Sign in. It’s quick, free and it’s up to you.
An account is an optional way to support the work we do. Find out more.
Sign in. It’s quick, free and it’s up to you.
An account is an optional way to support the work we do. Find out more.
(This article is produced by our Gaeltacht team. You can read an English version of this piece here)
MÁ THÉANN TÚ ar chuairt go cara sna laethanta romhainn, ná bíodh íonadh ort nuair a bhuaileann tú cloigín an dorais go bhfaigheann tú freagra i nGaeilge le blas láidir Chonamara ó ghuth thaitneamhach óg.
Nó is í Isibéal Ní Cheallaigh, bean óg ó Bhaile Átha Cliath, le fréamhacha i gConamara, atá ainmnithe mar ghlór na hÉireann d’aip chloigín dhorais Amazon, Ring.
Ag labhairt di le The Journal, dúirt Isibéal go raibh a glór in úsáid i seacht gcinn de na teachtaireachtaí san iomlán, sé chinn as Béarla agus ceann amháin as Gaeilge agus d’inis sí an scéal ar conas mar a roghnaíodh í.
“Bhí mé amuigh sa Ghaillimh ag siúl tríd an ionad siopadóireachta agus thug mé faoi ndeara go raibh éisteachtaí ar siúl agus chuir an bheirt againn isteach air don chraic,” dúirt sí.
Tamall ina dhiaidh sin fuair sí r-phost ag rá go raibh sí ar ghearrliosta agus rinne sí agallamh ar líne le hAmazon agus ní ró fada ina dhiaidh sin go bhfuair sí amach go raibh sí roghnaithe.
“Chuir mé glaoch ar mo mhamaí agus dúirt mé léi go raibh mé roghnaithe agus bhí mo dheartháir in éindí léi ag an am agus bhí seisean ag gáire – beidh tú i do chloigín dorais, bhí sé an greannmhar.”
Is mó ná cloigín dorais í Isibéal gan amhras. Cháiligh sí ina múinteoir sa rang céanna le Laura Pakenham ‘Barbie na Gaeilge’ agus ina dhiaidh sín rinne sí céim Mháistreachta i gCleachtas na Meán.
Tá sí tar éis bheith ag obair freisin ar chriú Ros na Rún agus is amhránaí í mar bharr ar sin.
Tá sí ag súil le bheith ag obair sna meáin agus roinnt aisteoireachta a dhéanamh amach anseo, go háirithe aisteoireachta gutha. Agus osclaíonn an cúram íoctha seo go leor doirse ar a son,
Cé gurb as Baile Átha Cliath di, is as An Spidéal i gConamara dá daideo agus tá blas láidir na Gaeltachta ar a caint agus tá sí ana shasta gur tugadh sin faoi ndeara.
“Glacaim mar ‘compliment’ é go ndúirt tú sin,” dúirt sí le The Journal nuair a luadh léi é.
Dar le Carl Mullan ó RTÉ, a raibh ina chathaoirleach ar an bpainéal moltóireachta, bhí sé agus a chomhghleacaithe an tógtha le glór Isibéal.”
D’aontaigh na moltóirí go léir gurb í glór milis Isibéal glór an náisiúin – maith thú Isibéal agus gach aon duine eile a ghlac pairt – rinne sibh éacht ar son chanúint na hÉireann.”
De réir taighde atá déanta ag Ring is é glór an aisteora, Cillian Murphy, an glór is mó a thaitníonn le hÉireannaigh.
Dúirt Dave Ward, bainisteoir stiúrtha Ring san Aontas Eorpach, go raibh sé mar aidhm ag ‘Glór an Náisiúin’ ceiliúradh a dhéanamh ar na fíor glórtha i ngach pobal ar fud na tíre agus a thugann ionannas ar leith dóibh.
“Tá rud éigean ar leith á thabhairt ag Isibéal chuig Ring mar ní hamháin go bhfuil canúint álainn aici ach is í ár gcéad glór as Gaeilge.”
Beidh glór Isibéal le cloisteáil ón tseachtain seo ar aghaidh ar na doirse le cloigíní ‘Ring’.
To embed this post, copy the code below on your site
have your say