We need your help now

Support from readers like you keeps The Journal open.

You are visiting us because we have something you value. Independent, unbiased news that tells the truth. Advertising revenue goes some way to support our mission, but this year it has not been enough.

If you've seen value in our reporting, please contribute what you can, so we can continue to produce accurate and meaningful journalism. For everyone who needs it.

Níl teacht ar pháistí ó thuaidh ar Bluey as Gaeilge ar sheinnteoir RTÉ mar gheall ar shrianta a bhaineann le ceartaí craolacháin. Conor McCabe

Mí-shástacht faoi Bluey as Gaeilge bheith teorannta don lucht féachana RTÉ ó dheas

Tá aithne ar Bluey ar fud na cruinne ach níl an leagan Ghaeilge den sraith ar fáil i dTuaisceart Éireann mar gheall ar shrianta a bhaineann le cearta craolacháin

(This article is produced by our Gaeltacht team. You can read an English version of this piece here)

CUIREADH CÉAD MÍLE fáilte roimh an fhógra cúpla seachtain ó shin go raibh leagan as Gaeilge de Bluey le craoladh ar RTÉ Junior ach anois tá gearán á dhéanamh nach bhfuil an leagan Gaeilge den tsraith faoin gcarachtar cartúin ón Astráil le feiscint ó thuaidh den teorainn chomh maith céanna.

Mura bhfuil a fhios agat cé hí Bluey, is í an madraín beag is mó a mheallann lucht féachana i measc páistí na cruinne agus tá leagan Gaeilge den chlár le feiscint ar RTÉ Junior le seachtainí beaga anuas.

Bhí bainisteoir abhcóideachta Chonradh na Gaeilge i dTuaisceart Éireann, Pádraig Ó Tiarnaigh, ar saoire lena chlann i nGaeltacht Thír Chonaill agus bhí an áthas ar a bheirt iníonacha go raibh Bluey ar an teilifís agus go raibh sí ag labhairt as Gaeilge.

“Chaith muid féin tréimhse dheas i dTír Chonaill ar na mallaibh agus bhain mo cháilíní óga, atá trí bliana d’aois, an-sult go deo as Bluey ina dteanga féin Luan na Cásca,” dúirt sé le The Journal.

“Ar theacht abhaile go Béal Feirste dúinn rinne muid iarracht teacht air ar líne agus cuireadh in iúl nach raibh sé ar fáil.

“‘Cá bhfuil Bluey?’ a d’fhiosraigh na cáilíní liom. Agus tharlaigh an rud céanna dúinn le Dora ar Cúla4 roimhe seo.”

An chúis go bhfuil Bluey — agus Dora roimhe — cosctha ar sheinnteoirí RTÉ agus TG4 faoi sheach ná go gcaitear le Tuaisceart Éireann agus Poblacht na hÉireann mar dhá dhlínse éagsúil ó thaobh cearta craolacháin agus cuirtear san áireamh ansan cearta sruthaithe ar sheinnteoirí na gcraoltóirí.

I bhfreagra ar fhiosrú ó The Journal dúirt urlabhraí ó RTÉ nach raibh an tsraith ar fáil ar sheinnteoir an chraoltóra i dTuaisceart Éireann mar gheall ar “shrianta cearta.”

“Beidh Bluey as Gaeilge ar fáil ar RTÉ 2 níos déanaí an samhradh seo agus tá sin ar fáil ar gach ardán i dTuaisceart Éireann,” dúirt an urlabhraí.

Dúirt Ó Tiarnaigh, áfach, gur “údar náire” don gcraoltóir ab ea an srian seo ar Bluey as Gaeilge a bheith ar fáil ar sheinnteoir an chraoltóra ó thuaidh.

“Tá sé scannallach, beagnach 30 bliain ar aghaidh ó Chomhaontú Aoine an Chéasta, go bhfuil RTÉ iad féin ag déanamh socruithe clár teilifíse a cheannach agus a chur ar fáil trí Ghaeilge, agus ansin bac a chur ar an gclár sin do phobal na Gaeilge atá lonnaithe sna sé chontae,” dúirt sé.

“Is cinnte go mbeadh tuiscint mhaith acu go mbeadh an rachairt agus an t-éileamh céanna air i measc páistí óga ó thuaidh agus atá ó dheas.

“B’fhearr do RTÉ agus do TG4 comhionannas seirbhísí a chur ar fáil ó thuaidh in áit páistí agus teaghlaigh atá ar a míle dícheall teacht ar ábhar siamsúil trí Ghaeilge a chur ó dhoras de dheasca conarthaí craoltóireachta atá saincheaptha do na 26 contae amháin,” dúirt Ó Tiarnaigh.

“Tá muid tinn tuirseach de chainéil agus craoltóirí ag caitheamh linn mar shaoránaigh den dara grád. Cuirtear deireadh leis an gcríochdheighilt Ghaeilge. Bluey ó thuaidh anois.”

I gComhaontú Aoine an Chéasta sa ré réamhshruthaithe i 1998, foráladh go ndéanfaí iarracht srianta a dhéanfadh díspreagadh nó a bheadh ina chonstaic ar chothú agus ar fhorbairt na teanga a bhaint ar shiúl. Foráladh freisin go n-oibreodh Rialtas na Breataine chun teacht ar sheirbhís ar Theilifís na Gaeilge (mar a bhí, TG4 anois) ó thuaidh.

Dúirt ceannaire an SDLP, Claire Hanna, le The Journal gur thuig sí go raibh ceist na gcearta craoltóireachta casta agus gur thuig sí na castachtaí sin ach gur oileán amháin í Éire.

“Is feiniméan cultúrtha í Bluey, clár teilifíse a thógann croithe tuismitheoirí agus páistí araon mar go n-aithníonn siad iad féin ann.

“Tá an spéis chéanna ag teaghlaigh ó thuaidh a úsáideann an Ghaeilge is atá ag teaghlaigh ó dheas Bluey as Gaeilge a fheiscint agus tá sé cruthaithe go gcuidíonn sé le forbairt teanga bheith ag faire ar ábhar ag an aois óg sin.

“Tá cúnamh tugtha ag Bluey do ghlúin iomlán tuiscint a fháil ar thuismitheoireacht agus bheadh go leor ar bís é seo a amharc as Gaeilge.”

Tá tacaíocht á fháil ag Beartas Gaeltachta The Journal ón Scéim Tuairiscithe ar Dhaonlathas Áitiúil.

Readers like you are keeping these stories free for everyone...
A mix of advertising and supporting contributions helps keep paywalls away from valuable information like this article. Over 5,000 readers like you have already stepped up and support us with a monthly payment or a once-off donation.

Close
Comments
This is YOUR comments community. Stay civil, stay constructive, stay on topic. Please familiarise yourself with our comments policy here before taking part.
Leave a Comment
    Submit a report
    Please help us understand how this comment violates our community guidelines.
    Thank you for the feedback
    Your feedback has been sent to our team for review.

    Leave a commentcancel

     
    JournalTv
    News in 60 seconds