Sign in. It’s quick, free and it’s up to you.
An account is an optional way to support the work we do. Find out more.
Sign in. It’s quick, free and it’s up to you.
An account is an optional way to support the work we do. Find out more.
(This article is produced by our Gaeltacht team. You can read an English version of this piece here)
BEIDH DHÁ SCANNÁN as Gaeilge le feiceáil i bpictiúrlanna ar fud na tíre ón seachtain seo chugainn ar aghaidh, leagan Ghaeilge de SpongeBob an Scannán: Cá bhfuil SquarePants? agus an scannán Ghaeltacht noir, Báite.
Is é seo an chéad uair ó scaipeadh an scannán Fidil Ghorm anuraidh agus, roimhe sin, Kneecap i 2024 go bhfuil scannán Ghaeilge á dháileadh i bpictiúrlanna ar fud na tíre. D’éirigh leis an scannán faoi ghrúpa rapcheol Bhéal Feirste €1.5m a ghiniúint in Éirinn an bhliain sin, an chéad scannán Éireannach a bhain an clochmhíle sin amach ó The Banshee of Inisherin.
Tá an dhá scannán nua á eisiúint agus tús á chur le Seachtain na Gaeilge an Domhnach seo chugainn. Máireann Seachtain na Gaeilge seacht lá déag, ó 1-17 Márta.
Is beag is gá Spongebob Squarepants a chuir in áithne. Is carachtair é a thug TG4 go hÉirinn agus beidh aithne ag páistí agus ag a dtuismitheoirí ar an fhear spúinse buí a chaitheann brístí aisteacha cearnógacha agus a chónaíonn le cáirde ar nós Patrick agus an Uasal Krabs ar bhun an aigéin i mBikini Bottom.
Sa scannán seo, a bheidh i bpictiúrlanna ar fud na tíre ón deireadh seachtaine seo chugainn, tá SpongeBob agus a chairde ag bualadh bóthair san eachtra scannánaíochta is mó agus is nuaí riamh .
Agus ár laoch go mór ag iarraidh a thaispeáint gur fear mór é, cuireann sé roimhe a chrógacht a chruthú don Uasal Krabs agus é ag leanúint The Flying Dutchman, an foghlaí mara bradach taibhsiúil mistéireach taghdach, ar eachtra grinn mara a thugann é go grinneall na farraige, áit nach ndeachaigh aon Sponge riamh cheana.
Ní cois farraige ach ar bhruach locha saorga atá Báite, a bheidh sna pictiúrlanna ón Aoine, 6 Márta, suite agus siar sa bhliain 1975 atá sé ó thaobh ama. Ciallaíonn sin éadaí atá tagtha ar ais agus imithe as faisean cúpla uair ó shin.
Nuair a thagann corp go barr uisce i loch saorga áitiúil nochtar dúrún dúnmharaithe agus achrann teaghlaigh de réir mar a thosaíonn saol Peggy Casey ag titim as a chéile.
Is é Ruán Magan a stiúir an scannán agus is í Sheena Lambert a scríobh an script, é bunaithe ar a leabhar The Lake. B’é Ruán a stiuraigh go leor de na scannáin ina raibh a dhearthar, Manchan, i ról an taiscéalaí a chuaigh ar fud na cruinne ag déanamh cláracha taistil do TG4.
Bhuaigh Eimear Noone agus Craig Stuart Garfinkle gradam IFTA ag an deireadh seachtaine as an gceol rian a chum siad do Báite.
Dar le h-eagarthóir choimisiúnaithe TG4, Máire Ní Chonláin, is scannán muiníneach atmaisféarach Gaeilge é Báite.
‘Tá sé fréamhaithe go domhain in áit agus i gcarachtair, cuirtear scéal láidir ar an scáileán mór leis agus leagtar béim leis ar shaibhreas scéalaíocht na Gaeilge,” dúirt sí.
Tá tacaíocht á fháil ag Beartas Gaeltachta The Journal ón Scéim Tuairiscithe ar Dhaonlaáthas Áitiúil
To embed this post, copy the code below on your site
have your say