Sign in. It’s quick, free and it’s up to you.
An account is an optional way to support the work we do. Find out more.
Sign in. It’s quick, free and it’s up to you.
An account is an optional way to support the work we do. Find out more.
(This article is produced by our Gaeltacht team. You can read an English version of this piece here)
AGUS MÓR-FHÉILE MOSLAMACH á ceiliúradh ag ócáid ar leith i bPáirc an Chrócaigh Dé Céadaoin, baineadh úsáid as an nGaeilge den chéad uair chun páidir thábhachtach an chreidimh, Takbir ul-Adha, a fhógairt.
Dar le cathaoirleach Chomhairle Moslamaigh na hÉireann, an Shaykh Dr Umar Al-Qadri, níorbh é seo an chéad uair a baineadh úsáid as an nGaeilge ag ceiliúradh Eid na Moslamach ach mhínigh sé go raibh sé stairiúil gur baineadh úsáid as an nGaeilge chun an phaidir seo a rá den chéad uair.
“Tháinig an Chríostaíocht ón Meán Oirthear agus ba in Aramáis a labhair siad ar dtús agus ansan, go mall, bhí na Bíoblaí á n-aistriú,” dúirt sé. “Samhlaigh an chéad aistriú ar an mBíobla go Gaeilge – tá sé cosúil leis an aistriú den phaidir seo go Gaeilge.”
Dúirt an Shaykh Al-Qadri go mbíonn dhá Eid i gcaitheamh na bliana -Eid chun deireadh ar Ramadan, mí throscadh na Moslamach a tharla dhá mhí ó shin, agus Eid ul-Adha chun comóradh a dhéanamh ar an eachtra ina n-iarrann Dia ar Abrahám a mhac Isaac a íobairt in ómós dó, eachtra a chuirtear síos uirthi sa Bhíobla Naofa. B’é Eid ul-Adha a bhí á cheiliúradh an tseachtain seo.
“Is mar sin a shroicheann tú croíthe agus go ndéanann tú nascanna agus, dar liomsa, is teanga álainn í,” dúirt sé.
Chomh maith le sin, ní mór a aithint gur beag nár cuireadh ar neamhní í mar gheall ar choilíniú agus tá coilíniú tar éis tionchar a bheith aige ar thíortha Moslamacha ar fud na cruinne agus tuigimid na tionchair sin – agus is rud é sin atá i bpáirt againn le chéile.
Dúirt sé freisin gur bealach ab ea foghlaim teanga chun tiomantas a léiriú in éadan na héagóra agus ar son na tíre a thugann Moslamaigh na hÉireann “baile” uirthi le blianta.
Thug sé le fios go mbíonn sé ag baint úsáide as beannachtaí ar nós ‘Dia dhaoibh/Dia dhuit’ go minic agus é ag cur fáilte roimh chuairteoirí ag an lárionad atá ag an bpobal Moslamach sa Chúil Mhín i mBaile Átha Cliath.
Tá tacaíocht á fháil ag Beartas Gaeltachta The Journal ón Scéim Tuairiscithe ar Dhaonlathas Áitiúil
To embed this post, copy the code below on your site
have your say