We need your help now

Support from readers like you keeps The Journal open.

You are visiting us because we have something you value. Independent, unbiased news that tells the truth. Advertising revenue goes some way to support our mission, but this year it has not been enough.

If you've seen value in our reporting, please contribute what you can, so we can continue to produce accurate and meaningful journalism. For everyone who needs it.

Cad é an rún faoi rath shobal-dhráma TG4 Ros na Rún?

Ní bhíonn toghcháin ná galair dhomhanda ná streachailt teanga i Ros na Rún ach bíonn go leor drámaíocht ar shobal dráma TG4 atá ina 30ú sraith an bhliain seo.

This article was brought to you by our new Gaeltacht team. For an English version, please click here.

TÁ TÚS CURTHA le seachtainí beaga anuas leis an 30ú sraith de Ros na Rún ar ár scáileáin agus is casta an bóthar a thug chomh fada le seo an sobal, é níos láidre agus níos lárnaí i saol na hÉireann ná mar a bhí sé nuair a thosnaigh an turas.

Gach Máirt agus Déardaoin ag 8.30in, is sa sráidbhaile beag Gaeltachta 10 km ó chathair na Gaillimhe a tharlaíonn gach sórt dráma, Bíonn lánúineacha de gach aois ag titim i ngrá, seandaoine dóite agus an saol á gcrá, drongadóirí agus bagairtí báis agus gach uile shórt droch chás.

Agus níl sa mhéid sin ach achoimre ar an eagrán is déanaí as breis is 1,000 clár atá craolta ó thús an aidbhintiur, Mí na Samhna 1996.

Tá casadh nua tagtha ar an mbóthar ann seachtain seo nó aithníodh go mbíonn go leor ag faire ar an dráma tríd seinnteoir TG4, beidh lucht leanta an tsobail ábalta bheith in éineacht lena pobal gach Luan agus Céadaoin nó beidh eagráin na seachtaine á n-eisiúint ar sheinnteoir TG4 lá roimh don eagrán bheith craolta ar an teilifís.

Léiriú é sin, b’fhéidir, ar go leor athruithe atá tagtha ar an saol ón am ar thosnaigh an tsraith tráth ná raibh aon chaint ar chláracha theilifíse bheith ar fáil ar an idirlíon ar riomhairí agus gutháin póca.

Sa tréimhse chéanna tá athruithe le tabhairt faoi ndeara i Ros na Rún – siar i 1996 b’é Tigh Thaidhg, an tábhairne áitiúil, an áit a dtagadh an pobal le chéile.

Tá sé níos cosúla le bruach baile i gcathair ar imeall na Gaeltachta anois ná mar a bhí an uair sin fadó. Is fada é ón íomhá atá ag roinnt ar phobal Ghaeltachta, pobal a shamhlaíonn siad le cruatan is bochtanas. Tá an ré sin thart agus bíodh a fhios acu go bhfuil muintir Ros na Rún á mbeathú i ré an chaifé agus bistró!

Fadó is imirce a bhí ag bánú na Gaeltachta – agus tá go leor den aos óg ag tabhairt a n-aghaidheanna thar sáile go fóill – ach anois tá na Poncánach ag teacht ar ais. Ghlac duine de réaltaí móra theilifíse Mheiriceá, Conan O’Brien, páirt bheag sa tsraith chúpla bliain ó shin agus roimhe sin bhí an t-aisteoir Briotanach, Stephen Fry, páirteach.

river-1 Bhí an laithreoir teilifíse Meirceánach Conan O'Brien i measc na n-aíonna mór le rá a raibh páirt acu i Ros na Rún.

Is áit ar leith é Ros na Rún, mar sin féin. Is pobal Gaeltachta atá ann gan amhras agus níl aon cheist ach gur pobal atá ann agus an Ghaeilge i dtreis ann. Fiú is go bhfuil pobail Ghaeltachta ar fud na tíre ag streachailt le go mairfeadh an Ghaeilge mar theanga an phobail, ní léir go bhfuil seo ag titim amach i Ros na Rún. Níl aon Oifigeach Pleanála Teanga ag eagrú ranganna Gaeilge is imeachtaí eile i measc na gcarachtair sa chliar.

Agus ní bheidh aon leid sna heagráin as seo go deireadh na míosa seo chugainn go bhfuil toghchán d’Uachtarán na hÉireann ar siúl sa tír.

Is gnáth chleachtas é seo ar shobail dhrámaí ar fud na cruinne – ar Shráid Coronation nó Summer Bay – an drámaíocht a bhunú ar an sall agus anall idir na carachtair agus a mbuanna agus a laigí féin seachas ar chúinsí sa saol ina maireann an lucht féachana. Den saol céanna iad ar go leor bealaí – ach is saol ósréalaíoch é saol an tsobail, agus ní haon eisceacht phobal Ros na Rún.

Mar a mhíníonn Máire Éilís Ní Fhlatharta, tá aithne againn uirthi mar Chaitríona Ní Loideán i Ros na Rún, carachtair atá ann ón gcéad eagrán, is le héalú ón bhfíor saol liath agus gruama a bhíonn againn go léir a théimid ar chuairt go Ros na Rún gach Máirt agus Déardaoin. Aithníonn sí, áfach, gur féidir leis an saol i Ros na Rún bheith gruama a dhóthain ó am go ham freisin – is cinnte go mbíonn go leor drámaíocht ann.

“Is ag rith ó rudaí réalaíoch atá daoine – fós féin déanaimid tagairt do rudaí a d’fhéadfadh bheith ag tarlú i ngnáthshaol dhaoine, gnáth rudaí a tharlaíonn i saol gach duine.

Nuair a bhí an phaindéim i réim in Éirinn agus go domhanda, ní raibh tásc ná tuairisc ar an aicíd i Ros na Rún. Thug Noreen d’Arcy, atá i mbun caidrimh phoiblí ar son Ros na Rún, ‘cinneadh cróga’ ar seo.

“Cinneadh iontach láidir agus maith a rinne Ros na Rún agus bhí an lucht féachana thar a bheith sásta nach raibh siad ag breathnú ar mhaisc aghaidheanna agus ag éisteacht le caint faoi Covid mar bhí siad ag iarraidh éalú uaidh,” arsa Noreen.

De bharr cúram lucht léirithe an chláir, áfach, ní raibh aon chás den aicíd ag aon duine ar an seit. Is cuimhin le Máire Éilís go raibh slat dhá mhéadar ar fhaid acu le cinntiú go raibh fáid sábháilte idir na carachtair.

Tá go leor ábhair eile ann chun an slua a mhealladh – agus de réir gach slat tomhas, tá Ros na Rún ag déanamh an ghnó do TG4 agus lucht féachana sa bhreis ar 150,000 ag amharc ar an tsraith dhráma Ghaeilge lonnaithe sa Ghaeltacht.

Carachtair láidre a thugann daoine ar ais arís agus arís go dti Ros na Rún. Seo mar a mhíníonn Máire Éilís/Caitríona an scéal:

“Mar a deirtear tá chuile dhuine maith in ann a bheith gránna agus tá chuile dhuine gránna ábalta bheith go deas – so tá sé sin ag baint le na carachtair ar fad.

“Scéalaíocht, drámaíocht, is rudaí a bhíonn ar siúl, go hiondúil téann siad gar don chnámh do dhaoine agus an saol atá siad féin ag caitheamh.

 “Ach déantar na scéalta amach bliain chun cinn so tá sé an deacair a bheith suas chun dáta uiliog an t-am ar fad ach éiríonn go breá linn táim ag ceapadh leis an uile charachtair atá againn san an sobal.”

As an dream a chuireamar aithne orthu an chéad uair a craoladh an dráma, go gairid tar éis gur bunaíodh TG4 – Teilifís na Gaeilge mar a bhí – ar Oíche Shamhna 1996, níl ach cúigear fágtha sa dráma agus duine acu san is ea Caitríona Ní Loideáin – ról ina bhfuil an t-aisteoir áitiúil ón Spidéal, Máire Éilís Ní Fhlatharta. Is iad an ceathrar eile ná Macdara Ó Fátharta (Tadhg Ó Direáin an tábhairneoir), Josie Ó Cualáin (Mícheál Seoighe), Berni Ní Neachtain

An uair úd ba í Caitríona an tuairisceoir óg leis an Raidió Pobail, cíocrach don scéal, ag cúléisteacht leis na comharsana agus ag súil le héalú chun clú agus cáil a bhaint amach sa domhan mór.

“Bhí sí ag obair mar iriseoir óg cineál, le neart fuinnimh agus bhí sí ag iarraidh gach uile scéal a fhiosrú, bhí sí ar nós súile agus cluasa i gach uile áit, bhí sí sáite i gach uile scéal, sin an sórt duine a inti.

“Bhí sí le feiceáil i ngach uile áit, ag cúl éisteacht go minic, sa siopa, sa phub, ar an tsráid, gach uile áit agus bhí sí sáinnithe i gach uile scéal, sin a raibh á dhéanamh aici mar iriseoir ar feadh cuid mhaith blianta agus tar éis píosa d’fhág sí an raidió ach chuaigh sí ar ais arís.

“Rinne sí iarracht fágáil cúpla uair – bhí sí ag iarraidh bheith mar iriseoir cáiliúil ach fuair sí amach an sciobtha gur ‘big fish in small pond’ í agus is iasc an beag í amuigh sa saol mór.”

Má thosnaigh Ros na Rún amach i 1996 ina hiasc beag i ndomhan theilifíse na hÉireann, níl sin amhlaidh níos mó. I 1996 b’iad Glenroe agus Fair City na héisc móra ar RTÉ agus bhí aird ar sobail na Breataine, leithéidí EastEnders, Emmerdale agus Coronation Street Neighbours is Home & Away na hAstráile. Tá Ros na Rún ag snámh gan fáitíos sna huiscí céanna anois agus bíonn go leor aird ar na tarlúintí ann sna meáin freisin.

Bíodh is go bhfuil lánúineacha aeracha le feiceáil ar go leor de na sraitheanna seo anois, is i Ros na Rún a tharla an chéad phóg idir beirt fhear aeracha ar chainéal teilifíse Éireannach thiar i 1997. Is cinnte gur bhris sé sin an múnla ach chloígh sé le sár chaighdeáin an chláir sa mhéid is gur tháinig an phóg ós na carachtair féin agus a ndráma pearsanta seachas ó riachtanas bheith sa tóir ar cheannlínte.

Tá lucht féachana Ros na Rún dílis agus ag fás. Tá an dráma ag baint an fhómhair, b’fhéidir, ón tsuim múscailte sa Ghaeilge agus sa Ghaeltacht ach is cuid é Ros na Rún féin den chúis go bhfuil níos mó suime sa teanga.

Tá séasúr nua ag síneadh rompu agus foireann scripte na sraithe ag obair ar sraith 31 cheana féin. Leanann an dráma ar aghaidh.

Tá tacaíocht á fháil ag Beartas Gaeltachta The Journal ón Scéim Tuairiscithe ar Dhaonláthas Áitiúil

Readers like you are keeping these stories free for everyone...
A mix of advertising and supporting contributions helps keep paywalls away from valuable information like this article. Over 5,000 readers like you have already stepped up and support us with a monthly payment or a once-off donation.

Close
Comments
This is YOUR comments community. Stay civil, stay constructive, stay on topic. Please familiarise yourself with our comments policy here before taking part.
Leave a Comment
    Submit a report
    Please help us understand how this comment violates our community guidelines.
    Thank you for the feedback
    Your feedback has been sent to our team for review.

    Leave a commentcancel

     
    JournalTv
    News in 60 seconds