Sign in. It’s quick, free and it’s up to you.
An account is an optional way to support the work we do. Find out more.
Sign in. It’s quick, free and it’s up to you.
An account is an optional way to support the work we do. Find out more.
You can read this article in English here
BHÍ RÁITIS BHRÉAGACHA á roinnt go fairsing ar líne ina maítear go bhfuil daonra Moslamach in Éirinn anois atá níos mó ná líon na ndaoine atá ina gcónaí i gceantair Ghaeltachta.
Bhí na ráitis sin ag dul thart ón 14 Deireadh Fómhair, nuair a roinn roinnt cuntas ar X grafaic ina raibh léarscáil na hÉireann taispeánta agus na réigiúin Ghaeltachta dá cuid aibhsithe i ndath glas.
Bhí dhá staitistic sa ghrafaic freisin: ceann amháin a dúirt “Daonra na Gaeltachta 106,000 agus ceann eile a dúirt “Daonra Moslamach: 112,000″.
Ach tá an figiúr a bhaineann le daonra Moslamach na hÉireann mícheart, áfach.
De réir na Príomh-Oifige Staidrimh (CSO), bhí 81,930 Moslamach in Éirinn nuair a rinneadh daonáireamh 2022.
Taispeántar i dtorthaí an Daonáirimh chéanna go raibh 106,220 duine ina gcónaí i gceantair Ghaeltachta i nDún na nGall, i Maigh Eo, i nGaillimh, i gCiarraí, i gCorcaigh, i bPort Láirge agus sa Mhí.
Taifeadadh 1,873,997 duine freisin ar fud na tíre iomláine agus iad ag rá go raibh siad in ann an Ghaeilge a labhairt, coibhéiseach le timpeall 40% de dhaonra iomlán na hÉireann níos sine ná trí bliana d’aois.
Níl staitisticí ar bith ar fáil maidir le líon na Moslamach in Éirinn atá ina gcónaí i gceantair Ghaeltachta, nó maidir le líon na Moslamach in Éirinn atá ina gcainteoirí Gaeilge; ní dhéanann an Phríomh-Oifig Staidrimh an leibhéal crostagartha sin a éascú.
Tugtar tacaíocht do theoiric chomhcheilge an Ionadaithe Mhóir leis an maíomh sin, rud a mhaíonn go bhfuil daoine geala, dúchasacha san Eoraip á n-ionadú ag imircigh neamhgheala, agus iad ina ndaoine Arabacha nó Afracacha go minic, agus go bhfuil sé sin á bheartú ag grúpa scothaicmí cumhachtacha.
Bíonn sé sin ina ghné go minic de mhífhaisnéis faoi Mhoslamaigh agus faoi dhaoine neamhgheala, agus nuair a mhaítear freisin go bhfuil cultúr nó oidhreacht tíre dúchasaí ‘á scriosadh’ ag inimirce nó ag éagsúlacht.
Roinneadh an íomhá ina bhfuil na staitisticí míchearta arís agus arís eile ó rinneadh í a phostáil den chéad uair ar na meáin shóisialta.
Ar X, áit ar thosaigh an maíomh de réir dealraimh, breathnaíodh ar phostálacha ina bhfuil an íomhá níos mó ná 200,000 uair.
Roinneadh an íomhá freisin go mion minic ar Facebook agus ar Instagram, agus taispeánann anailísíocht Meta gur breathnaíodh uirthi go carnach níos mó ná deich míle uair ar an dá ardán.
Tugadh na staitisticí míchearta arís ar Gemini fiú, uirlis forbhreathnaithe IS Google tar éis do The Journal a fhiafraí ar Google cé acu an raibh Moslamaigh níos líonmhaire ná daoine ina gcónaí i gceantair Ghaeltachta.
Ach níl aon fhoinse chóir ann, áfach, don mhaíomh go raibh níos mó ná 106,000 Moslamach ina gcónaí in Éirinn sa bhliain 2022.
Tá FactCheck de chuid The Journal ina shínitheoir de Chód Prionsabal an Líonra Seiceála Fírinne Idirnáisiúnta. Is féidir leat é a léamh anseo. Le haghaidh faisnéis a fháil faoin dóigh a n-oibrítear FactCheck, an bhrí a bhaineann leis na breithiúnais, agus conas is féidir leat páirt a ghlacadh, féach ár dTreoir do Léitheoirí anseo. Is féidir leat léamh faoi fhoireann na n-eagarthóirí agus na dtuairisceoirí a oibríonn ar sheiceáil na fírinne anseo.
The Journal’s FactCheck is a signatory to the International Fact-Checking Network’s Code of Principles. You can read it here. For information on how FactCheck works, what the verdicts mean, and how you can take part, check out our Reader’s Guide here. You can read about the team of editors and reporters who work on the factchecks here.
To embed this post, copy the code below on your site
have your say