Sign in. It’s quick, free and it’s up to you.
An account is an optional way to support the work we do. Find out more.
Sign in. It’s quick, free and it’s up to you.
An account is an optional way to support the work we do. Find out more.
R(This article is produced by our Gaeltacht team. You can read an English version of this piece here)
NÍ BHEIDH RTÉ Raidió na Gaeltachta nó Nuacht TG4 ábalta díospóireacht beo a reáchtáil leis na hiarrthóirí atá san iomaíocht i bhfothoghchán Ghaillimh Thiar, an Dáilcheantar leis an nGaeltacht is mó sa tír, de bharr nach bhfuil Gaeilge líofa a ndóthain ach ag triúr de na hiomaitheoirí atá ainmnithe go dtí seo.
Mar a tharla le linn an fheachtais do thoghchán na hUachtaránachta, beidh ar na craoltóirí bheith cinnte go bhfuil am cothrom á thabhairt do na h-iarrthóirí ar fad agus, mar sin, de bharr nach bhfuil Gaeilge líofa a ligfeadh dóibh bheith páirteach i ndíospóireacht beo ar a gcompórd ag furmhór na n-iarrthóirí, beidh sé deacair na treoirlínte atá leagtha síos ag Coimisiún na Meán a chomhlíonadh.
Tuigeann The Journal nach bhfuil go leor iarrthóirí le Gaeilge chun díospóireacht a reáchtáil ar chláracha nuachta RTÉ Raidió na Gaeltachta. Rinne TG4 agus RTÉ RnaG iarracht mhaith le linn an fheachtais uachtaránachta le tuairiscí rialta, agallaimh is eile.
Le linn feachtas toghcháin na hUachtaránachta ní raibh Gaeilge líofa a dhóthain le bheith páirteach i ndíospóireacht ach ag Catherine Connolly agus d’fhág sin nach raibh na craoltóirí Gaeilge ábalta díospóireachtaí a reáchtáil. In áit sin craoladh fiseáin réamhullmhaithe nóiméad amháin ar TG4.
Cé nach mbeidh an fothoghchán i nGaillimh Thiar á reáchtáil go dtí mí Bealtaine, ar an lá céanna leis an bhfothoghchán do Bhaile Átha Cliath Láir, tá go leor iarrthóirí ainmnithe go dtí seo.
Roghnaíodh Mark Lohan ar an nDéardaoin chun seasamh ar son Shinn Féin sa Dáilcheantar agus tuigtear ná raibh ach dornán vótaí idir é agus an chéad iarrthóir eile, Kevin O’Hara, cainteoir líofa atá lonnaithe i gConnamara.
Tuigtear nach bhfuil Gaeilge líofa ag iarrthóirí Pobal Roimh Bhrabhús, Denman Rooke, iarrthóir Pháirtí an Lucht Oibre, Helen Ogbu, Niall Murphy ar son an Chomhaontais Ghlais, Tom Welby atá ina iarrthóir neamhspleach agus Noel Thomas atá ag seasamh ar son Independent Ireland/Éire Neamhspleach.
Is í Sheila Garrity, bean ó Cheanada atá ag cur fuithí sa Ghaillimh le fada agus a raibh baint aici le feachtais Catherine Connolly, atá ag iompar a brat sa toghchán agus í ag seasamh mar iarrthóir neamhspleach.
Níl iarrthóir roghnaithe ag Fianna Fáil go fóill. Tá coinbhinsean an pháirtí le reáchtáil ar an Domhnach, 29 Márta.
Go dtí seo is iad na hiarrthóirí le Gaeilge ná Míde Nic Fhionnlaoich ó na Daonlathaithe Sóisialta, an Seanadóir Seán Kyne ó Fhine Gael agus Orla Nugent atá ag seasamh do Aontú.
Ag labhairt di le The Journal, dúirt Míde Nic Fhionnlaoich, iarrthóir na nDaonlathaithe Sóisialta, go raibh sé tábhachtach go bhfaigheadh muintir na Gaeltachta cothrom na Féinne tráth toghcháin ó thaobh díospóireachtaí is ó thaobh an méid a bhíonn sna meáin.
“Tá sé tábhachtach go mbeadh cothrom na Féinne ag muintir na Gaeltachta sna dáilcheantair sin ó thaobh an aird atá á thabhairt ar an nGaeilge agus ní amháin nuair atá muid ag caint ar an nGaeilge féin ach ba chóir go mbeadh muid in ann tithíocht a phlé i nGaeilge,” dúirt sí.
“Ba chóir go mbeadh muid in ann cúrsaí sláinte, cúrsaí míchumais, cúrsaí iompair a phlé agus is bocht an rud nach bhfuil sin ann.”
Mhol sí go mbeadh na páirtithe eile sásta ionadaí le Gaeilge a chur in áit an iarrthóra chun bheith páirteach i ndíospóireachtaí i gcláracha ar RTÉ Raidió na Gaeltachta agus ar TG4.
Tá sé tugtha le fios ag an ngrúpa Bánú, atá ag feachtasaíocht ar son cearta tithíochta sa Ghaeltacht, go mbeidh siad ag eagrú cruinnithe poiblí sa toghcheantar le linn an fheachtais agus go mbeidh siad ag tabhairt cuireadh do na hiarrthóirí bheith i láthair.
Rinneadh teagmháil le hiarrthóirí don bhfothoghchán i nGaillimh Thiar agus tháinig freagra ó Denman Rooke ó Phobal Roimh Bhrabhús agus dúirt sé go raibh sé ag iarraidh í a fhoghlaim ach toisc go raibh sé ag obair go lán aimseartha agus páiste dhá bhliain d’aois aige, bhí sé deacair am a fháil.
“Tá mé ag iarraidh í a fhoghlaim go cinnte, ní hamháin mar go bhfuil sí tábhachtach sa cheantar seo.
“Tá mé spreagtha freisin ag iarracht Chatherine Connolly í a fhoghlaim níos déanaí ina saol.”
Dúirt sé go ndéanfadh sé iarracht, dá mbeadh díospóireacht á reáchtáil, duine le Gaeilge a fháil chun bheith páirteach mar ionadaí ar a shon féin.
Tá tacaíocht á fháil ag Beartas Gaeltachta The Journal ón Scéim Tuairiscithe ar Dhaonláthas Áitiúil
To embed this post, copy the code below on your site
have your say