We need your help now

Support from readers like you keeps The Journal open.

You are visiting us because we have something you value. Independent, unbiased news that tells the truth. Advertising revenue goes some way to support our mission, but this year it has not been enough.

If you've seen value in our reporting, please contribute what you can, so we can continue to produce accurate and meaningful journalism. For everyone who needs it.

Laura Pakenham - údar, múinteoir agus cruthaitheoir ábhair ar na meáin sóisíalta

Dea-scéal na teanga á insint ag 'Barbie na Gaeilge' i leabhar nua le dáileachán domhanda

Tá athrú suntasach ar mheoin dhaoine – tá sé ‘so cool’ anois bheith ag obair trí Ghaeilge.

(This article is produced by our Gaeltacht team. You can read an English version of this piece here)

TÁ STÁDAS NA Gaeilge mar theanga dhomhanda dearbhaithe arís eile ag cinneadh ag an gcomhlacht idirnáisiúnta foilsitheoireachta Simon & Schuster leabhar d’fhoghlaimeoirí a chur ar fáil ar fud na cruinne.

Laura Pakenham, múinteoir, craoltóir, cruthaitheoir ábhair ar na meáin sóisialta agus, anois, údar, a scrígh an leabhar dar teideal Irish – History and Culture Through Language, saothar de chuid sraith Speak The World an fhoilsitheora agus atá anois ar díol go hidirnáisiúnta.

Tá an leabhar á fhoilsiú tráth go bhfuil borradh ar an líon daoine atá ag cruthú ábhair ar líne dírithe ar an nGaeilge a mhúineadh d’fhoghlaimeoirí atá ag cur spéise sa teanga in Éirinn agus timpeall an domhain.

“Tá mé ag postáil really go tic-toc le dhá bhliain go leith anuas nó mar sin de agus tá fás agus borradh ollmhór tagtha faoi ó thosaigh mé féin,” dúirt sí.

“Tá ‘fhios agat féin feicfidh tú daoine éagsúla chuile lá beo ag postáil i nGaeilge agus an faoin nGaeilge.”

Is as Longfort do Laura agus fuair sí a cuid oideachais ar fad trí mheán an Bhéarla. Mhínigh sí ná raibh a lán deiseanna gaelscolaíochta i lár tíre ach níor tháinig sin idir í agus a suim sa teanga.

“Thaitin an Ghaeilge liom mar ábhar amháin.

“Ní raibh cur amach a’msa ar theanga na Gaeilge agus ar stair na Gaeilge ach bhí mé go maith ag an ábhar agus bheartaigh mé dul agus céim bhunmhúinteoireachta trí mheán na Gaeilge a dhéanamh.”

Bhí sí i measc an chéad rang a rinne an chúrsa sin in Institiúid Oideachais Marino agus le linn di bheith ar an gcúrsa sin idir 2019 agus 2023, chaith sí trí mhí ar chleachtadh múinteoireachta i Leitir Móir i gCeantar na nOileán.

“Is dócha sin an áit óna dtagann mo bhlas, bhí bean tí iontach a’m ag cur béim ar an nGaeilge a bhí á labhairt agam agus bhí sí ag iarraidh fáil réidh leis an nGaeilge lofa liom – ceapaim gur éirigh go maith léi.”

Cé go raibh an chéim bhunmhúinteoireachta déanta aici, bhí suim aici i gcónaí rud éigean a dhéanamh sna meáin agus trí sheans chas sí le hiriseoir le Nuacht TG4 a chuir í ar an eolas faoi intéirneacht a bhí á fhógairt ag an staisiún agus chuir sí isteach ar an gcomórtas agus ceapadh í chun a bheith ina hinteirneach ag obair ar na meáin sóisialta leis an gcraoltóir.

Chaith sí bliain freisin ag obair le Foghlaim TG4 agus ansin ceapadh í le bheith ina hiriseoir le Nuacht Cúla 4 agus i rith an ama bhí sí ag obair ar leabhar. Is eiseamláir í den sean tuiscint – is é an duine ata gnóthach an duine is fearr chun cúram breise a thabhairt do mar is é nó í an duine sin a chuirfidh an bhó sin thar abhainn duit.

Anois is ag obair mar chleachtóir saor a bhíonn sí agus ag cruthú ábhair ar na meáin sóisialta. Ar Tik Tok bíonn sí ag postáil ábhar go minic ag múineadh ceart úsáid na Gaeilge ar slí thaitneamhach gealgháireach agus, ós rud é go mbíonn sí ag tabhairt ‘Barbie na Gaeilge’ uirthi féin, bíonn go leor cainte aici faoi theacht i láthair agus a saol gáirmiúil gnóthach.

The Journal / YouTube

Tá athrú mór tagtha ar an saol ó thosaigh sí sa choláiste i 2019. An uair sin nuair a bhí sí ag míniú do dhaoine go raibh céim trí Ghaeilge á dhéanamh aici, bhíodh daoine ag áiteamh uirthi ná raibh aon tairbhe leis an nGaeilge agus gur fhearr di cloí le teanga idirnáisiúnta eile ar nós Mandairis nó Fraincis nó Gearmáinis.

“B’údar frustrachais sin dom ag an am – cén fáth gur shíl daoine go raibh siad i dteideal freagra chomh diúltach a bheith acu ar mise a rá leo cad a raibh mise ag roghnú le déanamh.

“Anois is scéal éagsúil é, nuair a deirim leo go bhfuilim ag obair trí Ghaeilge, deir siad go bhfuil sin ‘so cool’ agus ba bhreá liom bheith ábalta rud éigean mar sin a dhéanamh, an Ghaeilge a labhairt níos fearr.”

irish-9781507225158_hr (1) Tá an leabhar á fhoilsiú agus á dháileadh ag Simon & Schuster mar chuid dá sraith, Speak the World. Simon & Schuster Simon & Schuster

Níl sí ag mothú an fhrustrachais sin anois agus ní raibh an mothú sin aici le fada. Ní iontas an méid sin mar go bhfuil beagnach 40,000 leantóir aici ar Tik Tok agus tá sí gnóthach agus, gach rud san áireamh, tá sí ag saothrú slí beatha chun gur féidir léi na billí a íoc

“Tá mo ‘day jab’ agam agus tá mo jab féin agam leis sna meáin shóisialta agus an Ghaeilge a chur chun cinn.”

Anuas ar na deiseanna, tá sí cúramach freisin faoina híomhá ar líne. Mar a deir sí:

“Tá jabanna éagsúla diúltaithe agam de bharr go bhfuil mé ag iarraidh m’íomhá a chosaint agus m’íomhá ó thaobh na Gaeilge de a chosaint.

“Tá mé cinnte go bhféadfainn b’fhéidir tuilleadh airgid a thuilleamh uaidh rudaí eile a dhéanamh ach níl suim agam féin ann.

“De bharr go bhfuil gairm proifisiúnta agam sna meáin chomh maith ach gabhann siad taobh an taobh, tá deiseanna tagtha agam.”

Agus tugann sin ar ais go dtí an leabhar sinn. Tá “Irish, History and Culture Through Language” ar fáil sna siopaí anois. Is féidir teacht ar Laura Pakenham freisin ar Tik Tok.

Tá tacaíocht á fháil ag Beartas Gaeltachta The Journal ón Scéim Tuairiscithe ar Dhaonlathas Áitiúil 

Readers like you are keeping these stories free for everyone...
A mix of advertising and supporting contributions helps keep paywalls away from valuable information like this article. Over 5,000 readers like you have already stepped up and support us with a monthly payment or a once-off donation.

Close
Comments
This is YOUR comments community. Stay civil, stay constructive, stay on topic. Please familiarise yourself with our comments policy here before taking part.
Leave a Comment
    Submit a report
    Please help us understand how this comment violates our community guidelines.
    Thank you for the feedback
    Your feedback has been sent to our team for review.

    Leave a commentcancel

     
    JournalTv
    News in 60 seconds