We need your help now

Support from readers like you keeps The Journal open.

You are visiting us because we have something you value. Independent, unbiased news that tells the truth. Advertising revenue goes some way to support our mission, but this year it has not been enough.

If you've seen value in our reporting, please contribute what you can, so we can continue to produce accurate and meaningful journalism. For everyone who needs it.

Máire (Moya) Ní Bhraonáin agus í ag seoladh ceirnín dá cuid, Perfect Time, i 1999. Graham Hughes (Photocall Ireland)

Máire Ní Bhraonáin, comhbhunaitheoir an mórbhanna Gaeltachta, Clannad, ar shlí na fírinne

Máire (Moya) Ní Bhraonáin a bhunaigh Clannad in éineacht lena deartháireacha, Ciarán agus Pól, agus a n-uncail, Noel agus Pádraig Ó Dúgáin.

LAST UPDATE | 5 hrs ago

(This is the Irish language version of the original version in English which can be read here.)

TÁ AN MÓR-AMHRÁNAÍ Gaeltachta, Máire (Moya) Ní Bhraonáin, comhbhunaitheoir Clannad, ar shlí na fírinne.

I ráiteas ó theaghlach an amhránaí, dúradh gur cailleadh í faoi shíocháin aréir agus í timpeallaithe ag a muintir ina baile i dTír Chonaill. Bhí sí trí bliana deag agus trí scór nuair a cailleadh í.

Agus í ag labhairt ar Adhmhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ar maidin, thug duine de mhór amhránaithe eile Thír Chonaill, Maighréad Ní Dhomhnaill, a cheol le Skara Brae,  buan chara ar Mháire agus dúirt sí go raibh sí an bhuartha scéal a bás a chloisint ar maidin. 

Cheol Maighréad agus a deirfiúr Tríona, in éineacht le Máire agus Maighréad Ní Mhaonaigh sa sár ghrúpa Conallach, Tea with the Maggies.

Dúirt Maighréad go raibh sé mar phribhléid aici slán a fhágáil lena cara an tseachtain seo cáite.   ”D’fhag sí slán linn ar dóigh speisíalta,” dúirt sí. 

Bhí ard mheas ag Ní Dhomhnaill ar chumhacht a cara ó thaobh cúrsaí ceoil agus an méid a bhí bainte aici in Éirinn is go h-idirnáisiúnta. 

“Ba thús iad Clannad leis an ‘Celtic Sound’ sin,” thug Ní Dhomhnaill chun cuimhne.  “Smaoinigh siar ar Harry’s Game, Robin of Sherwood, The Last of the Mohicans, na rudaí seo uilig agus glór Mháire chun tús ansin.

“Thosaigh sí rud mór, rud difriúil, agus bhí sí i gcónaí dílis don cheol, bhí sí dílis do cheol na h-áite, ceol Dhún na nGall ach rinne sí rud difriúil ar fosta.

Thug an Teachta Dála i dTír Chonaill, Piaras Ó Dochartaigh ómós don amhránaí ag tagairt don mhéid ollmhór a bhi tugtha aici d’Éirinn agus dá ceantar dúchais.

“Bhí bród aici as a dúchas,” dúirt sé.

“B’ambasadóir cumhachtach í d’Éirinn — thóg sí agus roinn sí ár gceol, ár dteanga is ár gcultúr leis an domhan mór.”


Bhunaigh Máire agus a beirt dearthar, Ciarán agus Pól, in éineacht lena n-uncail, Noel agus Pádraig Ó Dúgáin, an grúpa ar a thug siad Clannad sna luath-1970idí agus ba i dTigh Leo, tábhairne a n-athar, i Mín a’ Leice i gCroithlí i bparóiste Ghaoth Dobhair a sheinneadh siad i dtús a ré.

Cailleadh Noel i 2022 agus d’éag a leathchúpla, Pádraig, i 2016.

Bhí Máire pósta ar Tim Jarvis agus máireann seisean is a mbeirt páiste, Aisling agus Paul, ina diaidh. 

Bhuaigh siad an phríomhdhuais ag Féile Cheoil Leitir Ceanainn i 1973 agus chuaigh siad ar chamchuairt ar fud na tíre agus go hidirnáisiúnta.

Retro HQ Music / YouTube

Thuill an téama ceoil a chum siad don tsraith dhráma teilifíse Harry’s Game cáil dhomhanda don ghrúpa agus ba é an chéad amhrán as Gaeilge a canadh ar an tsraith iomráiteach ‘Top of the Pops’.

Is iomaí duais dhomhanda a bhuaigh Clannad, ina measc gradaim ar nós an Ivor Novello, BAFTA agus Grammy, agus d’aimsigh ocht gcinn dá gceirníní áit i mBarr 10 na Breataine.

Bhí a gcamchuairt dheireanach ag Clannad i nDeireadh Fómhair 2024 agus chuir siad bailchríoch leis i Halla Ríoga Ailbhe i Londain.

Chuaigh Máire amach léi féin freisin agus d’éirigh go geal léi. D’eisigh sí a céad ceirnín aonair, Máire, i 1992.

Dar le príomhamhránaí U2, is ag Máire a bhí an guth ba bhreátha a chuala an chluas daonna riamh.

Chan sí don Phápa Eoin Pól II os comhair lucht féachana de 2m ag Lá Domhanda an Óige sa bhliain 2000 agus is don chlár faisnéise Music of Ireland, a rinne sí don chraoltóir Meiriceánach PBS, a thuill sí an Emmy.

Ag ócáid bhronnta Gradaim Dhaoncheoil RTÉ Raidió 1 i 2019, bhronn Uachtarán na hÉireann, Mícheál D. Ó hUigínn, an Gradam Saoil uirthi. Dúirt seisean go mbeadh ainm Mháire “greanta go deo i stair an cheoil Ghaelaigh.”

Le linn a saoil ar an ardán, chan Máire le The Chieftains, Shane MacGowan — a cailleadh i 2023 — agus Bono. Cheol sí go minic freisin leis an gcláirseoir Cormac de Barra.
D’oibrigh sí freisin leis an gcumadóir Hans Zimmer ar a fhuaimrian don scannán King Arthur.

Bronnadh Dochtúireacht Oinigh ar Mháire in Ollscoil Chathair Átha Cliath i mí na Bealtaine 2022 agus fuair sí saoirse a contae dúchais, Tír Chonaill, freisin. I 2024 bronnadh an gradam Pearsa na Bliana do Thír Chonaill uirthi.

Sa ráiteas óna teaghlach, tugadh suntas gurb é an rud ba mhó a bhí Máire ríméadach faoi ná an oíche cheoil, Clubeo, a reáchtáil sí do cheoltóirí na háite i dtábhairne a teaghlaigh, Tigh Leo.

Thosnaigh Clubeo i 2013 agus thug sé ardán do cheoltóirí óga bheith ag seinm is ag canadh beo ar ardán agus is minic ar roinn na hoirfidigh seo ardán le mórcheoltóirí na hÉireann.

 Tá tacaíocht á fháil ag Beartas Gaeltachta The Journal ón Scéim Tuairiscithe ar Dhaonlathas Áitiúil

Readers like you are keeping these stories free for everyone...
A mix of advertising and supporting contributions helps keep paywalls away from valuable information like this article. Over 5,000 readers like you have already stepped up and support us with a monthly payment or a once-off donation.

Close
3 Comments
This is YOUR comments community. Stay civil, stay constructive, stay on topic. Please familiarise yourself with our comments policy here before taking part.
Leave a Comment
    Submit a report
    Please help us understand how this comment violates our community guidelines.
    Thank you for the feedback
    Your feedback has been sent to our team for review.

    Leave a commentcancel

     
    JournalTv
    News in 60 seconds