We need your help now

Support from readers like you keeps The Journal open.

You are visiting us because we have something you value. Independent, unbiased news that tells the truth. Advertising revenue goes some way to support our mission, but this year it has not been enough.

If you've seen value in our reporting, please contribute what you can, so we can continue to produce accurate and meaningful journalism. For everyone who needs it.

Chuir Catherine Connolly tús lena cuairt ar Chiarraí le seal i dTrá Lí, áit a raibh tionlacan aici ó Pa Daly, Teachta Dála Shinn Féin sa cheantar. Concubhar Ó Liatháin

Tograí Gaeilge geallta don mbliain seo chugainn ag Connolly agus Humphreys

Beidh bliain de dhíospóireachtaí agus plé faoin nGaeilge má thoghtar Catherine Connolly, agus tá sé i gceist ag Heather Humphreys daoine a spreagadh an Ghaeilge a d’fhoghlaimíomar ar scoil a fhoghlaim in athuair.

(This article is produced by our Gaeltacht team. You can read an English version of this piece here

TÁ TOGRAÍ GAEILGE geallta ag an mbeirt iarrthóir sa toghchán Uachtaránachta agus é ráite ag 3% d’fhreagróir i bpobal bhreith a reáchtáladh an tseachtain seo cháite go bhfuil labhairt na Gaeilge tábhachtach don Uachtarán.

Is é seo an chéad uair a cuireadh ceist faoi chumas labhartha Gaeilge na n-iarrthóirí i dtoghchán ar bith san áireamh i bpobal bhreith. Foilsíodh torthaí shuirbhé Ipsos Behaviour & Attitudes san Irish Times an tseachtain seo cháite agus ó shin tá suntas níos mó á thabhairt don cheist.

Agus í ag labhairt le The Journal ar a slí go Corca Dhuibhne ar an Aoine, dúirt an t-iarrthóir neamhspleách Catherine Connolly go raibh sí ag beartú tionscnamh bliana chun comóradh a dhéanamh ar chéad bhliain ó d’fhoilsíodh an chéad tuarascáil ar Choimisiún na Gaeltachta i 1926.

Sa togra seo dar teideal Teanga na hÉireann – A Nation’s Living Voice, gheall Connolly gur “comhrá ón mbun aníos, ag éisteacht le pobail Ghaeltachta agus Ghalltachta, thuaidh agus theas, agus le pobal domhanda na hÉireann” a bheadh i gceist.

I bhfreagra ar fhiosrú thug feachtas Heather Humphreys le fios go mbeadh sí ina ceannaire ar “iarracht náisiúnta chun an Ghaeilge a d’fhoghlaimíomar ar scoil a aimsiú in athuair, í a fheabhsú agus a úsáid níos mó inár saol ó lá go lá”.

Dúirt a hurlabhraí go mbeadh ceiliúradh na bpobal Gaeilge agus Gaeltachta ina cuid suntasach dá téarma “sa chás go mbeadh an oiread san ádh uirthi go dtoghfar í ina hUachtarán”.

Chaith Catherine Connolly cuid is mó den Aoine i gCiarraí, ag cur tús lena seal sa Ríocht le cuairt ar Thrá Lí, áit ar chas sí le muintir an bhaile sula labhair sí le na meáin agus ag críochnú le seoladh a tionscnamh ‘Teanga na hÉireann – A Nation’s Living Voice” ag ocáid pobail i Halla na Feothanaí in iarthar Dhuibhneach.

Faoi dheireadh na hoíche bhí sí ag rince seit le muintir na háite agus ceol á sheinm ag Cormac Ó Beaglaoich agus a chairde.

Ag labhairt i dTrá Lí dúirt Connolly go raibh sé tar éis rith léi comóradh an chéid ar an tuarascáil a d’fhoilsigh Coimisiún na Gaeltachta i 1926 a “cheiliúradh agus a úsáid”.

“Cad iad na torthaí ón gCoimisiún sin – bhí siad damanta amach is amach ó thaobh chomh leochaileach is a bhí an Ghaeilge ag an am agus na moltaí faoi leith.

“Le linn na bliana sin tá sé i gceist agam an tuarascáil sin a léamh arís, díospóireacht a bheith againn faoi cad a tá athruithe.

“Dar liomsa tá an Ghaeilge chomh leochaileach anois in ainneoin na n-iarrachtaí uile ata déanta ó thaobh achtanna agus ó thaobh cearta – tá an Ghaeilge agus na Gaeltachtaí leochaileach, go háirithe ó thaobh cúrsaí tithíochta agus pleanála.

Beidh réimse leathan ócáidí le linn na bliana sin, ag tarraingt na ndaoine óga, na daoine acadúla, ionadaithe ó na Gaeltachtaí uile agus fóraim éagsúla a bheith againn go hoscailte agus neart plé agus díospóireachta.

Maidir le tuarascáil Choimisiún na Gaeltachta i 1926, bhí réamhrá ann ó Liam Mac Cosgair, Uachtarán Chomhairle Feidhmeach an Rialtais (Taoiseach i dtéarmaí an lae inniu) inar aithin sé go raibh iarrachtaí déanta chun an Ghaeilge “a mharbhú” agus “í a bheith dúnta amach as fhormhór an saol poiblí”.

Rinne tuarascáil an Choimisiúin sin go leor moltaí i dtaobh na ceantair ar cheart a aithint mar Ghaeltachtaí agus, chomh maith le sin, moltaí faoi bhealaí chun úsáid na Gaeilge a spreagadh sa tseirbhís phoiblí. I measc na gcomhaltaí, bhí scoláirí móra Gaeilge na linne, leithéidí Pádraig Ó Siochradha (An Seabhac) agus ionadaithe ó Ghaeltachtaí éagsúla is eagrais is ranna Stáit.

Dar le scoláirí na linne seo agus iad ag féachaint siar ar chur i bhfeidhm na moltaí a rinneadh, bhí an tuarascáil fadradharcach ach níor cuireadh i bhfeidhm go leor de na moltaí agus lean an meath a raibh sa treis ag an am dá bharr.

20251010_120312 Tá ráite ag urlabhraí Heather Humphreys go bhfuil ábhar i nGaeilge ag an iarrthóir sa Ghaeltacht, an postaer seo i gCúil Aodha san áireamh.

Rinne urlabhraí Heather Humphreys cosaint ar an easpa Gaeilge a bhí i gcáipéisí réamh thoghcháin a scaipeadh sna Gaeltachtaí éagsúla. Ní raibh ach abairt amháin as Gaeilge ar bhileog iarrthóir Fhine Gael agus bhí bileog Connolly go hiomlán dhá teangach agus spreag sin go leor gearáin i measc chainteoirí Gaeilge is ionadaithe Gaeltachta.

“De réir na nAchtanna Thoghcháin, tá iarrthóirí i dtoghcháin Eorpacha agus in olltoghcháin i dteideal postáil amháin saor in aisce chuig gach líon tí nó vótálaí sa tír, an Litir Um Thoghcháin.”

Dúirt urlabhraí Connolly go raibh seo á mbainistiú ag An Post agus gur bhain an comhlacht sin úsáid as sonraí ó chomhairlí áitiúla, gan aon cheangal le foirne toghcháin iarrthóir ar bith.

“Níl aon teagmháil dhíreach againn leis an fhaisnéis seo, mar sin ní féidir linn ceantair Ghaeltachta ar leith a thargaidiú, nó aon cheantar eile laistigh d’aon toghcheantair, le haghaidh cumarsáid ar leith. Bhí an méid seo le rá ag urlabhraí Heather Humphreys. 

Tá ábhar suntasach Gaeilge ar a suíomh idirlín, a leabhrán toghcháin agus eile.

Tá sé ráite ag Julian de Spáinn, ard rúnaí Chonradh na Gaeilge, gur cheart go mbeadh cáipéisí atá an Stát ag íoc as iad a bheith á seoladh tríd An Post go hiomlán dá teangach. 

Mheabhraigh an t-urlabhraí go raibh buiséad de €246m ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachtas agus Gaeltachta nuair a ceapadh í ina hAire i 2014 agus go raibh buiséad €303m ag an Roinn nuair a bhog sí ar aghaidh, ardú de bheagnach 25%.

Nuair a fhéachtar, áfach, ar an méid a cuireadh ar fáil don nGaeltacht, Údarás na Gaeltachta agus Foras na Gaeilge san áireamh, is méadú níos lú atá i gceist. I 2014 bhí €41.4m curtha ar fáil. Méadaíodh é go €43.06m i 2015, €51.2m i 2016 agus bhí laghdú go dtí €46.6m i 2017. Méadú de thart ar 11-12% atá i gceist mar sin le linn réimeas Heather Humphreys mar Aire na Gaeltachta.

 Is é €159m an leithdháileadh a fuair Roinn na Gaeltachta i mBuiséad 2026.

Tá tacaíocht á fháil ag Beartas Gaeltachta The Journal ón Scéim Tuairiscithe ar Dhaonláthas Áitiúil

The Journal / YouTube

Readers like you are keeping these stories free for everyone...
A mix of advertising and supporting contributions helps keep paywalls away from valuable information like this article. Over 5,000 readers like you have already stepped up and support us with a monthly payment or a once-off donation.

Close
5 Comments
This is YOUR comments community. Stay civil, stay constructive, stay on topic. Please familiarise yourself with our comments policy here before taking part.
Leave a Comment
    Submit a report
    Please help us understand how this comment violates our community guidelines.
    Thank you for the feedback
    Your feedback has been sent to our team for review.

    Leave a commentcancel

     
    JournalTv
    News in 60 seconds