Sign in. It’s quick, free and it’s up to you.
An account is an optional way to support the work we do. Find out more.
Sign in. It’s quick, free and it’s up to you.
An account is an optional way to support the work we do. Find out more.
(This article is produced by our Gaeltacht team. You can read an English version of this piece here)
”NÍL AON UIMHIR, níl aon ríomhphost, níl aon fhoirm le líonadh, níl aon bhealach chun éileamh a chur in iúl don Roinn Oideachais chun gaelcholáiste a bhunú.”
Sin an teachtaireacht lán le frustrachas atá ag grúpa nua tuismitheoirí atá ag seoladh feachtas inniu i lár Bhaile Átha Cliath le brú a chur ar Theachtaí Dála is Seanadóirí reachtaíocht a chur in áit a thabharfadh sainordú don Roinn Oideachais meánscoileanna lán-Ghaeilge a bhunú.
Mhínigh Rachel de Bhailís, urlabhraí an ghrúpa Imeasc, go raibh sainordú na Roinne Oideachais agus Óige bunaithe ar thrí phíosa reachtaíochta agus nach raibh aon tagairt in aon cheann acu don oideachas lán-Ghaeilge.
“Tá sainordú na Roinne Oideachais bunaithe ar thrí Acht agus níl tagairt ar bith iontu siúd don oideachas lán-Ghaeilge — An tAcht Oideachais 1998, An tAcht um Oideachas do Dhaoine le Riachtanais Speisialta 2004 agus An tAcht um Bhord Oideachais Oiliúna 2013,” dúirt de Bhailís.
Oibríonn an Roinn Oideachais ón trí Acht sin agus níl aon rud istigh iontu siúd ó thaobh soláthar oideachais trí mheán na Gaeilge de agus mar gheall ar sin níl orthu tabhairt faoi.
Ina bpreasráiteas, thagair Imeasc don suirbhé le Coláiste na Tríonóide-Tara a foilsíodh anuraidh inar tugadh le fios go roghnódh 49% de dhaoine fásta oideachas lán-Ghaeilge dá bpáistí dá mbeadh sé ar fáil go háitiúil.
“I ndáiríre lasmuigh den Ghaeltacht, níl ach 4.8% de pháistí scoile na tíre ag fáil oideachais trí mheán na Gaeilge.”
Dúradh go raibh laghdú tagtha ar seo ó 5.2% i 2019 fiú is go bhfuil an líon daltaí is airde riamh ann anois.
Maíodh freisin sa phreasráiteas nach raibh aon ghaelscoil i mbreis agus 50% de limistéir phleanála scoile na Roinne — agus nach raibh aon ghaelcholáiste i mbreis agus 90% acu.
Tá deich chontae gan Gaelcholáiste. Orthu sin tá Liatroim, Sligeach, Ros Comáin, An Iarmhí, Longphort, an Lú, Laois, Uíbh Fhailí, An Clár agus an Cabhán. Taobh amuigh de na gaelcholáistí i gceantair Ghaeltachta i Maigh Eo agus i gContae na Mí, níl aon soláthar eile meánoideachais lán-Ghaeilge.
Idir 1970 agus 2000 d’oscail tuismitheoirí 100 gaelscoil agus níor oscail an Roinn ach aon ghaelcholáiste déag, thug de Bhailís le fios.
“Mar gheall go bhfuil sé níos éasca gaelscoil a bhunú i gCumann Lúthchleas Gael le tuismitheoir amháin atá saor chun an teagasc agus an oiliúint a chur ar fáil, gan mórán costas, táimid in ann gaelscoileanna a bhunú agus déanann tuismitheoirí é sin don bhformhór.
Níl sé chomh simplí sin leis na gaelcholáistí mar tá níos mó múinteoirí i gceist, tá níos mó costais i gceist — mar sin táimid ag fanacht ar an Roinn Oideachais chun é sin a dhéanamh ach níl aon bhealach ann.
Is údar imní do Imeasc nach bhfuil aon phróiseas ann do thuismitheoirí chun an chéad chéim a ghlacadh i dtreo gaelcholáiste a bhunú.
“Níl aon uimhir fóin ar féidir leat glaoch a chur air le rá: ‘táimid tar éis suirbhé a dhéanamh anseo go háitiúil agus tá 200 dalta réidh le dul don bhliain seo chugainn má osclaíonn tú gaelcholáiste sa cheantar seo’,” dúirt sí.
Thug sí le fios gurb é an freagra a fhaigheann siad ar ais nuair a lorgaíonn siad cabhair ó Theachtaí Dála ná foirm chaighdeánach, mar a bheadh ar fáil le haghaidh gnáthmeánscoil, agus mar sin go dtugtar le fios go bhfuil siad ag iarraidh dul i gcomórtas le scoil nach bhfuil ag soláthar gaeloideachais atá ann cheana féin.
Deirtear leo ansan go bhfuil a dhóthain spásanna sa cheantar agus mar sin diúltaítear don iarratas nó, má tá easpa spásanna, cuirtear síneadh le foirgnimh na scoile atá ann.
Tá fiosruithe maidir leis na ceisteanna atá á gcur ag Imeasc seolta go dtí an Roinn Oideachais agus Óige. Beidh seoladh an fheachtais ar bun ag Óstán Buswells inniu (Dé Céadaoin) idir 1-3in.
Tá tacaíocht á fháil ag Beartas Gaeltachta The Journal ón Scéim Tuairiscithe ar Dhaonlathas Áitiúil
To embed this post, copy the code below on your site
have your say