le tráchtaireacht Ghaeilge ar na bealaí eile.

Tá tacaíocht á fháil ag Beartas Gaeltachta The Journal ón Scéim Tuairiscithe ar Dhaonlathas Áitiúil

Readers like you are keeping these stories free for everyone...
A mix of advertising and supporting contributions helps keep paywalls away from valuable information like this article. Over 5,000 readers like you have already stepped up and support us with a monthly payment or a once-off donation.

Close
Comments
This is YOUR comments community. Stay civil, stay constructive, stay on topic. Please familiarise yourself with our comments policy here before taking part.
Leave a Comment
    Submit a report
    Please help us understand how this comment violates our community guidelines.
    Thank you for the feedback
    Your feedback has been sent to our team for review.

    Leave a commentcancel

     
    JournalTv
    News in 60 seconds