Sign in. It’s quick, free and it’s up to you.
An account is an optional way to support the work we do. Find out more.
Sign in. It’s quick, free and it’s up to you.
An account is an optional way to support the work we do. Find out more.
This article was brought to you by our new Gaeltacht team. For an English version, please click here
TÁ “A LÁN Gaeilge” ag an té a bheidh á nochtadh ag an deireadh seachtaine mar rogha Shinn Féin do thoghchán na hUachtaránachta, thug Mary Lou McDonald le fios an tseachtain seo ag Comórtas na Treabhdóireachta.
Agus ceannaire Shinn Féin ag labhairt le tuairisceoir Tús Áite ó RTÉ RnaG faoina tuiscint ar an gceist, ar chóir Ghaeilge a bheith ag an Uachtarán, bhí an méid seo le rá ag McDonald:
Tá sé níos fearr má tá Gaeilge ag an Uachtarán ach an rud is tábhachtaí ná go mbeadh suim ag an Uachtarán i nGaeilge, sin an rud is tábhachtaí i mo thuairim.
Agus í ag tabhairt freagra ar an gceist cé acu an raibh Gaeilge ag an iarrthóir a bheadh Sinn Féin ag roghnú nó ag tacú leo, dúirt McDonald go raibh “a lán Gaeilge” ag an iarrthóir.
Chuir an raiteas sin le tuairimíocht go mbeadh Sinn Féin ag tacú leis an dTeachta Dála ó Ghaillimh Thiar, Catherine Connolly, atá ag seasamh mar iarrthóir neamhspleach ach le tacaíocht ós na Daonláthaigh Soisíalta, Páirtí an Lucht Oibre agus Pobal Roimh Brabhús ach d’eascair rafla as go mbeadh uachtarán Chumann Lúthchleas Gael, Jarlath Burns, á roghnú mar iarrthóir ag an pháirtí.
Thug Burns an t-éitheach don tuairimíocht sin agus dúirt sé le The Journal gur tháinig tairiscint ina threo a ainm a chuir sa reicneáil ach mhínigh sé ná raibh sé ag iarraidh dul chun tosaigh.
Ainm eile atá á lua mar rogha a dhéadfadh dul chun tosaigh do Shinn Féin is ea urlabhraí áirgídís an pháirtí, Piaras Ó Dochartaigh. De bhunadh Ghaoth Dobhair i nGaeltacht Thír Chonaill é an Dochartach agus tá sé luaite roinnt uaireanta leis an deis seo ach tá seans go bhfagfadh a imeacht bearna ró mhór ar bhinse tosaigh an pháirtí.
Is cinnte go bhfuil áit níos lárnaí ag an nGaeilge sa toghchán seo ná mar a bhí toghcháin eile don Uachtaránacht. Tá na hiarrthóirí uile atá ainmnithe tar éis ceisteanna a fhreagairt ós na meáin agus iad ag caint ar a gcumas sa Ghaeilge.
Dúirt Jim Gavin atá roghnaithe ag Fianna Fáil go raibh sé dearfach i leith na Gaeilge, go raibh sé tar éis freastal ar chúrsaí Samhraidh le linn a óige agus go raibh ‘cúpla focal’ aige.
Maidir le hiarrthóir Fhine Gael, Heather Humphreys, tá sise tar éis a rá go bhfoghlaimeodh sí Gaeilge dá dtoghfaí í. Thug Gareth Sheridan, iarrthóir neamhspleách atá tacaíocht faighte aige ó Chomhairlí Chontae i gCiarraí agus i dTiobraid Árainn, le fios go raibh sé ag glacadh le ranganna Gaeilge.
Ní fios cad é an cumas atá ag Maria Steen, iarrthóir neamhspleách eile atá ag iarraidh tacaíocht a fháil ó bhaill den Oireachtas.
Thug ceannasaí TG4, Deirdre Ní Choistín, le fios nach mbeadh an stáisiún ag reáchtáil diospoóireacht idir na hiarrthóirí i mbliana. Bhí díospóireacht idir na hiarrthóirí i 2011 – cé nach raibh ach cainteoir líofa Gaeilge amháin ina measc – Michael D. Ó hUigín.
Cheistigh Catherine Connolly an cinneadh ag an gcraoltóir Gaeilge.
Tá sé aisteach go mbeadh cinneadh déanta ag TG4 gan díospóireacht a thionóil go háirithe nuair nach bhfuil na hiarrthóirí ar fad fós ainmnithe.
Chomh fada agus a bhaineann sé le Conradh na Gaeilge, is “deis caillte” gan díospóireacht a reáchtáil, thug Ard Rúnaí an Chonartha le fios do The Journal.
Má roghnaíonn Sinn Féin iarrthóir le Gaeilge ón bpáirtí, méadóidh sé an bhrú ar TG4 féachaint arís ar a gcinneadh faoin ndíospóireacht.
Tá tacaíocht á fháil ag Beartas Gaeltachta The Journal ón Scéim Tuairiscithe ar Dhaonláthas Áitiúil
To embed this post, copy the code below on your site
have your say