We need your help now

Support from readers like you keeps The Journal open.

You are visiting us because we have something you value. Independent, unbiased news that tells the truth. Advertising revenue goes some way to support our mission, but this year it has not been enough.

If you've seen value in our reporting, please contribute what you can, so we can continue to produce accurate and meaningful journalism. For everyone who needs it.

Máire Ni Bhraonáin (Moya Brennan) 1952-2026 Leon Farrell

Go dté tú a mhuirnín slán - na focail deireanacha a chan cara do Mháire Ní Bhraonáin ó Clannad

Máire (Moya) Ní Bhraonáin a bhunaigh Clannad in éineacht lena deartháireacha, Ciarán agus Pól, agus a n-uncail, Noel agus Pádraig Ó Dúgáin.

LAST UPDATE | 3 hrs ago

Jukebox Heroes / YouTube

(This is the Irish language version of the original version in English which can be read here.)

AR A TRATHNÓNA deireannach ar an saol, bhí an cláirseoir Cormac de Barra sa seomra ina raibh a chara agus a chomhleacaí ceoil, Máire Ní Bhraonáin, comhbhunaitheoir agus príomh amhránaí Clannad, go dona tinn agus chan sé an amhrán “Siúl a rún” di sular scar sé léi.

Cailleadh an amhránaí aréir ina baile agus í timpeallaithe ag a teaghlach, a fear céile Tim Jarvis, agus a bpáistí, Aisling agus Paul, agus go leor eile óna muintir.  Maireann siad agus a máthar Baba mar aon lena siblíní, Ciarán, Pól, Deirdre, Leon, Enya (Eithne), Olive, Bartley agus Brídín. 

Cé go raibh go leor omóis á léiriú ag maithe agus mór uaisle an cheoil is saol na polataíochta in Éirinn, bhí An Taoiseach, Mícheál Martin agus Bono ó U2, i measc iad sin a thug omós di, ba ar a fód dúchais a tugadh an omós ba mhó a bhainfeadh an amhránaí féin sólás as agus ba í an stiúideo sna Doirí Beaga an seomra tórraimh ar maidin. 

I ráiteas ó theaghlach an amhránaí, dúradh gur cailleadh í faoi shíocháin aréir agus í timpeallaithe ag a muintir ina baile i dTír Chonaill. Bhí sí trí bliana deag agus trí scór nuair a cailleadh í.

Bhí De Barra páirteach in eagrán speisialta ómóis de ‘Barrscéalta’, an clár irise ó Thír Chonaill a raibh á chur i láthair ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ag Michelle Nic Grianna, agus ba gheall le seomra tórraimh comharsanach a raibh ann, chun deis a thabhairt do cháirde agus do chomharsain a gcomhbhrón a chur in iúl agus a gcuimhní a roinnt.

Bhí sé léi go dtí tráthnóna inné agus cheol sé amhrán di agus é ag fágaint slán.

“Bhí sé chomh luachmhar speisialta mar am. Bhí sí suite siar go sona agus daoine ag teacht isteach is amach agus dheineamar ceol agus an t-amhrán deireanach a sheinneamar di ná ‘Siúl a Rún’ agus ‘Go dté tú a mhuirnín slán’ an líne deireanach a chanamar di aréir ag a 7 a chlog,” dúirt sé.Thug sé le fios freisin gurb é an t-ainm a thug a mháthair ar Mháire ná ‘banríon na nGael’.

“Mairfidh macalla dá cuid ceoil go deo na ndeor.”

Léigh an craoltóir an teachtaireacht a phostáil Clannad ar ardáin mheáin shóisialta an bhanna. “Tá ár gcroithe iomlán briste inniu faoi bhás ár ndeirfiúr, Máire. D’imigh sí uainn agus an teaghlach ar fad ina cuideachta. Tá sí i gcomhluadar Pádraig agus Noel [Ó Dúgáin, iar-bhaill Clannad a cailleadh i 2016 agus 2022 faoi sheach] anois agus mairfidh a cuid cuimhní agus fuaim iontach Clannad go deo.”

Donegal / YouTube

Bhí Máire ina ball freisin den sárghgrúpa as Tír Chonaill, T with the Maggies, in éineacht le Máiréad Ní Mhaonaigh ó Altan agus Máiréad is Tríona Ní Dhómhnaill ó Skara Brae. Labhair sise ar Bharrscéalta agus dúirt go raibh ‘duine tábhachtach imithe, bean uasal’.

“Bhí uaisleacht ghalánta fá dtaobh di agus bhí an spiorad sin inti, bhí sí i gcónaí ag tabhairt grá dúinn uilig, sinn a mholadh is a spreagadh, tá muid uilig go léir faoi smúit.

“Ach nach bhfuil sé greannmhar, nuair a fuair sí bás tráthnóna inné, nuair a chuir Aisling an scéal chugam, bhí an ghrian ag dul faoi ar chúl Ghóla, bhuel, níl a dhath cosúil leis.

“Bhí sé beacht is bhí sé ceart agus sin é an dóigh a chaith sí a saol, saol galánta, i gcónaí ag tabhairt uchtach do dhaoine cosúil leis an aos óg, na ceoltóirí óga, m’iníon féin mar dhuine acu — thug sí cuireadh do Nia bheith páirteach sa ghrúpa cúpla uair, is rud mór sin do dhuine óg — cuimhne a bheas ann, is chan ise amháin ach daoine cosúil le Claire Friel is Niall Kennedy, na daoine seo uilig go léir ón pharóiste.”

Mór amhránaí eile a léirigh ómós do Mháire abea Daniel O’Donnell.  Ghlaoigh seisean ar Bharrscéalta chun a chomhbhrón féin agus a bhean, Majella, a chuir in iúl.

Agus í ag labhairt ar Adhmhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta níos túisce inniu, thug duine de mhór amhránaithe eile Thír Chonaill, Maighréad Ní Dhomhnaill, a cheol le Skara Brae,  buan chara ar Mháire agus dúirt sí go raibh sí an bhuartha scéal a bás a chloisint ar maidin. 

“Tá aithne agam ar Mháire le blianta fada, bhí an t-ádh orm am a chaitheamh ina chuideachta le roinnt blianta anuas,” dúirt sé.

Bhí a guth galánta ar fad agus le Clannad, thug siad ceol ár gceantar ar stáitse idirnáisiúnta. Ba dhuine iontach speisíalta í agus tá an obair a rinne sí le Clubeo i dTigh Leo iontach ar fad agus an cuidiú a thug sí do na ceoltóirí óga.

Cheol Mairéad agus a deirfiúr Tríona, in éineacht le Máire agus Maighréad Ní Mhaonaigh sa sár ghrúpa Conallach, T with the Maggies.

Dúirt Maighréad go raibh sé mar phribhléid aici slán a fhágáil lena cara an tseachtain seo cáite.   ”D’fhag sí slán linn ar dóigh speisíalta,” dúirt sí. 

Bhí ard mheas ag Ní Dhomhnaill ar chumhacht a cara ó thaobh cúrsaí ceoil agus an méid a bhí bainte amach aici in Éirinn is go h-idirnáisiúnta. 

“Ba thús iad Clannad leis an ‘Celtic Sound’ sin,” thug Ní Dhomhnaill chun cuimhne.  “Smaoinigh siar ar Harry’s Game, Robin of Sherwood, The Last of the Mohicans, na rudaí seo uilig agus glór Mháire chun tús ansin.

“Thosaigh sí rud mór, rud difriúil, agus bhí sí i gcónaí dílis don cheol, bhí sí dílis do cheol na h-áite, ceol Dhún na nGall ach rinne sí rud difriúil ar fosta.

Thug an Teachta Dála i dTír Chonaill, Piaras Ó Dochartaigh ómós don amhránaí ag tagairt don mhéid ollmhór a bhi tugtha aici d’Éirinn agus dá ceantar dúchais.

“Bhí bród aici as a dúchas,” dúirt sé.

“B’ambasadóir cumhachtach í d’Éirinn — thóg sí agus roinn sí ár gceol, ár dteanga is ár gcultúr leis an domhan mór.”

Bhunaigh Máire agus a beirt dearthar, Ciarán agus Pól, in éineacht lena n-uncail, Noel agus Pádraig Ó Dúgáin, an grúpa ar a thug siad Clannad sna luath-1970idí agus ba i dTigh Leo, tábhairne a n-athar, i Mín a’ Leice i gCroithlí i bparóiste Ghaoth Dobhair a sheinneadh siad i dtús a ré.

Cheol deirfiur Máire, Eithne (Enya), leis an ngrúpa ar feadh seal go dtí gur chuaigh sí amach léi féin agus thuill sí cáil domhanda freisin.

Cailleadh Noel i 2022 agus d’éag a leathchúpla, Pádraig, i 2016.

Bhí Máire pósta ar Tim Jarvis agus máireann seisean is a mbeirt páiste, Aisling agus Paul, ina diaidh.   

Bhuaigh siad an phríomhdhuais ag Féile Cheoil Leitir Ceanainn i 1973 agus chuaigh siad ar chamchuairt ar fud na tíre agus go hidirnáisiúnta.

Retro HQ Music / YouTube

Thuill an téama ceoil a chum siad don tsraith dhráma teilifíse Harry’s Game cáil dhomhanda don ghrúpa agus ba é an chéad amhrán as Gaeilge a canadh ar an tsraith iomráiteach ‘Top of the Pops’.

Is iomaí duais dhomhanda a bhuaigh Clannad, ina measc gradaim ar nós an Ivor Novello, BAFTA agus Grammy, agus d’aimsigh ocht gcinn dá gceirníní áit i mBarr 10 na Breataine.

Agus seoid cartlainne á roinnt ar eagrán an lae inniu de Barrscéalta, sheinn Michelle Nic Grianna mír ó agallamh le Máire Ní Bhraonáin a craoladh ar dtúis i 2013.  I mír amháin a craoladh thug Ní Bhraonáin chun cuimhne an eachtra ba mhó ina saol. 

“Tá léar mór rudaí a thárla dom, rudaí cosúil le Grammys agus Baftas is rudaí mar sin,” dúirt sí.

An ceann is mó, thig liom smaointiú air, an t-am a bhain muid an Letterkenny Folk Festival i 1970, tá cuimhne agam ar go maith mar sin an chéad uair a tháinig Clannad le chéile agus bhí ocht bomaite le déanamh agus cheol muid ‘Thíos Cois na Trá” agus bhuail muid “Brian Boru’s March”, mise ag bualadh an cláirseach, agus bhí muid chomh soineanta agus ní raibh fhios againn dé bhí muid ag déanamh ach dúirt muid, dhéanfaimíd seo fá choine an chraic.

“Níor chreid mé go dtiocfadh linn rud mar sin a bhaint.”

Bhí a gcamchuairt dheireanach ag Clannad i nDeireadh Fómhair 2024 agus chuir siad bailchríoch leis i Halla Ríoga Ailbhe (Royal Albert Hall) i Londain.

Chuaigh Máire amach léi féin freisin agus d’éirigh go geal léi. D’eisigh sí a céad ceirnín aonair, Máire, i 1992.

Dar le príomhamhránaí U2, is ag Máire a bhí an guth ba bhreátha a chuala an chluas daonna riamh.

Chan sí don Phápa Eoin Pól II os comhair lucht féachana de 2.7m ag Lá Domhanda an Óige sa bhliain 2000 agus is don chlár faisnéise Music of Ireland, a rinne sí don chraoltóir Meiriceánach PBS, a thuill sí an Emmy.

Ag ócáid bhronnta Gradaim Dhaoncheoil RTÉ Raidió 1 i 2019, bhronn Uachtarán na hÉireann, Mícheál D. Ó hUigínn, an Gradam Saoil uirthi. Dúirt seisean go mbeadh ainm Mháire “greanta go deo i stair an cheoil Ghaelaigh.”

Le linn a saoil ar an ardán, chan Máire le The Chieftains, Shane MacGowan — a cailleadh i 2023 — agus Bono. Cheol sí go minic freisin leis an gcláirseoir Cormac de Barra.
D’oibrigh sí freisin leis an gcumadóir Hans Zimmer ar a fhuaimrian don scannán King Arthur.

Bronnadh Dochtúireacht Oinigh ar Mháire in Ollscoil Chathair Átha Cliath i mí na Bealtaine 2022 agus fuair sí saoirse a contae dúchais, Tír Chonaill, freisin. I 2024 bronnadh an gradam Pearsa na Bliana do Thír Chonaill uirthi.

Sa ráiteas óna teaghlach, tugadh suntas gurb é an rud ba mhó a bhí Máire ríméadach faoi ná an oíche cheoil, Clubeo, a reáchtáil sí do cheoltóirí na háite i dtábhairne a teaghlaigh, Tigh Leo.

Thosnaigh Clubeo i 2013 agus thug sé ardán do cheoltóirí óga bheith ag seinm is ag canadh beo ar ardán agus is minic ar roinn na hoirfidigh seo ardán le mórcheoltóirí na hÉireann.

I measc na gceoltóirí aitheanta eile a thug omós d’amhránaí Clannad bhí an cumadóir ó Ghaeltacht Mhúscraí, Peadar Ó Riada, a dúirt gur duine de chlann cheolmhar ó Ghaoth Dobhair abea Máire agus go raibh Muintir Uí Bhraonáin is Muintir Uí Dhúgáin is Muintir Uí Mhaonaigh “páirteach i ngluaiseacht amharclainne agus ceoil go raibh tionchar an mhór aige’.

“Bhí sí ana cheolmhar agus misniúil agus ní amháin go raibh an ghuth aici ach thug sí an chruit chun tosaigh sara raibh sé déanta ag éinne eile seachas Alan Stivell sa Bhriotáin.

“Bhí ana mheas agam uirthí.”

Dar le Lillis Ó Laoire, amhránaí sean nóis  ó Thír Chonaill a bhuaigh Corn Uí Riada faoi dhó, gur “lá bocht a raibh ann do phobal ceoil na hÉireann agus na Gaeltachta agus an domhain mhóir”.

“Tá Máire ar shiúl uainn. Máire ghuth na meala agus an bhéilín bhinn, bean an chroí mhóir agus an gháire ghil,” dúirt sé. 

 Tá tacaíocht á fháil ag Beartas Gaeltachta The Journal ón Scéim Tuairiscithe ar Dhaonlathas Áitiúil

Readers like you are keeping these stories free for everyone...
A mix of advertising and supporting contributions helps keep paywalls away from valuable information like this article. Over 5,000 readers like you have already stepped up and support us with a monthly payment or a once-off donation.

Close
3 Comments
This is YOUR comments community. Stay civil, stay constructive, stay on topic. Please familiarise yourself with our comments policy here before taking part.
Leave a Comment
    Submit a report
    Please help us understand how this comment violates our community guidelines.
    Thank you for the feedback
    Your feedback has been sent to our team for review.

    Leave a commentcancel

     
    JournalTv
    News in 60 seconds