Sign in. It’s quick, free and it’s up to you.
An account is an optional way to support the work we do. Find out more.
Sign in. It’s quick, free and it’s up to you.
An account is an optional way to support the work we do. Find out more.
(This article is produced by our Gaeltacht team. You can read an English version of this piece here.)
TÁ GÉARÚ AS an nua ar an bhfeachtas chun go mbeadh rochtain níos fearr ar TG4 ó thuaidh den teorainn, beagnach 30 bliain tar éis gur thug Rialtas na Breataine i gComhaontú Aoine an Chéasta coimitmint go bhfiosródh siad na féidireachtaí go mbeadh teacht forleathan ar an gcainéal i dTuaisceart Éireann.
De réir Claire Hanna, ceannaire an SDLP, tá feachtas á rith le go mbeadh TG4 ar fáil ag Cainéal 8 ar Freeview, comhionann an Tuaiscirt de Saorview. Faoi láthair tá TG4 ar fáil ag 53 nó, ag brath ar na cúinsí, idir 51-53.
Ciallaíonn sin go bhfuil TG4 – in éineacht le RTÉ 1 agus RTÉ 2 – thíos ar threoir leictreonach na gcláracha ar chúl cainéalacha athchraoltaí ar nós Great Mystery, Ideal World agus Great Romance.
Tá cainéal 8 folamh faoi láthair agus tá súil ag an fheisire Westminster le h-aghaidh Béal Feirste Theas go mbeidh TG4 ábalta an bearna sin a lionadh.
Dar léi, tá an Aire Stáit le freagracht na craoltóireachta i Rialtas na Breataine, Ian Murray, ag léiriú go bhfuil suim ag na h-údaráis sa tír sin féachaint ar an gceist arís.
Chuir sí fáilte le seo ach dúirt sí go raibh
“Ag cur san áireamh gurb í an Ghaeilge ainnir na h-uaire trasna an oileáin seo agus níos faide i gcéin, is deis tábhachtach í seo chun athchuairt a thabhairt ar an gceist,” dúirt sí.
Tá dul chun cínn suntasach -cé go bhfuil sé thar am – déanta maidir le h-aitheantas don nGaeilge i dTuaisceart Éireann le blianta beaga anuas.
“Chuirfeadh stadas oifigiúil do TG4 in iúl go raibh céim tábhachtach chun tosaigh eile glactha ag pobal na Gaeilge, céim a chiallódh go raibh an rochtain céanna acu ar na meáin craolta agus cainteoirí dúchais eile trasna Éirinn agus na Ríochta Aontaithe.”
I gComhaontú Aoine an Chéasta, a shínigh na pairtithe ó thuaidh maraon le Rialtais na Breataine agus na hÉireann, gheall Príomh Aire na Breataine ag an am, Tony Blair, go ndéanfadh na h-údaráis sa Ríocht Aontú fiosrú ar an bhféidireacht go mbeadh rochtain fhorleathan ar an gcainéal Ghaeilge.
Bhí go leor moille ar an bpróiséas sin agus cuireadh bac leis an rochtain ar TG4 go minic ó shin. Roimh 1998 agus sa ré analógach, bhí teacht ar TG4 ach aeróg speisíalta a chuir in airde ar do theach ach, le teacht an ré dhigitigh sa chraoltóireacht, cothaíodh deacrachtaí nua ar nós geo-blocáil agus sin rud atá SDLP ag obair chun iad a réiteach freisin.
I ráiteas ón Roinn Cultúr Meán agus Spórt i Londain, dúirt urlabhraí gur thacaigh Rialtas na Breataine le craoltóireacht sheirbhís phoiblí trí Ghaeilge i dTuaisceart Éireann.
Táimíd tar éis a bheith soiléir go ndéanfaimíd ár machnamh faoi TG4.a chur ar liosta na gcainéalacha sheirbhís phoiblí le go mbeadh rochtain níos éasca air.
“Rachaimíd i mbun a thuilleadh comhráití agus táimíd dóchasach go mbeidh breis dul chun cínn níos déanaí i mbliana.”
To embed this post, copy the code below on your site
have your say